Brogús
—
duine dúnárusach, dorcha, daoitheamhail, aisteach; "púca"; búrla de dhuine.
+–
Is furasta stuaic a chuir ar a' mbrogús sin.
Cé'n sórt brogús de dhuine thú féin, nach labhr(óchth)á le duine, nuair a chas(f)aidhe ort é.
TUILLEADH (15) ▼
Brogús bradach gan mórán sása(imh) é P. Mh.
Bhainfeá ceart eicínt dhe fhéin, marach a' brogús de bhean atá aige.
Chuaidh mé go dtí giall a' doruis, ach nuair a chonnaic mé an brogús sin thiar istigh, d'fhill mé ar mo sháil aríst.
Níl aon-duine faoi'n mbogha bán is luathadh (lughar) liom ná'n ceann céadna. Tá sé 'na bhrogús chríochnuighthe.
Bhí duine de bhrogúis Chonamara istigh, a's ní dhearna mé aon-mhoill.
Níl aon-bhaile brogús faoi bhéal an aeir, is mó ná'n baile sin. Brogús 'chuile dhuine dhá bhfuil istigh ar 'fhuaid.
Chuir mé aighneas ar a' mbrogús, ach ní dhearna sé an oiread a's beannú dhom.
Sin é an chaoi ar chéas mise an lá, idteannta na mbrogúis sin thiar i nG. Ch.
Níl gna(ithe) ag aon duine 'seadh ná ní h-eadh' a rádh le na brogúis sin, mar níl acmhúinn grínn a' bith aca(b).
Ní dhéanaim fhéin níos aoirde ná beannú dhó, mar ní bheadh fhios agad, céard déarfá leis a' mbrogús.
Brogús bhradach dhorcha í sin, a's í chomh h-íogmhar annsin, má's fíor di fhéin.
Bhuail an brogús pus air fhéin, ar a' toirt, á's b'éigin do Chóilín, an bharamhlacht a chaith(eamh) thairis.
Ná bac le greann, 'san áit a bhfuil na brogúis sin. Níl fhios aca(b) céard é.
Bhí dhá bhrogús de dhá 'Ghaedhilgeoir' annseo, an bhliadhain cheana, a's ní fhéadfá breathnú cam orra(b) nach n-ionnsochaidís thú.
Ní beag de'n bhrogús sin, chomh dona a's 'tá sé cheana, a's gan tusa a bheith dhá shaghdadh tuille.