—
buannaíocht, luibh, asarlaíocht, draíocht, cumhacht ar leith a thagas ón slua sí nó a mhacasamhail; an tSeamair Mhuire.
+–
Tá briotais eicínt aige le go dtáinig sé slán.
Murach an bhriotais a bheith aige, ní fhéadfadh sé a mealladh.
TUILLEADH (14) ▼
Tá briotais eicínt aige le na cártaí go bhfuil bua imeartha aige i gcónaí.
As luibheannaí a fuair sé an bhriotais — de bharr a bheith ag baint luibheanna agus ag baint feasa astu a fuair sé an bua atá aige
Tá bua nó briotais eicínt aige thar aon duine dhá bhfaca mise in mo shaol ariamh.
Faoi sceich eicínt a fuair sé an bhriotais gur ghnóthaigh sé a raibh ann. (Castar go minic le duine a mbíonn ádh imeartha air i gcártaí go raibh sé "faoi sceich", ag fáil feasa ó na daoine maithe, nó ag baint luibheann, agus gurbh amhlaidh a d'éirigh bua imeartha nó an "bhriotais" leis)
Tá briotais eicínt aige le go n-éiríonn chuile obair leis a gcuireann sé a láimh inti.
Is furasta a aithinte ort go bhfuair tú briotais in áit eicínt.
Ní raibh buannaíocht ná briotais ag aon duine ariamh nach bhfuil aige.
Hé brí cén bhriotais a bhí aige chor ar bith, chuir sé faoi ndeara di é a phósadh agus sin é an lá a ndearna sí a creach.
Tá briotais eicínt aige leis an imirt go ngnóthaíonn sé ar chuile dhuine.
Má dhéanann briotais dhó é, maróidh sé iasc.
Le briotais a imríonns sé ar chuile dhuine — le bua eicínt atá aige a éiríos leis chuile dhuine a mhilleadh, nó an cluiche claonach imirt orthu, nó dobeart a dhéanamh orthu.
'Sé a sheanathair — S. na luibheannaí — a mhúin an bhriotais dhó.
Níl aon ghnaithe agat a dhul i nglacamas lámh leis siúd. Imreoidh sé ort le teann briotaise.
Ní le stuaim ach le briotais a níonns sé tada.
briotais in iontrálacha eile (3)
→
fiar
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
→
istigh
Ní bheadh a fhios agat cén bhriotais (cén bhua, cén ara srl.) a bhí aige gur fhéad sé a dhul taobh istigh de Sheán
→
deara
Chuir sé faoi deara don fhear thiar éirí as an ól muis, rud a chinn ar chuile dhuine eile, pébrí cén bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé chomh maith dhuit fuafíonaigh a thairiscint dó le pórtar. Ní thabharfadh sé bolg dó, a dheartháir