1.
brá gill; maoin; deis; áirgí agus chuile rud dhá bhfeilfeadh agus dhá bhfónfadh do dhuine faoi chomhair maireachtála.
+–
Tá bruithshléacht air (nó aige) — tá maoin, brá gill srl. aige
Théis a bhfuil de bhruithshléacht air, is mór atá an aois an titim air — théis go bhfuil chuile shórt ar fheabhas aige — togha bídh agus rud le cailleadh leis fhéin — tá cuma na haoise ag teacht air.
TUILLEADH (14) ▼
Tá bruithshléacht agus brá gill ar an mbuachaill sin
Is beag an mhaith dhó a chuid bruithshléachta anois. Tá a shraith ar lár.
Dheamhan údar ar bith casaoide aige faoin saol. Tá neart bruithshléachta air.
Dhá mbeadh an oiread bruithshléachta orainne agus tá air, mise i mbannaí dhuit go gcuirfeadh muid caitheamh ann.
Is cruaichte í ná na clocha glasa, théis a bhfuil de bhruithshléacht uirthi. An mbeadh a fhios agat tuige a mbíonn daoine chomh caillte sin?
Is diabhaltaí a bochtaíodh é agus a raibh de bhruithshléacht ar tamall!
Is dhóibh ab fhusa bruithshléacht a bheith orthub, lá is go bhfaighidís amadáin lena gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóibh. Ach tá ciall ag daoine anois tharas an uair sin.
Tá sé ina bhruithshléacht lena bhfuil aige de chuile rud — féar, fataí is coirce.
Níl cinneadh ar bith lena bhfuil de bhruithshléacht aige.
Tá S. ina bhruithshléacht le chuile dheis ó d'fhága sé an seanteach. B'ádhúil an lá dhó an teach nua a dhéanamh. Tá sruth is gaoith leis ó shin.
Má tá bruithshléacht fhéin air, is furasta an drochbhail a chur ar sin aríst. Ar chuala tú ariamh é, nach dtáinig cruinníodóir ariamh nach dtiocfadh scaipeadóir ina dhiaidh. Is mór atá mise ag dul amú muis, nó caithfidh an mac cuid an athar.
Is furasta do na siopadóirí sin bruithshléachta a bheith orthu agus mo chuidse agus do chuidse, agus cuid chuile dhuine eile thíos ina bpóca.
Dhá mbeadh caitheamh is fáil agam, níor mhiste liom faoi bhruithshléacht. Is maith an rud riar.
Má tá bruithshléacht fhéin air, is maith an oidhe sin air!
2.
raic, mioscas, sléachtadh, mínós, ardaithe.
+–
Téirigh i gcoinne fags dó siúd nó beidh sé ina bhruithshléacht aige nuair a thiocfas sé — beidh sé ag dul le buile; tarraingeoidh sé raic; beidh sé ag cur a chosa uaidh, mura mbí fags roimhe ar a theacht dó.
Chuala mé go raibh sé ina bhruithshléacht aige anseo thíos aréir i ngeall ar imirt. Bhí sé ag déanamh amach go raibh daoine ag déanamh comharthaí dhá chéile ag an gclár.
TUILLEADH (7) ▼
Bhí sé ina bhruithshléacht inniu thuas ag an obair — muintir an Ph. a tháinig ag cur a gcosa uathub ag iarraidh oibre. Fhóbair go raibh sé ina Chath na bPunann. Cuireadh fios ar phóilíos sílim.
D'éirigh sé chugam ina bhruithshléacht a mhic ó, ag dul ag baint na bputógaí asam mura dtugainn scilling eile dhó. Ba bheag an baol orm a mh'anam. Thug mé mo cheart dó.
Dheamhan mórán údair atá sé sin a iarraidh le bheith ina bhruithshléacht. Is gearr siar ann atá an ghangaide.
Ná cuir araoid ar bith air muran leat bruithshléacht agus sceanach a bheith ar fud an tí. Má bhíogann sé sin agat (chugat), ní hé an ribín réidh é le míniú anuas aríst.
Bhí sé ina bhruithshléacht ag teach an phosta inniu ag lucht 'dole' ag iarraidh brú isteach. Ba bheag nach mb'éigean fios a chur ar phóilíos.
Ní chloisfeá méir i gcluais anseo ó thiteanns oíche ag paicle gasúr a bhrúnns isteach ar cuairt. Bíonn sé ina bhruithshléacht acub.
Óra a dheartháir mo chroí thú, bhí an cladach ina bhruithshléacht aige inniu, ag gabháil le cuthach faoi fheamainn dearg agus ag rá gur tógadh a roinn fhéin
bruithshléacht in iontrálacha eile (7)
→
ceal 1
Mura bhfuil brá gill agus bruithshléacht air, ní cheal a shaothraithe é. Ach níl tada ag éirí leis an duine bocht. Tá an díleá ar a chuid.
Bhí sí crua coinneálach i gcionn tí ariamh, agus tá a shliocht uirthi: an bhfuil aon duine sa tír a bhfuil an oiread bruithshléacht uirthi léithe anois?
Dhá choitianta dhá mbíonn sé i dteach an ósta muis, tá an saol ag féithiú leis. Daighean mise go bhfuil an oiread bruithshléacht ar a theach agus a bhí ariamh.
→
cuntanós
Is beag an cuntanós atá ag an bplíoma de shiopadóir sin d'aon duine a bhfuil leithphínn rua glite air ann (glite = dlite). Ach mise i mbannaí, má thagann aon duine isteach a bhfuil bruithshléacht ar bith air, gur aige a bheas an fháilte agus an chroitheadh lámha roimhe.
Ba deas slachtmhar an bhean í, agus féacha an sórt fear a fuair sí faoi dheireadh — cráisiléad mór bunaosta, agus boilgín chomh rite air le sac arbhair. Ach chreidim hé bí (pé ar bith) cén chaoi a raibh sé nó nach raibh sé, go raibh bruithshléacht agus brá gill air. I ndiaidh an tsolamair a bhíonns an grá.
An bhfeiceann tú T. Níor thug sé pionta pórtair ná gloine fuisce do Dhia shúlach ariamh. Dhá gcastaí leat é i ngaireacht ar bith do theach ósta, d'iontódh sé a chúl leat nó bhreathnódh sé i dtaobh eicínt eile. Dar mo choinsias, is minic a chonaic mé dhá dhéanamh é. Ach ní raibh aon fhear sna seacht bpobail is mó a ghníodh bruithshléacht ná é nuair a bhíodh bainis ná rud ar bith aige féin. Phós sé ceathar iníon in imeacht ceathar nó cúig de bhlianta, agus rinne sé an flaisc céanna leis an mbainis deiridh a rinne sé leis an gcéad bhainis. Ní raibh aon fhear sa teach nach raibh dallta ar meisce
→
dligh
Dhligh sé bainis anseo ach níor dhligh sé aon chuairt mhíosa. Dar ndóigh dhá dtéadh muid ag déanamh bruithshléacht mar sin, bheadh an tír ar an gcuairt mhíosa mar a bhí ar an mbainis. Dar príosta 'sé atá gothúil. Má théann sé aige sin, inseoidh mise suas don phus aige é