1.
bráigill; maoin; deis; áirgí a's 'chuile rud dhá bhfeilfeadh a's dhá bhfoghanfadh do dhuine, faoi chomhair maireachtála.
+–
Tá bruth-shléacht air (nó aige) = tá maoin, bráigill etc. aige.
Th'éis a bhfuil de bhruth-shléacht air, is mór atá an aois a' tuitim air = th'éis go bhfuil 'chuile shórt ar fheabhas aige — togha bidh a's rud le cailleadh leis fhéin — tá cuma na h-aoise a' teacht air.
TUILLEADH (14) ▼
Tá bruth-shléacht a's bráigíll ar a' mbuachaill sin.
Is beag a' mhaith dhó a chuid bruth-shléachta anois. Tá a shraith ar lár.
Dheamhan ughdar a' bith casaoid' aige faoi'n saoghal. Tá neart bruth-shléachta air.
Dhá mbeadh an oiread bruth-shléachta orainne a's tá air, mise imbannuidhe dhuit, go gcuirfeadh muid caitheamh ann.
Is cruadhaichte í ná na clocha glasa, th'éis a bhfuil de bhruth-shléacht uirre. A' mbeadh fhios aghad, tuige a mbíonn daoine chomh caillte sin?
Is diabhaltaidhe a bochtuigheadh é, a's a raibh de bhruth-shléacht ar tamall!
Is dhóib ab fhusa bruth-shléacht a bheith orra(b), lá's go bhfaghaidís amadáin le na gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóib. Ach tá ciall ag daoine anois fharra's an uair sin.
Tá sé in a bhruth-shléacht le na bhfuil aige de chuile rud — féar, fataí 's coirce.
Níl cinneadh 'bith le na bhfuil de bhruth-shléacht aige.
Tá S. in a bhruth-shléacht le 'chuile dheis, ó d'fhága sé an sean-teach. B'ádhamhail a' lá dhó an teach nuadh a dhéanamh. Tá sruth a's gaoith leis ó shoin.
Má tá bruth-shléacht fhéin air, is furasta an droch-bhail a chuir ar sin aríst. Ar chuala tú ariamh é 'nach dtáinic cruinnigheadóir ariamh, nach dtiocfadh scaipeadóir in a dhiaidh'. Is mór atá mise ag dul amudha muis, nó caithfe an mac cuid an athar.
Is furasta do na siopadóirí sin bruth-shléachta a bheith orra, a's mo chuid-sa, a's do chuid-sa, a's cuid 'chuile dhuine eile thíos in a bpóca.
Dhá mbeadh caitheamh a's faghail agam, níor mhiste liom faoi bhrugh-shléacht. Is maith an rud riar.
Má tá bruth-shléacht fhéin air, is maith an aghaidh sin air!
2.
raic, mioscas, sléachtadh, míonós, árduighthe.
+–
Teirigh i gcoinne 'fags' dó siúd, nó beidh sé in a bhruighshléacht aige 'nuair a thiocfas sé = beidh sé ag dul le buile; tarraingeocha sé raic; beidh sé a' cur a chosa uaidh, mara mbí 'fags' roimhe ar a theacht dó.
Chuala mé go raibh sé in a bhruighshléacht aige annseo thíos aréir, i ngeall ar imirt. Bhí sé 'déanamh amach go raibh daoine a' déanamh comharthaí dhá chéile ag a' gclár.
TUILLEADH (7) ▼
Bhí sé 'na bhruighshléacht indiu, thuas ag an obair — muintir a' Ph. a tháinic a' cur a gcosa uatha(b) ag iarraidh oibre. Fhobair go raibh sé 'na Chath na bPunann. Cuireadh fios ar phóilíos, sílim.
D'eirigh sé chugam in a bhruigh-shléacht a mhic ó, ag (d)ul a' baint na bputógaí asam, mara dtugainn scilling eile dhó. Ba bheag a' baoghal orm a mh'anam. Thug mé mo cheart dó.
Dheamhan mórán ughdair atá sé sin 'iarraidh le bheith in a bhruighshléacht. Is gearr siar ann atá an ghangaide.
Ná cuir araoid a' bith air maran leat bruighshléacht a's sceannach a bheith ar fud a' tighe. Má bhíodhgann sé sin aghad (chugad), ní hé an ribín réidh é, le míniú anuas aríst.
Bhí sé 'na bhruighshléacht ag teach a' phosta indiu ag lucht 'dole' ag iarraidh brughadh isteach. Ba bheag nach mb'éigean fios a chur ar phóilíos.
Ní chloisfeá méir igcluais annseo ó thuitea(nn)s oidhche ag paicle gasúr a bhrugha(nn)s isteach, ar cuairt. Bíonn sé 'na bhruighshléacht aca(b).
Óra a dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí an cladach 'na bhruigh-shléacht aige indiu, a' gabhail le cuthach faoi fheamuinn dearg, a's a rádh gur tóigeadh a roínn fhéin