Breagh
—aidiacht.
—breis-chéim a's sár-chéim. breaghcha, breaghaichte, breaghachta. Bíonn na trí leagan sa gceanntar céadna a's go minic ag a' duine céadna. Is deacair a rádh cé acu de'n chéad phéire is coitchiannta, ach níl "breaghachta" an-mhór igceist.
—Urlabhraidheacht: breágh: (a fada) = Cois-Fhairrge a's Conamara ó dheas de bhóthar a' Chlocháin. Breagh: (níl an a gearr amach a's amach, mar tá i "bean" cuirim i gcás): Tuaisceart Chonamara, an t-Achréidh. breógh atá in áiteacha ar an Achréidh, ag sean-daoine imBaile an Mhóintighe, Baile an Chláir, cuirim i gcás)
1.
deas, taithneamhach, dathamhail, slachtmhar, deagh-dhéanta nó deagh-chumta; áirgeamhail, aoibhinn, gnaoidheamhail.
a.
+–
Bean bhreagh (nuair a samhluightear breagh le daoine is iondamhail nach slacht ná dathamhlacht a bhío(nn)s i gceist ach deagh-chumadh nó déanamh an chuirp. Bhéarfaí "fear breagh" ar dhuine a bheadh mór, ascartha, láidir, aindeoin nach mbeadh fhairis sin de dhathamhlacht ann b'fhéidir).
Go mbadh bean bhreagh í do bhean! (cuid de shean-eascainidhe).
TUILLEADH (3) ▼
Síleann sí nach breagh go dtí í = síleann sí go bhfuil sí an-bhreagh.
Síleann sé gur breaghcha (gur breaghaichte) í sin ná Spéir na Gréine.
Síleann sé fhéin, gur breaghcha í sin ná'n ghealach sa meadhon-oidhche.
+–
teach breagh; capall breagh; aimsir bhreagh (aimsir thirm nach mbeadh aon-fhuacht ann)
Tá'n uair bhreagh ar fághail (aimsir bhreagh).
TUILLEADH (5) ▼
Ní mhór an uair bhreagh a thapú. Ní thiubharfa sé uair bhreagh uaidh i gcomhnuidhe.
B'éidir go mbeadh sé indon corruighe mach anois, le toidheacht na h-uaire breagh.
Gheobha tú biseach tigheacht na h-uaire breagh.
Is iomdha cruadhóig thairis a bheidheas orainn, tidheacht na h-uaire breagh.
'Nach truagh mé anois a' scaradh leat tigheacht na h-uaire breagh; Nuair a bheidheas an chuach a' goireamhaint, a's an duilleabhar glas a' fás' (As "Brighid Ní Ghadhra")
·
Tá'n oidhche go breagh (mar dhobhriathar cuirtear go leis, fearacht a lán focal eile "go maith" olc etc.)
Tá sé go breagh indiu (duine a's biseach aige).
+–
Is breagh an píosa cainnte í 'Argóinteacht Oisín a's Phádraig'.
Is breagh an Ghaedhilge atá aige.
TUILLEADH (9) ▼
Is breagh í do chuid cainnte go deimhin! = nuair a bheadh gráiscínteacht, nó cainnt mhío-thaithneamhach tarraingthe anuas ag duine.
Is breagh an rud do dhuine thú 'bhualadh má tá rud in t'aghaidh aige, fharra's a bheith a' coireamhaint a's a' cúl chainnt ort.
Is breagh í an leaba fhéin.
Ba bhreagh an rud bainis bhreagh a fhaghail anois.
Is breagh an rud a bheith aerach, ach is gránna an rud a bheith mío-chaoitheamhail.
Ba bhreagh an fear láighe é, 'ndéana Dia trócaire air = badh an-fhear láighe é; bhí sé go maith i gcionn na láighe.
Is breagh an fear ceoil é.
Is breagh an fear nathuidheachta é, is breagh sin.
Is breagh an t-ughdar caillighe í = bean óg mhio-dhathamhail, nó bean óg gan fuinneamh ná fáscadh.
b.
+–
Is breagh é do scéal = duine a bheadh a' déanamh gaisce as rud eicínt, a's nar bhuidheachas a' bith air an rud sin a bheith déanta aige, déarfaidhe seo leis.
Deir tú go mbadh cheart dom iad a bheith curtha agam. Is breagh é do scéal.
TUILLEADH (4) ▼
Nach breagh an scéal atá agad! (nach breagh é do scéal) = dá n-abruigheadh duine rud eicínt a bheadh follusach ag 'chuile dhuine, nó a mbeadh fios ag chuile dhuine cheana air, déarfaidhe seo.
Nach breagh an scéal atá agad. Nach bhfuil fhios aghainn fhéin a' méid sin.
Is diabhaltaidhe breagh an scéal atá aghad. Nach bhfuil 'fhios ag feara fáil a' méid sin cheana!
Is breagh an scéal atá aige! Ar shíl sé, go spréidhfeadh muid an ithir gan síol a' bith a chuir innte?
c.
+–
Teirigh abhaile má's breagh leat é = má thogruigheann tú é; má's maith leat é. (Bíonn gangaide ann. "Mara dtaithnigheann seo leat, féadfa tú é a fhágáil do dhiaidh, an chiall a bhíos leis.)
'An té gur breagh leis é, teigheadh sé an ród seo siar' (líne as "An Draighneán Donn", ach deir daoine eile ab áil in áit "gur breagh")
TUILLEADH (15) ▼
Teigheadh má's breagh leis é. Ní chuirfe duine 'bith aon stróbh air fanacht = mara dtaithnigheann leis, tig leis imtheacht abhaile.
Déan má's breagh leat é.
Teirigh abhaile má's breagh leat é. Nó fan má's breagh leat é. Ach níl aonduine ag iarraidh thú a choinneál de'n bhuidheachas.
Rud a' bith is breagh leat fhéin anois. Tá mise sásta.
Caoi a' bith is breagh leat fhéin anois é, a chur, cuir é. Is cuma liomsa.
Áit a' bith is breagh leat a dhul anois, ní miste liomsa.
Duine a' bith is breagh leat fhéin a iarraidh (ch)uig a' mbainis, iarr iad. Ní chuirfe duine a' bith annseo in t'aghaidh.
Tóg é, má's breagh leat, nó fág do dhiaidh é má's breagh leat, ach ní leigfe mise an gamhain lag labhartha(?) as na sé phunt.
Ná fan le torann do chos, má's breagh leat. Ach deirim leat, má imthigheann tú, go gcodlócha tú amuigh anocht.
Buaileadh má's breagh leis é, ach diabhal mise, má bhuaileann, gur fada aríst go mbuaile sé aonduine.
Fan ó'n scoil má's breagh leat fhéin é, ach cuirfe mise geall go gcaoinfe tú fós é.
Maran breagh leis a dhul ann, fanuigheadh [sé] ("fanadh sé" freisin) sa mbaile.
Maran breagh leat é 'dheanamh ná bac leis. Gheobhfaidhear duine a dhéanfas é, feicfe tú fhéin.
Maran breagh leis fhéin é, is dona na gnaithí a bheadh ar aonduine eile bacadh leis.
Deanfad má's breagh liom é, a's ná raibh maith agadsa as' ucht.
+–
Mar is breagh leat fhéin, ach má dhéanann tú é, racha mise faoi dhuit go n-íocfa tú é = déan é, má thogruigheann tú, ach mise faoi dhuit go mbainfidhear siar asad é, má dhéanann.
Mar is breagh leat fhéin anois. Tiocfamuid abhaile má thogruigheann tú (ní bhíonn mórán gaimhe ann sa leagann sin "mar is breagh leat).
TUILLEADH (1) ▼
Mar is breagh leat fhéin, a mhic ó. Níl duine a' bith a' cur aon-cheist ort faoi na dhul 'do rogha áit. 'Beatha do dhuine a thoil' mar 'deir a' ceann eile.
2.
mór, maith, bog.
a.
+–
tráigh bhreagh (tráigh mhór, nó tráigh rabharta); béilidhe breagh (béilidhe maith, nó go h-iondamhail béilidhe a mbeadh fairsinge ann); sioc breagh (sioc mór); fataí breagha (fataí móra)
múr breagh báistighe = múr mór.
TUILLEADH (16) ▼
dorna breagh = dorna mór, trom.
Malach breagh feamuinne = ualach mór.
Mám bhreagh shiúcra = glaic mhór.
Cruach bhreagh mhóna = cruach mhór, théagarthach
Buicéad breagh uisce = buicéad a bheadh líonta go buinne bruach.
Gloine bhreagh phoitín = gloine a bheadh líonta go buinne bruach.
Scallach bhreagh tae = bleaghanach mhór tae.
Tá tráigh bhreagh ann indiu.
'Lá breagh, tráigh bhreagh a's cailíní deasa' (leath-fhocal) = trí rud a bheadh foghainteach do dhuine.
Chaith sé múr breagh báistighe = mór.
Tá snáth breagh feamuinne istigh.
Chuaidh sí airgead breagh = rudaí a díolfaidhe
Ól suas scallach breagh tae, is téithfe sé thú.
Tá réim bhreagh talmhana aige annsiúd = mór.
Dhá gcaithead sé scráib bhreagh shneachta, bhainfead sé an fuacht as an uair.
Is breagh an sioc é.
b.
+–
Is breagh uaidh amhrán a rádh; tá amhrán breagh aige = tá sé indon amhrán a rádh go maith.
Is breagh uaidh, ráig óil a dhéanamh.
TUILLEADH (10) ▼
Is breagh uaithe píosa scamhléarachta a chuir di.
Is breagh uait an páidrín a rádh, bail ó Dhia ort.
Nach breagh uaidh, teach a dhéanamh = tá sé oilte go maith ar thighthe a dheanamh.
Nach breagh uait, eascainidhe a dhéanamh.
Is breagh go léir uaidh, biadán a dhéanamh ar a chomharsa.
Is breagh go léir uaidh báire a bhualadh.
Is breagh go léir uait bréaga a chumadh.
Is breagh ó Tom Sh. amhrán a chuir amach dhá chroidhe = bíonn croidhtheamhlacht a's meanmna ina chuid fuínn.
Is breagh uait cainnt a dhéanamh = duine 'mbeadh neart cainnte aige faoi rudaí a bheadh do-dhéanta, nó ionann's é.
Is breagh uait cainnt a dheanamh! Tuige nach mbuaileann tú fhéin faoi, mar sin?
c.
+–
Nach breagh atá sé a' faghail na h-oibre leis? = nach deas atá an obair a' teacht leis; tá sí ar éascaidheacht aige.
Nach breagh a fuair sé leis í? = duine a phósfadh bean, a's gan é leath chomh measamhail, chomh h-árd-nósach nó chomh saidhbhir léithe; ceann-oibre nó rud a bheadh a' teacht leat ar sheol na braiche.
TUILLEADH (4) ▼
Nach breagh atá an chois a' tidheacht leis? = duine nach mbeadh aon-mharach a' fanacht ar a chois, th'éis an-ghortú a thabhairt di.
Nach breagh atá sí a' sceinneadh amach? = ordú a' teacht ar bhó, duine a' méadú etc.
Nach breagh atá sé a' méadú?
Nach breagh atá a cuid a' dul di?; nach breagh atá slacht a codach uirre!
+–
Is breagh a gheobhfadh sí daoine le na cuid coirce a bhaint di! = bhí gothadh aice ar chongnamh a fhaghail leis a' gcoirce a bhaint di; shíl sí go bhfuighead sí congantóirí leis a' gcoirce a bhaint gan stróbh a' bith. (breagh = bog)
Is breagh a fuair sé amadáin le na chuid móna a scaradh dhó = is bog a fuair sé daoine lena chuid móna a scaradh dhó.
TUILLEADH (1) ▼
Is breagh a d'eirigh lán laidhre leis, gan saothrú 'bith.
3.
iongantach.
+–
Shíl mé nach bhfuigheadh sé aon-bhean sa tír, a's nach breagh go bhfuair in a dhiaidh sin = nach maith; nach iongantach; nach groidhe; nach h-ait go bhfuair.
Níor íoc sé an fear fánaighe deire a bhí aige fós, a's nach breágh a chuaidh fear eile leis in a dheidh sin = níor íoc sé tuarastal an fhir páighe a bhí aige go deireannach, a's nach iongantach a chuaidh fear eile ag obair aige 'na dheidh sin.
TUILLEADH (16) ▼
Is gearr ó bhí siad in árachaí a chéile, a's nach breagh go raibh siad mór le chéile, chomh luath a's a tháinic an t-an-shógh orrab.
Tá'n cháil sin air, a's nach breagh, go n-éistfe daoine leis, in a dheidh sin.
Rud a' bith nach raibh te ná trom aige sin, ariamh, ghoid sé é, a's nach breagh nach rugthas ariamh air in a dheidh sin.
Nach breagh go labhrann sib leis, má tá an oiread sin gráin agaibh air?
Má tá tusa chomh láidir a's tá do leigeann amach, nach breagh a loic tú ó J. Sh. nuair a bhí sé a' cuir achrainn ort ag béal a' bhóithrín!
Tá sib a' cuireamhaint a's a caitheamh anuas ar a' teach sin 'chuile ré soluis, a's nach breagh go dteigheann sib ann in a dheidh sin?
Má tá an oiread sin airgid aice, nach breagh nach n-íocann sí 'bhfuil d'fhiacha amuigh uirre!
Nach breagh nach mbeadh foighid agad liom go fóilleach! = shílfeá go mbeadh foighid agad liom go fóilleach; tuige nach mbeadh foighid agad liom, go cheann tamaillín.
Nach breagh nach mbeadh ciall agad, a's leigean de'n ainnle bhradach sin! Tá sé sin sáthach gártha mar tá sé, a's gan tusa 'bheith spochadh leis, a's a' baint chaoineacháin as (páiste).
Nach breagh nach dteigheann tú amach a's rud eicínt oibre a dheanamh?
Tá caitheamh a's cáineadh aige ar a' gcliamhain, is nach breagh in a dheidh sin, nach maith leis go n-abróchadh aon-duine eile aon-cheo leis = nach maith.
Chuireochadh sé fhéin go maith ar mhuinntir na mná, a's nach breagh nach dtaithnigheann leis aonduine eile a fheiceál a' cuireamhaint orra(b) th'éise sin (aindeoin sin).
Nach breagh nach mian leis, congnamh a' bith a thabhairt uaidh é fhéin, th'éis go mbíonn gothadh aige ar chuile dhuine eile.
Ólfa sé go súighte é, ach nach breagh nach maith leis pighinn a' bith a chaitheamh air.
Gheobha sé locht ar dhaoine eile go maith, ach nach breagh nach mian leis fhéin buille 'bith a dhéanamh.
Iarrfa sé ar dhaoine eile é 'bhualadh go maith: nach breagh nach mbuailfeadh sé fhéin é?
+–
'Breagh nar bhuail tú é'; nach breagh nar bhuail tú é = nach iongantach nar bhuail tú é; ba cheart duit é a bhualadh; bhí agad é a bhualadh.
'Breagh nach ndeacha tú a's fál a chuir ar an áit a mhíll tú aréir; Nó má theigheann na ba 'sa bhfásach is fánach mar 'bheidheas an féar' (As "Sliabh Uí Fhloinn")
TUILLEADH (10) ▼
'Breagh nar dhubhairt leis fhéin a dhul a's a dheanamh?
'Breagh nar bhiorruigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in áirde aríst faoi cheann cupla lá?
Breagh nar dhubhairt tú in am liom é?
Breagh nach dteigheann sé fhéin a's é a dhéanamh, a's gan a bheith a' comártas le duine a' bith eile.
Comhairleocha sin aríst thú. Breagh ar innis tú dhó é?
'Sé rinne an ceart leat. Breagh ar bhain tú le na chuid ubhall!
Breagh nach mbeadh foighid agad. B'éigin do do mháthair fanacht leat = déarfaidhe le duine mío-fhoighdeach é.
Breagh nach mbeadh stuaim eicínt ionnad thar mar tá, a's gan a bhfuil faoi chaolachaí an tighe a chaitheamh anuas?
Is maith an aghaidh ort a' méid sin. Breagh nar ghlac tú an réidhteach?
Breagh a ndeacha tú ann: nach rabh fhios agad gurb shin é a gheobhfá le leicín a' doithchill a bhriseadh aige siúd = duine ar caitheadh go dona leis in áit.
4.
imeartha, ealadhanta, ámhuilleach, géar-chúiseach.
+–
Pádraig breagh a bhí dhá rádh = sé'n buachaill báire sin Pádraic adubhairt é.
Ná h-iarr é indiaidh Chuilm Bhreagh = chuir sé a bhail nó a innseacht fhéin air.
TUILLEADH (13) ▼
Tom breagh se'aghainne a rinne é, chomh siúráilte a's tá tú annsin.
Sin a thomhais ort, céard a rinne an Curraoineach breagh aréir, ach a' tobac a bhaint as mo phíopa, a's é 'líonadh suas le smúdar móna a's súighe, ach gur chuir sé ruainnín beag tobac ar a bharr, le faitchíos go mbrathfainn tada.
Dheamhan 'athrú a bhí ariamh ann, ach an t-ógánach breagh seo thíos.
Sé'n lóistéara breagh sin istigh agadsa is cionntaighe leis ó thús, deire, go tosuigh.
Má fhaghaimse leigean ar Sheán breagh seo thiar, fágfa mé cneadh ann, fágfa sin.
Sé'n peata breagh sin istigh agad, a tharraing a' rachlas seo an chéad uair. Is córa dhuit smacht a chuir air, a's gan é 'bheith leigthe leis fhéin, mar 'tá.
Marach a' nathuighdeoir breagh seo amuigh, ní bheadh focal arrannta a' bith ann ó thús fhéin.
Maidhc breagh seo thíos a bhí in a thús scéil leis, ach is beag de'n mhilleán a shroich dhó, in a dheidh sin.
Má ghéilleann tusa do Mháire bhreagh, gheobha tú do sháith de na bréaga.
Marach Peadar breagh se'agaibhse, is beag de na gnaithí seo a bheadh ar a' mbaile — is beag sin. Tá 'n deamhan a's a deabhach ar sin le ealadhain a's cat mara.
Mara bhfuil d'ughdar agad leis a' scéal ach a' Loideánach breagh, ní mórán ughdair é. Chuirfeadh sé sin, maoil ar a' teach le bréaga.
Chuirfeadh Darach breagh sin dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile
Má's é an bréagadóir breagh seo thoir adubhairt leat é, ná géill dó, dubh bán ná dubh buidhe.
5.
an- (nuair a cuirtear le aidiachta áithridhe eile é, tligeann sé a chiall fhéin, ach neartuigheann nó géaraigheann sé brigh an aidiachta eile.
+–
Bhí sé isteach breagh, luath = i gcásanna de'n tsórt seo, nuair a cuirtear breagh roimh aidiachta eile, fearacht luath, láidir, moch, bog, ciúin etc, tligeann sé a chiall fhéin, ach neartuigheann sé ciall an aidiachta eile.
Bhí sé isteach breagh, luath = luath go maith, nó chomh luath, a's a bhí sé a' teastáil, nó a d'fheil dó.
TUILLEADH (12) ▼
Is breagh bog, a' lá é, buidheachas le Dia.
Tá sé breagh, láidir len' iomchur.
Is breagh óg atá sé a' breathnú fós.
Is breagh deas a' bhean atá aige.
Nach breagh moch a chorruigh tú?
Is breagh storramhail a' gasúr é, bail ó Dhia, a's ó Mhuire air!
Is breagh mór a' fear atá sé a dheanamh, le goirid.
Is breagh fuar a' trathnóna é = ní chialluigheann seo go bhfuil a' trathnóna go breagh, ach go bhfuil sé meath-fhuar go leor.
Is breagh súighte uaidh braonachaí 'ól.
Cuirfe mé geall gur breagh tuirseach atá tú anois, de bharr do lae.
Is breagh tirm atá na criathraigh, th'éis a' méid sin trioma(igh).
Is breagh fliuch an oidhche í.
Breagh in iontrálacha eile (50+)
→
fíóg
Ba cheart duit gabhail fhíóg a bhaint. Bheadh solas breagh orra thárla nach bhfuil aon-ola lampa le fáil
→
cab
Is annamh a d'fheicfeá cab a' bith anois, mar a bhfeicfeá ar chorr-shean-fhear é. Tá cab breagh gaedhealach ar Sheán — fós.
+
→
ceal 1
Ní dhéanfa tú aon-dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breagh nach gcuireann tú fios ar uirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Déarfa mise suas leis a' smut aige, gurab é fhéin is cionntaighe ó thús deire go tosuigh, a's deanadh sé a rogha ceal di má's breagh leis.
→
cinceach
Níl 'bounce' a' bith sa spaidealach sin. Breagh ó fuaidh sibh dhá tabhairt lib, nar thug sib móin ar foghnamh libh, seachas an chinnceach sin, nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
Ar éigin na gcor a's na gcnámh 'fhéadanns muid é 'chur abhaile oidhche bith ach a' cipiléaracht chainnte annsin, go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis (chubhais?), racha mise chodladh feasta a's fanadh sé go maidin má's breagh leis é.
→
ciseach
Má's leat ciseach a dhéanamh dhíot fhéin, teirigh amach indiu. Dheamhan a' mbeadh a leath-oiread súnáis oibre ort lá breagh.
+
→
cleite
Múinfe sin thú! Breagh ar chuir tú do chleite ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé 'cínnt orm abhras a' bith a bhaint as a' gcleite cainnte atá oraibh. Breagh nach a' cainnt ar fheamuinn dearg, nó ar phósaidheachaí, nó ar earrach a bheadh sib?
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhightheach seo. Thug sé an chéad choicís go breagh uaidh. Ach níor tháinic an oiread as an lá fhéin go maith imbliadhna.
Fág a' bheatha annsin aca(b) a's ithidís fhéin í, má's breagh leo(b) é. Tá an iomarca coimhighthis orra(b) romhatsa anois.
Coinicéar mhór mhillteach í, gan slacht gan cuid súl a' bith. Is mór a' t-iongnadh gur phós sé chor a' bith í, fear chomh breagh leis.
Is olc a chruthuigh sib nach ndeacha a' coinnleoireacht anocht. Ba mhór a' solamar corr-rampaire breagh d'éan a bheith le n-ithe ag duine.
+
→
colg
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid in a ciseach ag an gcolg sin. Breagh nar chart sib suas 'san iothlainn é, as a' mbealach.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá colg air, dheamhan neart aghainne air. An craiceann céadna ar théigh sé, fuaruigheadh sé aríst ann, má's breagh leis é.
→
comaoin
Dheamhan blas de'n cheart nach raibh agad leis; cumaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Breagh ar chuir sé a sheadairín de chárta ann. Múinfe sin é fanacht sa mbaile aríst.
+
→
conán
Is breagh an conán fir é, bail ó Dhia air.
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicim aon-chonán fir a' teacht chuig teach a' phobail annsin thiar chomh breagh leis anois.
Tá conán breagh de mhac aige.
Tá conán breagh de phóilidhe annsin thiar anois. As Ciarruidhe 'tháinic sé, 'chuala mé.
Conán breagh sásta é. Dheamhan focal arrannta adéarfadh sé le aon-duine choidhchin.
Breagh, má's leat a dhul ann, nach gcuireann tú cosamhlacht (imtheachta) eicínt ort fhéin feasta!
+
Caithfe anna breagh eicínt a theacht as an ngairbhshion seo, nó mara dteaga níl cothromacan síne ar bith ann, a's chuala muid ariamh go raibh.
TUILLEADH (1) ▼
Tá marach eicínt ar a' saoghal nó ar na daoine, a's an chaoi 'bhfuil an uair. B'iongantas é anois, dhá dteagadh lá breagh. Ba mhór i gceist ag sean-daoine cothromacan síne na h-aimsire, ach inDomhnach d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
Breagh nach ngearrann tú an cáca as a éadan, a's gan a bheith a' déanamh cithréabachaí mar sin di? Cé íosfas an mionudhach sin do dhiaidh?
+
→
cóipís
Thú fhéin ba'(s) cionntaighe má fuair tú faoi na for(b)aí é. Breagh nar éist tú le do chuid cóipís'. Dhá laghad dhá ndéana tú ná dhá n-abruighe tú annseo, is amhla is fhearr dhuit fhéin é, a mhic ó.
TUILLEADH (1) ▼
Tarraingeocha do chuid cóipíse, an míádh ort, ó fhada go dtí é. Breagh nach ndéanfá forus, a's scíth eicínt a thabhairt do do theanga, 'nós 'chuile dhuine eile.
Tá sí chomh cúimhiallta agad, a's go sílfeá, nach mbeadh anachain a' bith innte. Ach nach breagh go bhfuil 'na dheidh sin.
Breagh nar ghlac tú go réidh é, a's gan a bheith mío-chontanásach. Is suarach a' t-iongnadh gur bhuail spadhar fhéin é.
+
→
baile
Is breagh an rud do dhuine a dhul ar aer a' bhaile mhóir, corr-uair.
TUILLEADH (1) ▼
Tuille glugair agad! Breagh nar fhan tú sa mbaile! = breagh go ndeacha tú ann!
+
→
bannaí 1
Teigheadh an fear fabhairne 'fheiceanns muide i gcomhnuidhe aige i mbannaí air, má's breagh leis é, anois. Ní thiocfa fear a' tighe seo, imbannaí air, ar aon-chor.
TUILLEADH (2) ▼
'Breagh nach bhfaghann sé a chliamhain le dhul i mbannaí air, mar is goire dhó é ná aon-duine eile.
Tom: Bhuail Cóilín L. mé. An Mháthair: Mise imbannaidhe gur bhuail! Breagh gur thug tú cead dó thú bhualadh. 'Bhfuil rath 'bith leat fhéin?
+
→
bealach
Níl duine 'bith a' baint cead a bhealaigh dhíot. Imthigh leat, má's breagh leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé de bheith ort a bheith i lár a' bhealaigh igcomhnuidhe. Breagh nach seasfá i leath-taobh, a's gan a bheith in do sheasamh annsin, in do liúdramán i gcomhnuidhe.
Giorruigh an bealach dhuinn, le amhrán nó le scéal breagh.
Bhí pota breagh fataí gáiridhe bruithte aice, a's bealthuidheacht fheola in' aice sin, a's marar leag muide orra(b) ní lá go maidin é.
→
beanna
Ba h-aigeanta an buachaill é S. Ph. annseo thoir, a's breagh gur chínn air, in a dheidh sin, a bheanna a thabhairt leis uatha(b).
→
beann
Cuireadh sé scéala isteach ormsa, má's breagh leis. Is beag a' bheann atá agamsa ar a dhicheall.
→
coiric
'Breagh ó chuaidh tú dhá cheannacht nar cheannuigh tú hata mar is ceart fharras an choirric sin!
→
coraice
'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna. Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
Breagh nar scaoil tú an craobh mhúirín sin thart, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhobair gur fhága sé sínte mise annseo an bhliadhain cheana.