Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
broimseálacht
ag gabháil le broim; ag gabháil i ngeallta; ag gabháil chun meargántachta nó le cuthach.
+
Bhí sé ag broimseálacht agus ag iarraidh achrainn i muinín a chruite i gcaitheamh na hoíche.
Is furasta leis an gcapall sin ag Stiofán tosaí ag broimseálacht agus scáth a ghlacadh.
TUILLEADH (13) ▼
Lig de do chuid broimseálachta anois ar mhaithe leat fhéin.
Chaith sé an oíche ag broimseálacht agus ag lonnú achrainn.
Níl aon cheo in ann an bhroimseálacht sin a bhaint aisti (.i. as capall) ach neart oibre.
Rinne sí staic in ucht an aird, agus thosaigh sí ag broimseálacht agus ag gabháil i ndiaidh a cúil (capall faoi charr)
Má mhaireann di ar an mbroimseálacht sin, caithfidh sé í a dhíol aríst.
Beidh sé ar an mbroimseálacht sin go ngortaítear é as a dheireadh.
Ní dhrannfadh sé lena bhéilí le teann broimseálachta.
Chaith sé fada go leor ag broimseálacht. Ná raibh Dia leis anois mura bhfuil sé ceansaithe!
Má theangaíonn an fuisce leis siúd, tiocfaidh sé ar bhroimseálacht.
Deir tú leis a thosaigh ag broimseálacht os comhair an tí!
Cuirfidh mise ó bhroimseálacht é sin ach a sroiche mé chomh fada leis.
Tá an drochéisc istigh. Murach go bhfuil, ní bheadh sé ag broimseálacht mar sin go hacht is go háirid.
D'ionsaigh an capall ag broimseálacht agus d'ionsaigh bean an tincéara ag gabháilt uirthi chomh maith in Éirinn agus a bhí sí in ann, agus dheamhan a bhfaca tú a leithide de phíosa ariamh agus a bhí ann.

broimseálacht in iontrálacha eile (8)

 
Deirimse broimseálacht leat, ach siúd í an broimseálaí. Níl foras ná suaimhneas ag aon duine atá ina haice.
 
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir anseo agus ag cur amach an drocháisc: rud atá ann go fairsing
 
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear chomh héidreorach leis. Dhá dtosaíodh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon cheart a bhaint di
 
daol
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh daol eicínt leis ar maidin agus é a bheith ag imeacht ag broimseálacht mar sin. Ní réiteach don teach muis má tá dhá cheann an tí thrí lasadh mar sin (an fear agus an bhean ag troid). Ach b'fhurasta a aithinte nach i bhfad a bhainfidís amach suaimhneach agus an deis a bhí uirthi féin oíche na bainse
 
dearg 2
Tá deargadh tiaraí air, agus na míoltógaí agus na cleabhair ag déanamh ball séire air. Seachnaígí sibh fhéin air. Má theangaíonn sibh leis an leath deiridh chor ar bith aige, tosóidh sé ag broimseálacht
 
déan 1
Thug sí rud le déanamh dom a tabhairt anoir chor ar bith. Ar an dá luath is a bhfaca sí (capall) an chéad mhótar, d'ionsaigh uirthi ag broimseálacht agus ag dul i ndiaidh a cúil, agus ba mhaith an dícheall dom a ceansú chor ar bith. Agus bhí sí ar an gceird sin anoir ar feadh an bhealaigh
 
dóigh 1
Níor chuibhiúil an dóigh d'aon bhean tosaí ag broimseálacht mar sin os comhair lán tí. Ach is cuma leis an rúisc siúd céard a dhéanfas sí. Dá mba mise a fear bheinn ag gabháilt uirthi an fhad is a gheobhainn teas ina craiceann
 
D'áitigh an capall ag broimseálacht agus ag dul chun meargántachta agus shíl mé nach gceansóinn chor ar bith í. Tá sí chomh giongach leis an diabhal nuair a fheicfeas sí bus, agus ní ghlacann sí scáth roimh na mótair bheaga chor ar bith. Nach aisteach sin anois