broim
1.
gaoth thríd an gcolainn.
2.
ag gabháil i ngeallta; ag gabháil le cuthach; faoi olc mór; meargántacht ní cloistear é ach amháin le le – le broim
+–
Bhí an fear le broim — bhí sé gabháil i ngeallta; le cuthach
Chaith sé an lá le broim — bhí cuthach air ar feadh an lae
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé le broim a mhic ó mo chroí, faoi nach gcoinneoinn na bainbh uaidh
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú ar Mh. P. Bh. le broim théis am dinnéir inné, an áit a dtáinig bó le Tom Sh. i mbradaíl ar a chuid.
Bhí an capall ag gabháil le broim nuair a chonaic sí an traein.
Ar ín ar éigean a cheansaigh muid an bromach chor ar bith an chéad lá a bhfaca sí an steamroller
Bhí an t-asal ag gabháil le broim ar an mbóthar inniu mar ghlac sé scáth leis an mbus
Tá Séamas le broim ó mhaidin d'uireaspa tobac
Sin é an drochéadáil nuair a bhíonns sé le broim; ní áirge mhór ar bith é agus é le broim
Siúd é ná bain liom agus é le broim.
Shílfeá nár mhór dhó údar ní b'fhearr ná sin lena chur le broim.
Is éasca léithe a dhul le broim má baintear geitear bith aisti (capall)
Spréach sé agus chuaigh sé le broim ar an bpointe — bhuail cuthach é
broim in iontrálacha eile (1)
→
droim
Sin broim ar chuma ar bith a d'éirigh de dhroim caca. Murach gurb ea, ní fhéadfadh sé a bheith chomh bréan agus atá sé. Tá tú tolgtha a dhiabhail nó d'ith tú rud caillte eicínt. Níl a fhios agam nach ndeachaigh tú ag comórtas le na madraí faoi sheanchapall an tincéara a cailleadh ansin thíos arú inné. Osclaidh a bhfuil de dhoirse ar an teach nó bréanfaidh sé muid