brobhais
—Achréidh
—
sop, nó salachar i bhfataí nó i ngort.
+–
Tá an cur faoi bhrobhais fré chéile (ní brobh, broibh é)
Tá mé meata ag an ngortghlanadh i mbliana lena bhfuil de bhrobhais sa gcur agam.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé an cur óg is measa le sponc agus brobhais agus broimfhéar.
Ní bheidh mé as (gort) amach i mbliana mar tá sé ite le brobhais agus salachar.
Is beag a bheas agam de bharr an ghoirt sin lena bhfuil de bhrobhais ann.
Níl fata de bhláth bliana agam ach brobhais agus sop.
Chuirfidís (fataí) cantal ort mar tá siad lán brobhais ó sháil go rinn.
Tá an tabhairt sa talamh ceart go leor, ach is tabhairt brobhaise é (duine adúirt le fonóid faoi thalamh a bhí fear eile a mholadh)