Broím (bruím?)
1.
gaoth thríd an gcolainn.
2.
a' gabhail ingeallta; a' gabhail le cuthach; faoi olc mór; meargántacht (ní cloistear é ach amháin le "le" – "le bruim".)
+–
Bhí an fear le bruím = bhí sé gabhail ingeallta; le cuthach.
Chaith sé an lá le bruím = bhí cuthach air ar feadh an lae.
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé le bruím a mhic ó mo chroidhe faoi nach gcoinneochainn na bainbh uaidh
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith a' breathnú ar Mh. P. Bh. le bruím, th'éis am' dinnéir indé, in áit a dtáinic bó le Tom Sh. i mbradghail ar a chuid.
Bhí an capall a' gabhail le bruím, nuair a chonnaic sí an traen.
Ar ín ar éigin a cheannsuigh muid a' bromach chor a' bith, an chéad lá 'bhfaca sí an 'steam-roller'.
Bhí an t-asal a' gabhail le bruím ar a' mbóthar indiu, mar ghlac sé scáth leis a' mbus.
Tá Seumas le bruím ó mhaidin d'uireasba tobac.
Sin é an droch-éadáil nuair a bhío(nn)s sé le broím; ní áirge mhór a' bith é, a's é le broím.
Siúd é 'ná bain liom' a's é le bruím.
Shílfeá nar mhór dhó ughdar ní b'fhearr ná sin le 'na chur le broím.
Is éasca léithe a dhul le bruím, má baintear geite 'bith aiste (capall).
Spréach sé, a's chuaidh sé le bruím ar a' bpuínnte = bhuail cuthach é.