Bruithneog
—
toit, nó fasair fhataí a róstadh len ithe, gan iad a bhruith ná a sheicheadh. (Déantar amuigh is na guirt é, aimsear baint' na bhfataí, nó istigh ar a' teallach).
+–
Cuirigidh síos bruithneog daoib fhéin.
Róst sé bruithneog fhataí amuigh ar a' gcínn-fhearainn.
TUILLEADH (7) ▼
Tá na bruithneogaí caithte in aer ar fad anois.
Ba mhaith le duine aige bruithneog roimhe seo, ach ní thiubharfadh an aos óg bolg dóib anois.
Ba mhaith leat agad bruithneog fhataí, nuair a bheadh a' t-ocras ort.
Chuir sé síos bruithneog fhataí, a's toit bháirne dhó fhéin.
Ba mhaith an bheatha iad na bruithneogaí, ach tá na daoine ro-bheaduidhe anois, le na n-ithe.
Ba bhreagh an rud bruithneog, a's muigín bainne géar.
Bhí bruithneog fhataí thíos aige, a's é 'diúrnáil na luaithe orra.
Bruithneog in iontrálacha eile (5)
→
dreach
Ní hé dreach na mbruithneog atá uirre sin chor ar bith, mar adubhairt S. G. le inghin Ch. an uair a tháinig sí aniar as an gC. R.
→
driopás
D'fhéadfá a rádh go raibh driopás ormsa, arae bhí faitíos orm nach mbéarfadh an sagart uirre beo. Mo chreach mhaidne ghéar tú, is uirre nach raibh an mhairg roimhe: in a suidhe suas ag ithe bruithneoige di féin as an ngríosaigh. Cuirfidh sí fód orainn uiliog fós. Ach má mhaireann di le na h-ualaighe siúd, ní bheidh deoir ar bith ola ag an sagart, 'nuair a theastóchas an ola a dhul orainne
→
dúlaí
Bhí sé an-dúlaidhe ag na bruithneoga 'chuile lá ariamh. Chaith mé fhéin agus é féin seachtain ag baint fhataí fadó ag J. thíos ag an gcladach. Dheamhan lá dhá n-eirigheadh air nach róstadh sé trí nó ceathair de bhruithneogaí ar an leic ins an D. Ghreamuigh an faisean dó ariamh, is cosamhail