Brobhais
—Achréidh
—
sop, nó salachar i bhfataí nó ingort.
+–
Tá'n cur faoi bhrobhais fré chéile (ní brob, bruibh é).
Tá mé meathta ag an ngort-ghlanadh imbliadhna, le na 'bhfuil de bhrobhais sa gcur agam.
TUILLEADH (6) ▼
Sé'n cur óg is measa le sponnc a's brobhais a's broimfhéar.
Ní bheidh mé as (gort) amach imbliadhna, mar tá sé ithte le brobhais a's salachar.
Is beag a bheidheas agam de bharr an ghuirt sin, le na bhfuil de bhrobhais ann.
Níl fata de bhláth bliadhna agam, ach brobhais a's sop.
Chuirfidís (fataí) cantal ort, mar tá siad lán brobhais ó sháil go rinn.
Tá'n tabhairt sa talamh ceart go leor, ach is tabhairt brobhaise é (duine adubhairt le fonóid faoi thalamh a bhí fear eile a mholadh).