Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Brád, Brádán
Brád = mar seo a bhíos sé ar an Achréidh, ní abruighthear "brádán" ann. Brádán = seo é deirtear i gConamara i gcomhnuidhe, ní abruightear brád aindeoin gurab é an bun-fhocal é.
focla an-choitchiannta iad brád, brádán
mion-bháisteach, ceo reatha; ceobrán trom báistighe. ("drizzle").
+
Gabh isteach ó'n mbrád.
Tháinic sé 'na bhrád báistighe.
TUILLEADH (12) ▼
Tá an-bhrád báistighe ann.
Is gearr a bheitheá de do fhliuchadh faoi'n mbrád sin.
Shílféa nach raibh ann ach mion-bhrád, a's d'fhliuch sé go craiceann mé 'na dhiaidh sin.
Ní dhéanfa sé ach brád, ach cé measa dhúinn a dhonacht.
Is olc a rachas an brád seo do choirce atá ar sraith.
Is iomdha duine ar rug an brád báistighe seo indiu air (a' cur isteach coirce etc).
Ní raibh ach an féar leigthe amach ar éigin agam, nuair a tháinic an brád.
Nach ciotach a chaithfeadh an brád báistighe sin breith orainn ar a' mbóthar.
Ní leaghfa an brád beag sin thú, le na dhul amach faoi.
Scuir mé (d'eirigh mé as obair) chomh luath a's thainic an brád.
Bhí an lá meathta orainn (briste) de bharr an bhráid sin a chaith sé taca am' eadarshutha = bhí an lá amudha orainn nó briste
Nuair a chonnaic mé an brád báistighe sin, shíl mé go ndéanfadh sé lá as éadan de.
+
Brádán fliuch go leor é.
Bhí brádáinnín beag báistighe ann.
TUILLEADH (9) ▼
Shíl mé nuair a chonnaic má an brádán go ndéanfadh sé lá sa gclaidhe (féach "claidhe").
A' neartú tá an bradán: 'sé mo thuairim gur lá briste é.
Is mór a' mhaith ar a' gcur a' brádáinín sin fhéin, mar bhí sé spalptha ar fad = seargtha, feoidhte.
Bainfe sé an lá amach leis a' mbrádán seo anois.
Ní fhéadfá a dhul amach ar a' mbrádán seo, mara ndéana sé aith-deala
Ná teirigh amach faoi'n mbrádán sin, nó beidh tú fliuch báidhte gan mórán achair
Tá mion-bhrádán ann, ach níl sé an-trom.
Cá mbeitheá a' tabhairt t'aghaidh a's an brádán báistighe atá sé 'chaith(eamh).
Is dona na gnaithí 'bheadh ort, a dhul 'na phorta(igh) a's an brádán báistighe atá ann.