Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
brogús
duine dúnárasach, dorcha, daoithiúil, aisteach; púca; burla de dhuine.
+
Is furasta stuaic a chur ar an mbrogús sin.
Cén sórt brogús de dhuine thú féin, nach labhrófá le duine nuair a chasfaí ort é.
TUILLEADH (15) ▼
Brogús bradach gan mórán sásaimh é P. Mh.
Bhainfeá ceart eicínt dhe fhéin murach an brogús de bhean atá aige.
Chuaigh mé go dtí giall an dorais, ach nuair a chonaic mé an brogús sin thiar istigh, d'fhill mé ar mo sháil aríst.
Níl aon duine faoin mbogha bán is luatha (luar) liom ná an ceann céanna. Tá sé ina bhrogús chríochnaithe.
Bhí duine de bhrogúis Chonamara istigh agus ní dhearna mé aon mhoill.
Níl aon bhaile brogús faoi bhéal an aeir is mó ná an baile sin. Brogús chuile dhuine dhá bhfuil istigh ar a fhuaid.
Chuir mé aighneas ar an mbrogús ach ní dhearna sé an oiread agus beannú dhom.
Sin é an chaoi ar chéas mise an lá, i dteannta na mbrogúis sin thiar i nG. Ch.
Níl gnaithe ag aon duine sea ná ní hea a rá le na brogúis sin, mar níl acmhainn grinn ar bith acub.
Ní dhéanaim fhéin níos airde ná beannú dhó, mar ní bheadh a fhios agat céard adéarfá leis an mbrogús.
Brogús bhradach dhorcha í sin, agus í chomh híogmhar ansin más fíor di fhéin.
Bhuail an brogús pus air fhéin ar an toirt agus b'éigean do Chóilín an bharúlacht a chaitheamh thairis.
Ná bac le greann san áit a bhfuil na brogúis sin. Níl a fhios acub céard é.
Bhí dhá bhrogús de dhá Ghaeilgeoir anseo an bhliain cheana agus ní fhéadfá breathnú cam orthub nach n-ionsóidís thú.
Ní beag don bhrogús sin, chomh dona agus atá sé cheana agus gan tusa a bheith dhá shaighdeadh tuilleadh.