bruithneog
—
toit nó fasair fhataí a róstadh le n-ithe, gan iad a bhruith ná a sheithiú. Déantar amuigh sna goirt é aimsir bainte na bhfataí, nó istigh ar an teallach.
+–
Cuirigí síos bruithneog daoibh fhéin.
Róst sé bruithneog fhataí amuigh ar an gcinnfhearainn.
TUILLEADH (7) ▼
Tá na bruithneogaí caite in aer ar fad anois
Ba mhaith le duine aige bruithneog roimhe seo, ach ní thabharfadh an aos óg bolg dóibh anois
Ba mhaith leat agat bruithneog fhataí nuair a bheadh an t-ocras ort.
Chuir sé síos bruithneog fhataí agus toit bhairnigh dhó fhéin
Ba mhaith an bheatha iad na bruithneogaí, ach tá na daoine róbheadaí anois lena n-ithe.
Ba bhreá an rud bruithneog agus muigín bainne géar.
Bhí bruithneog fhataí thíos aige agus é 'ag diurnáil na luatha orthu.
bruithneog in iontrálacha eile (6)
Tá fataí céadfhómhair ar ghort an bhaile. Tharraing mé das ansin thiar inniu agus bhí cuasnóg faoi: chomh mór agus a bheas siad. D'fhéadfaí a bheith ag baint béilí astu anois chuile lá feasta. M'anam nach mór sin. Dheamhan an bhruithneog fhéin seanfhataí againne anois, hé brí céard a dhéanfas aon duine eile. Is dóigh go bhfuil chuile dhuine chomh sportha linn
→
dreach
Ní hé dreach na mbruithneog atá uirthi sin chor ar bith, mar adúirt S. G. le inín Ch. nuair a tháinig sí aniar as an gC. R.
→
driopás
D'fhéadfá a rá go raibh driopás ormsa, arae bhí faitíos orm nach mbéarfadh an sagart uirthi beo. Mo chreach mhaidne ghéar tú, is uirthi nach raibh an mhairg roimhe: ina suí suas ag ithe bruithneoige di féin as an ngríosaigh. Cuirfidh sí fód orainn uileag fós. Ach má mhaireann di le na hualaí siúd, ní bheidh deoir ar bith ola ag an sagart nuair a theastós an ola a dhul orainne
→
dúlaí
Bhí sé an-dúlaí ag na bruithneoga chuile lá ariamh. Chaith mé fhéin agus é féin seachtain ag baint fhataí fadó ag J. thíos ag an gcladach. Dheamhan lá dhá n-éiríodh air nach róstadh sé trí nó ceathair de bhruithneogaí ar an leic sa D. Ghreamaigh an faisean dó ariamh is cosúil