Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
breá
aidiacht
breischéim agus sárchéim: breácha, breáichte, breáchta. Bíonn na trí leagan sa gceantar céanna agus go minic ag an duine céanna. Is deacair a rá cé acu den chéad phéire is coitianta, ach níl breáchta an-mhór i gceist.
urlabhraíocht: breá (a fada) — Cois Fharraige agus Conamara ó dheas de bhóthar an Chlocháin; brea: níl an a gearr amach is amach, mar atá i bean cuirim i gcás): Tuaisceart Chonamara, an tAchréidh; breo atá in áiteacha ar an Achréidh, ag seandaoine i mBaile an Mhóintigh, Baile Chláir, cuirim i gcás
1.
deas, taitneamhach, dathúil, slachtmhar, dea-dhéanta nó dea-chumtha; áirgiúil, aoibhinn, gnaíúil.
a.
+
Bean bhreá (nuair a samhlaítear breá le daoine, is iondúil nach slacht ná dathúlacht a bhíonns i gceist ach dea-chumadh nó déanamh an choirp. Bhéarfaí "fear breá" ar dhuine a bheadh mór oscartha láidir, ainneoin nach mbeadh thairis sin de dhathúlacht ann b'fhéidir)
Go mba bean bhreá í do bhean! (cuid de sheaneascainí)
TUILLEADH (3) ▼
Síleann sí nach breá go dtí í — síleann sí go bhfuil sí an-bhreá.
Síleann sé gur breácha (gur breáichte) í sin ná Spéir na Gréine.
Síleann sé fhéin gur breácha í sin ná an ghealach sa meán oíche.
+
Teach breá; capall breá; aimsir bhreá (aimsir thirim nach mbeadh aon fhuacht ann)
Tá an uair bhreá ar fáil (aimsir bhreá)
TUILLEADH (5) ▼
Ní mhór an uair bhreá a thapú. Ní thabharfaidh sé uair bhreá uaidh i gcónaí.
B'fhéidir go mbeadh sé in ann corraí mach anois le teacht na huaire breá.
Gheobhaidh tú biseach teacht na huaire breá.
Is iomaí cruóig thairis a bheas orainn teacht na huaire breá.
"Nach trua mé anois ag scaradh leat teacht na huaire breá; Nuair a bheas an chuach ag gairiúint, agus an duilliúr glas ag fás" (As Bríd Ní Ghadhra)
·
Tá an oíche go breá (mar dhobhriathar cuirtear go leis, fearacht a lán focal eile go maith, olc srl.)
Tá sé go breá inniu (duine agus biseach aige)
+
Is breá an píosa cainte í 'Argóinteacht Oisín is Phádraig'.
Is breá an Ghaeilge atá aige.
TUILLEADH (9) ▼
Is breá í do chuid cainte go deimhin! — nuair a bheadh gráiscínteacht nó caint mhíthaitneamhach tarraingthe anuas ag duine.
Is breá an rud do dhuine thú a bhualadh má tá rud in t'aghaidh aige tharas a bheith ag coiriúint agus ag cúl chaint ort.
Is breá í an leaba fhéin.
Ba bhreá an rud bainis bhreá a fháil anois.
Is breá an rud a bheith aerach, ach is gránna an rud a bheith míchaoithiúil.
Ba bhreá an fear láí é, go ndéana Dia trócaire air — ba an-fhear láí é; bhí sé go maith i gcionn na láí.
Is breá an fear ceoil é.
Is breá an fear nathaíochta é, is breá sin.
Is breá an t-údar caillí í — bean óg mhídhathúil, nó bean óg gan fuinneamh ná fáscadh.
b.
+
Is breá é do scéal — duine a bheadh ag déanamh gaisce as rud eicínt, agus nár bhuíochas ar bith air an rud sin a bheith déanta aige, déarfaí seo leis
Deir tú go mba cheart dom iad a bheith curtha agam. Is breá é do scéal.
TUILLEADH (4) ▼
Nach breá an scéal atá agat! (nach breá é do scéal) — dá n-abraíodh duine rud eicínt a bheadh follasach ag chuile duine, nó a mbeadh fios ag chuile dhuine cheana air, déarfaí seo.
Nach breá an scéal atá agat. Nach bhfuil a fhios againn fhéin an méid sin.
Is diabhaltaí breá an scéal atá agat. Nach bhfuil a fhios ag feara Fáil an méid sin cheana!
Is breá an scéal atá aige! Ar shíl sé go spréifeadh muid an ithir gan síol ar bith a chur inti?
c.
+
Téirigh abhaile más breá leat é má thograíonn tú é; más maith leat é. Bíonn gangaide ann. 'Mura dtaitníonn seo leat, féadfaidh tú é a fhágáil i do dhiaidh', an chiall a bhíos leis
"An té gur breá leis é, téadh sé an ród seo siar" (líne as An Draighneán Donn, ach deir daoine eile ab áil in áit gur breá)
TUILLEADH (15) ▼
Téadh más breá leis é. Ní chuirfidh duine ar bith aon stró air fanacht — mura dtaitníonn leis, tig leis imeacht abhaile.
Déan más breá leat é.
Téirigh abhaile más breá leat é. Nó fan más breá leat é. Ach níl aon duine ag iarraidh thú a choinneáil den bhuíochas.
Rud ar bith is breá leat fhéin anois. Tá mise sásta.
Caoi ar bith is breá leat fhéin anois é a chur, cuir é. Is cuma liomsa.
Áit ar bith is breá leat a dhul anois, ní miste liomsa.
Duine ar bith is breá leat fhéin a iarraidh chuig an mbainis, iarr iad. Ní chuirfidh duine ar bith anseo in t'aghaidh.
Tóg é más breá leat, nó fág i do dhiaidh é más breá leat, ach ní ligfidh mise an gamhain laglabhartha as na sé phunt.
Ná fan le torann do chos más breá leat. Ach deirim leat, má imíonn tú, go gcodlóidh tú amuigh anocht.
Buaileadh más breá leis é, ach diabhal mise má bhuaileann, gur fada aríst go mbuaile sé aon duine.
Fan ón scoil más breá leat fhéin é ach cuirfidh mise geall go gcaoinfidh tú fós é.
Muran breá leis a dhul ann, fanaíodh sé (fanadh sé freisin) sa mbaile.
Muran breá leat é a dhéanamh ná bac leis. Gheofar duine a dhéanfas é, feicfidh tú fhéin.
Muran breá leis fhéin é, is dona na gnaithí a bheadh ar aon duine eile bacadh leis.
Déanfad más breá liom é, agus ná raibh maith agatsa as a ucht.
+
Mar is breá leat fhéin, ach má dhéanann tú é, rachaidh mise faoi dhuit go n-íocfaidh tú é — déan é, má thograíonn tú, ach mise faoi dhuit go mbainfear siar asat é má dhéanann.
Mar is breá leat fhéin anois. Tiocfaidh muid abhaile má thograíonn tú (ní bhíonn mórán goimhe ann sa leagan sin "mar is breá leat)
TUILLEADH (1) ▼
Mar is breá leat fhéin, a mhic ó. Níl duine ar bith ag cur aon cheist ort faoina dhul i do rogha áit. Beatha do dhuine a thoil, mar 'deir an ceann eile.
2.
mór, maith, bog.
a.
+
Trá bhreá (trá mhór, nó trá rabharta); béilí breá (béilí maith, nó go hiondúil béilí a mbeadh fairsinge ann); sioc breá (sioc mór); fataí breátha (fataí móra)
Múr breá báistí — múr mór.
TUILLEADH (16) ▼
Dorna breá — dorna mór, trom.
Mallach breá feamainne — ualach mór
Mám bhreá shiúcra — glaic mhór
Cruach bhreá mhóna — cruach mhór, théagarthach
Buicéad breá uisce — buicéad a bheadh líonta go buinne bruach.
Gloine bhreá phoitín — gloine a bheadh líonta go buinne bruach
Scalach bhreá tae — bleánach mhór tae
Tá trá bhreá ann inniu.
Lá breá, trá bhreá agus cailíní deasa (leathfhocal) — trí rud a bheadh fóinteach do dhuine
Chaith sé múr breá báistí — mór
Tá snáth breá feamainne istigh.
Chuaigh sí airgead breá — rudaí a díolfaí
Ól suas scalach breá tae agus téighfidh sé thú.
Tá réim bhreá talúna aige ansiúd — mór
Dhá gcaitheadh sé scráib bhreá shneachta, bhainfeadh sé an fuacht as an uair.
Is breá an sioc é.
b.
+
Is breá uaidh amhrán a rá; tá amhrán breá aige — tá sé in ann amhrán a rá go maith.
Is breá uaidh ráig óil a dhéanamh.
TUILLEADH (10) ▼
Is breá uaithi píosa scamhailéireachta a chur di.
Is breá uait an paidrín a rá, bail ó Dhia ort.
Nach breá uaidh teach a dhéanamh — tá sé oilte go maith ar thithe a dhéanamh.
Nach breá uait eascainí a dhéanamh.
Is breá go léir uaidh béadán a dhéanamh ar a chomharsa.
Is breá go léir uaidh báire a bhualadh.
Is breá go léir uait bréaga a chumadh.
Is breá ó Tom Sh. amhrán a chur amach dhá chroí — bíonn croííúlacht agus meanmna ina chuid foinn.
Is breá uait caint a dhéanamh — duine a mbeadh neart cainte aige faoi rudaí a bheadh dodhéanta, nó ionann is é.
Is breá uait caint a dhéanamh! Tuige nach mbuaileann tú fhéin faoi mar sin?
c.
+
Nach breá atá sé ag fáil na hoibre leis? — nach deas atá an obair ag teacht leis; tá sí ar a éascaíocht aige.
Nach breá a fuair sé leis í? — duine a phósfadh bean, agus gan é leath chomh measúil, chomh hardnósach, nó chomh saibhir léithe; ceann oibre nó rud a bheadh ag teacht leat ar sheol na braiche.
TUILLEADH (4) ▼
Nach breá atá an chois ag teacht leis? — duine nach mbeadh aon mharach ag fanacht ar a chois théis an-ghortú a thabhairt di
Nach breá atá sí ag scinneadh amach? — ordú ag teacht ar bhó, duine ag méadú srl.
Nach breá atá sé ag méadú?
Nach breá atá a cuid ag dul di?; nach breá atá slacht a codach uirthi!
+
Is breá a gheobhadh sí daoine lena cuid coirce a bhaint di! — bhí gotha aici ar chúnamh a fháil leis an gcoirce a bhaint di; shíl sí go bhfaigheadh sí cúntóirí leis an gcoirce a bhaint gan stró ar bith. (breá = bog)
Is breá a fuair sé amadáin lena chuid móna a scaradh dhó — is bog a fuair sé daoine lena chuid móna a scaradh dhó.
TUILLEADH (1) ▼
Is breá a d'éirigh lán laidhre leis gan saothrú ar bith.
3.
iontach.
+
Shíl mé nach bhfaigheadh sé aon bhean sa tír agus nach breá go bhfuair ina dhiaidh sin — nach maith; nach iontach; nach groí; nach ait go bhfuair.
Níor íoc sé an fear fánaí deiridh a bhí aige fós agus nach breá a chuaigh fear eile leis ina dhiaidh sin — níor íoc sé tuarastal an fhir páí a bhí aige go deireanach agus nach iontach a chuaigh fear eile ag obair aige ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (16) ▼
Is gearr ó bhí siad in árachaigh a chéile, agus nach breá go raibh siad mór le chéile chomh luath agus a tháinig an t-anó orthub.
Tá an cháil sin air, agus nach breá go n-éistfidh daoine leis ina dhiaidh sin.
Rud ar bith nach raibh te ná trom aige sin ariamh, ghoid sé é, agus nach breá nach rugthas ariamh air ina dhiaidh sin.
Nach breá go labhrann sibh leis má tá an oiread sin gráin agaibh air?
Má tá tusa chomh láidir agus atá do ligean amach, nach breá a loic tú ó J. Sh. nuair a bhí sé ag cur achrainn ort ag béal an bhóithrín!
Tá sibh ag coiriúint agus ag caitheamh anuas ar an teach sin chuile ré solais, agus nach breá go dtéann sibh ann ina dhiaidh sin?
Má tá an oiread sin airgid aici nach breá nach n-íocann sí a bhfuil d'fhiacha amuigh uirthi!
Nach breá nach mbeadh foighid agat liom go fóilleach! — shílfeá go mbeadh foighid agat liom go fóilleach; tuige nach mbeadh foighid agat liom, go cheann tamaillín.
Nach breá nach mbeadh ciall agat agus ligean den ainle bhradach sin! Tá sé sin sách gártha mar atá sé agus gan tusa a bheith ag spochadh leis agus ag baint chaoineacháin as (páiste)
Nach breá nach dtéann tú amach agus rud eicínt oibre a dhéanamh?
Tá caitheamh agus cáineadh aige ar an gcliamhain, agus nach breá ina dhiaidh sin nach maith leis go n-abródh aon duine eile aon cheo leis — nach maith
Choireodh sé fhéin go maith ar mhuintir na mná agus nach breá nach dtaitníonn leis aon duine eile a fheiceáil ag coiriúint orthub théise sin (ainneoin sin)
Nach breá nach mian leis cúnamh ar bith a thabhairt uaidh é fhéin, théis go mbíonn gutha aige ar chuile dhuine eile.
Ólfaidh sé go súite é, ach nach breá nach maith leis pínn ar bith a chaitheamh air.
Gheobhaidh sé locht ar dhaoine eile go maith, ach nach breá nach mian leis fhéin buille ar bith a dhéanamh.
Iarrfaidh sé ar dhaoine eile é a bhualadh go maith: nach breá nach mbuailfeadh sé fhéin é?
+
Breá nár bhuail tú é; nach breá nár bhuail tú é — nach iontach nár bhuail tú é; ba cheart duit é a bhualadh; bhí agat é a bhualadh.
"Breá nach ndeachaigh tú agus fál a chur ar an áit a mhill tú aréir; Nó má théann na ba sa bhfásach is fánach mar a bheas an féar" (As Sliabh Uí Fhloinn)
TUILLEADH (10) ▼
Breá nár dhúirt leis fhéin a dhul agus a dhéanamh?
Breá nár bhioraigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in airde aríst faoi cheann cupla lá?
Breá nár dhúirt tú in am liom é?
Breá nach dtéann sé fhéin agus é a dhéanamh, agus gan a bheith ag comórtas le duine ar bith eile.
Comhairleoidh sin aríst thú. Breá ar inis tú dhó é?
'Sé a rinne an ceart leat. Breá ar bhain tú lena chuid úll!
Breá nach mbeadh foighid agat. B'éigean do do mháthair fanacht leat — déarfaí le duine mífhoighdeach é
Breá nach mbeadh stuaim eicínt ionat thar mar atá agus gan a bhfuil faoi chaolachaí an tí a chaitheamh anuas?
Is maith an oidhe ort an méid sin. Breá nár ghlac tú an réiteach?
Breá a ndeachaigh tú ann: nach raibh a fhios agat gurb in é a gheofá le leicín an doichill a bhriseadh aige siúd — duine ar caitheadh go dona leis in áit.
4.
imeartha, ealaíonta, ábhailleach, géarchúiseach.
+
Pádraig breá a bhí dhá rá 'sé an buachaill báire sin Pádraic adúirt é
Ná hiarr é i ndiaidh Choilm Bhreá — chuir sé a bhail nó a inseacht fhéin air
TUILLEADH (13) ▼
Tom breá s'againne a rinne é, chomh siúráilte agus atá tú ansin.
Sin a thomhais ort, céard a rinne an Curraoineach breá aréir ach an tobac a bhaint as mo phíopa agus é a líonadh suas le smúdar móna agus súí, ach gur chuir sé ruainnín beag tobac ar a bharr le faitíos go mbraithfinn tada.
Dheamhan a athrú a bhí ariamh ann ach an t-ógánach breá seo thíos.
'Sé an lóistéara breá sin istigh agatsa is ciontaí leis ó thús deireadh go tosaigh.
Má fhaighimse ligean ar Sheán breá seo thiar, fágfaidh mé cneá ann, fágfaidh sin.
'Sé an peata breá sin istigh agat a tharraing an rachlas seo an chéad uair. Is córa dhuit smacht a chur air agus gan é a bheith ligthe leis fhéin mar atá.
Murach an nathaíodóir breá seo amuigh, ní bheadh focal aranta ar bith ann ó thús fhéin.
Maidhc breá seo thíos a bhí ina thús scéil leis, ach is beag den mhilleán a shroich dhó ina dhiaidh sin.
Má ghéilleann tusa do Mháire bhreá, gheobhaidh tú do sháith de na bréaga.
Murach Peadar breá s'agaibhse, is beag de na gnaithí seo a bheadh ar an mbaile — is beag sin. Tá an deamhan agus an deabhach ar sin le ealaín is cat mara.
Mura bhfuil d'údar agat leis an scéal ach an Loideánach breá, ní mórán údair é. Chuirfeadh sé sin maol ar an teach le bréaga.
Chuirfeadh Darach breá sin dhá Chrígh Mhuire thrína chéile.
Más é an bréagadóir breá seo thoir adúirt leat é, ná géill dó dubh bán ná dubh buí.
5.
an-. Nuair a cuirtear le aidiachtaí áirithe eile é, teilgeann sé a chiall fhéin, ach neartaíonn nó géaraíonn sé brí an aidiachta eile.
+
Bhí sé isteach breá luath — i gcásanna den tsórt seo, nuair a cuirtear breá roimh aidiachtaí eile, fearacht luath, láidir, moch, bog, ciúin srl., teilgeann sé a chiall fhéin, ach neartaíonn sé ciall an aidiachta eile.
Bhí sé isteach breá luath — luath go maith, nó chomh luath agus a bhí sé ag teastáil nó a d'fheil dó
TUILLEADH (12) ▼
Is breá bog an lá é, buíochas le Dia.
Tá sé breá láidir lena iompar.
Is breá óg atá sé ag breathnú fós.
Is breá deas an bhean atá aige.
Nach breá moch a chorraigh tú?
Is breá storrúil an gasúr é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air!
Is breá mór an fear atá sé a dhéanamh le gairid.
Is breá fuar an tráthnóna é — ní chiallaíonn seo go bhfuil an tráthnóna go breá, ach go bhfuil sé meathfhuar go leor.
Is breá súite uaidh braonachaí a ól.
Cuirfidh mé geall gur breá tuirseach atá tú anois de bharr do lae.
Is breá tirim atá na criathraigh théis an méid sin triomaigh.
Is breá fliuch an oíche í.

breá in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
Pós bean bhreá agus bíodh sibh an chuid eile dhár saol ag scríobadh leis an nganntan. Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
 
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar rómhór don chlaí sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claí a dhéanamh. Tá go leor talúna diomalaithe agat ansin
TUILLEADH (1) ▼
Nach é atá in ann siúl gan fiar bail ó Dhia air. Is breá an forránach fir é
+
fios
Níl fios do labhartha agat chor ar bith. Breá ar dhúirt tú an rud sin leis?
TUILLEADH (3) ▼
Breá nach mbeadh fios do ghnaithe agat thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruife capaill leat nuair a bhí agat tairní cruife bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. Ar ndóigh ní mise a bhain dó. Téirigh ar a thuairisc más breá leat
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nár inis tú bolg bréaga dhó?
 
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní somhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach anseo in aice chúnta Dé
 
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
 
focal
Ag iarraidh a bheith ag gabháil an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhraith sé nár thaitnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirfiúrachaí a raibh d'éadach sa teach leo thar éis na sochraide. Chuir sé luí eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Lena níochán, agus ní lena choinneáil a thug siad leo é. Nach tráthúil! Breá nár nigh siad é san áit a raibh sé?
 
Fuair mé maide farraige anuraidh. Maide breá, ach go raibh sé foirgthe le giúirinneachaí
 
Ná bac le uair bhreá chomhuain is a bheas an fothramán céatach seo ag cladaí!
 
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Tá an bus breá freagrach daoibhse, ach féacha muide a chaithfeas a dhul sé mhíle bealaigh d'aistear ár gcos le dhul chomh fada leis
 
Chuirtí froigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh abhus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na seanfhroigisí ann i gcónaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin in ann a ndéanamh. 'Sí atá deas air!
 
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeoir sin. A leithide de bhunán (bhuinneán) de bhean bhreá. Ar ndóigh thabharfadh sí léithe ina naprún é. Chuir sé ortha an dul amú ceart di, chuir sin
 
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
 
Tá fudairnéis déanta acu de na daoine lena gcuid páipéir. Cén ghnaithe atá againne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad chomh géar sin uathu, breá nach dtagann fear uathu fhéin timpeall agus a líonadh?
 
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonaic mé ag foléimneach ansin thíos in éindí le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar acu. Ag dul ina mháistir scoile atá sé siúd?
 
Más leat airgead a dhéanamh, breá nach suas ar na portaigh a théas tú agus neart móna a bhaint. Is somhaoiní dhuit í ná na faochain agus ná an carraigín sin. Agus is lú anró í as deireadh na cúise. 'Sé an chaoi a bhfuil sé agatsa: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
+
fág
Breá nach bhfágfá an solas orm? Céard atá tú a dhéanamh in do chaidhfte ansin?
TUILLEADH (1) ▼
Nach breá nach bhfágfadh sibh le m'anó féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
 
An bhfuil an seafaide sin ag tnúthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí rófhágtha. Ar ndóigh níl lán do ghlaice inti. Is breá an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
 
Dhá mbeadh fáideog sa laimpín atá thuas ansin, is iomaí leas a dhéanfadh sé ag dul ag breathnú ar bheithígh san oíche. Bíonn lóchrann breá air
 
Tá sé fánach aige a bheith ag caint anois. Breá nár thapaigh sé a ghnaithe in am? Ach ní bhíonn aon chíos ar an gcaint ar ndóigh
+
féar
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo — tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
TUILLEADH (1) ▼
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsomhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-éireofá aisti
 
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
+
fíóg
Ba cheart duit gabháil fhíóg a bhaint. Bheadh solas breá orthu tharla nach bhfuil aon ola lampa le fáil
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh slám fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleoireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íospairt mhór orthu anuraidh
 
fóir
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirithint) bhreá dhom ar an bpian — fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
 
An bhfaca tú aon duine chomh mórfhoclach léithe ó rugadh thú? 'Cailleadh sé bhodóig bhreá ar Sheán anuraidh le ceathrú ghorm.' Cén uair a bhí sé bhodóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó i ndáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
 
cab
Is annamh a d'fheicfeá cab ar bith anois, mar a bhfeicfeá ar chorrsheanfhear é. Tá cab breá gaelach ar Sheán fós.
 
Tá cairín breá rite aige siúd le aghaidh na bróige!
+
Ba bhreá an rud carcair bhreá ghiúsaí anois in aice na móna sin.
TUILLEADH (1) ▼
Níl údar tine ar bith is fhearr ná is buaine ach an oiread, ná carcair mhaith ghiúsaí. Nár bhreá í ar an aimsir seo, tharas a bheith i gcleithiúnas na seanspairtigh sin nach bhfuil sponc ná teas inti!
 
carn
San am a dtagann an uair bhreá sea is measa a bhím. Ní bhím carnaithe chor ar bith ar aimsir sheaca ná ar chruas. Ach saothraím é i gcónaí an tráth seo bhliain.
+
ceal 1
Ní dhéanfaidh tú aon dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breá nach gcuireann tú fios ar oirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Déarfaidh mise suas leis an smut aige gurb é fhéin is ciontaí ó thús deireadh go tosaigh, agus déanadh sé a rogha ceal di más breá leis.
 
Breá nár fhan tú go gceartaíodh sé an scéal duit.
 
Níl bounce ar bith sa spadalach sin. Breá ó fuaidh sibh dhá tabhairt libh, nár thug sibh móin ar fónamh libh, seachas an chinceach sin nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
 
Ar éigean na gcor agus na gcnámh a fhéadanns muid é a chur abhaile oíche ar bith ach ag cipiléireacht chainte ansin go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis, rachaidh mise a chodladh feasta agus fanadh sé go maidin más breá leis é.
 
Más leat ciseach a dhéanamh dhíot fhéin, téirigh amach inniu. Dheamhan an mbeadh a leathoiread súnáis oibre ort lá breá.
 
clab
Breá nach ndúnfá do chlab agus gan a bheith ag síor-rá i gcónaí.
 
Is mór an babhta uirthi an méid sin claonfhéachainte, arae ba bhreá an bhean a bheadh inti murach é.
+
cleite
Múinfidh sin thú! Breá ar chuir tú do chleite ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag cinnt orm abhras ar bith a bhaint as an gcleite cainte atá oraibh. Breá nach ag caint ar fheamainn dearg, nó ar phósaíochaí, nó ar earrach a bheadh sibh?