Broimseálacht
—
a' gabhail le bruím; a' gabhail ingeallta a' gabhail (ch)un meargántachta nó le cuthach.
+–
Bhí sé a' bruimseálacht a's ag iarraidh achrainn i muinghnín a chruite i gcaith(eamh) na h-oidhche.
Is furasta leis a' gcapall sin ag Stiophán tosuigh a' broimseálacht a's scáth a ghlacadh.
TUILLEADH (13) ▼
Leig de do chuid broimseálacht' anois ar mhaith leat fhéin.
Chaith sé an oidhche a' broimseálacht, a's a' lonnú achrainn.
Níl aon-cheo indon an bhroimseálacht sin a bhaint aiste (i.e. as capall) ach neart oibre.
Rinne sí staic in ucht an aoird, a's thosuigh sí a' bruimseálacht a's a' gabhail indiaidh a cúil (capall faoi charr).
Má mhaireann di ar a' mbroimseálacht sin, caithfe sé í 'dhíol aríst.
Beidh sé ar a' mbroimseálacht sin, go ngortuighthear é as a dheire.
Ní dhrannfadh sé le na bhéilidhe le teann broimseálachta.
Chaith sé fada go leor a' broimseálacht. Ná raibh Dia leis anois, mara bhfuil sé ceannsuighthe!
Má theang(mh)uigheann a' fuisce leis siúd, tiocfa sé ar bhroimseálacht.
Deir tú leis, a thosuigh a' broimseálacht as comhair a' tighe!
Cuirfe mise ó bhroimseálacht é, sin, ach a' sroiche mé chomh fada leis.
Tá'n droch-éisc istigh. Marach go bhfuil, ní bheadh sé a' broimseálacht mar sin, go h-acht a's go h-áithrid.
D'ionnsuigh an capall a' broimseálacht, a's d'ionnsuigh bean a' tinncéara a' gabhailt uirre, chomh maith in Éirinn a's bhí sí indon, a's dheamhan a bhfaca tú a leithide de phíosa ariamh a's bhí ann.
Broimseálacht in iontrálacha eile (3)
Deirimse broimseálacht leat, ach siúd í an broimseáluidhe. Níl forus ná suaimneas ag aon-duine atá in a h-aice.
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir annseo, agus ag cur amach an droch-fháisc: rud atá ann go fairsing
→
daibéad
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear cho h-éidtreorach leis. Dhá dtosuigheadh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon-cheart a bhaint di