—
buadhanaigheacht, "luibh", easarlaigheacht, draoidheacht, cumhacht ar leith a thagas ó'n sluagh sidhe nó a mhacsamhail; "an tSeamair Mhuire".
+–
Tá briotais eicínt aige, le go dtáinic sé slán.
Marach an bhriotais a bheith aige, ní fhéadfadh sé a mealladh.
TUILLEADH (14) ▼
Tá briotais eicínt aige, le na cártaí, go bhfuil buadh imeartha aige i gcomhnuidhe.
As 'luibheannaí' a fuair sé an bhriotais = de bharr a bheith a' baint luibheanna a's a' baint feasa astu, a fuair sé an buadh atá aige.
Tá buadh nó briotais eicínt aige, thar aon-duine dhá bhfaca mise in mo shaoghal ariamh.
Faoi sceich eicínt a fuair sé an bhriotais, gur ghnothuigh sé a raibh ann. (Castar go minic le duine a mbíonn ádh imeartha air i gcártaí, go raibh sé "faoi sceich", a' faghail feasa ó na "daoine maithe", nó a' baint luibheann, a's gurbh amhla a d'eirigh buadh imeartha nó'n "bhriotais" leis).
Tá briotais eicínt aige, le go n-eirigheann 'chuile obair leis a gcuireann sé a láimh innte.
'S furast aithinte ort go bhfuair tú briotais in áit eicínt.
Ní raibh buadhanuigheacht ná briotais ag aonduine ariamh nach bhfuil aige.
Hébrí cé'n bhriotais a bhí aige chor a' bith, chuir sé faoi ndeara di é 'phósadh, agus sin é an lá a ndearna sí a creach.
Tá briotais eicínt aige leis an imirt, go ngnothuigheann sé ar chuile dhuine.
Má dhéanann briotais dhó é, marbhócha sé iasc.
Le briotais 'imrighea(nn)s sé ar chuile dhuine = le buadh eicínt atá aige a eirigheas leis 'chuile dhuine a mhilleadh, nó'n cluithche claonach imirt orra, nó doibeart a dheanamh orra.
'Sé shean-athair — S. na luibheannaí — a mhúin an bhriotais dhó.
Níl aon ghna(ithe) agad a dhul i nglacamas lámh leis siúd. Imreocha sé ort le teann briotaise.
Ní le stuaim, ach le briotais a (gh)nío(nn)s sé tada.
Briotais in iontrálacha eile (3)
→
fiar
Cuirfidh mé geall leat go dtiúrfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé is chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
→
istigh
Ní bheadh fhios agad cé'n bhriotais (cé'n bhuadh, cé'n ara etc) a bhí aige gur fhéad sé a dhul taobh istigh de Sheán.
→
deara
Chuir sé faoi deara do'n fhear thiar eirghe as an ól muis, rud a chinn ar 'chuile dhuine eile, pébrí cé'n bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé cho maith dhuit fuath-fíonna a thairiscint dó le pórtar. Ní thiubharfadh sé bolg dó, a dhearbhráthair