brád, brádán
—
mionbháisteach, ceo reatha; ceobrán trom báistí; (drizzle).
+–
Gabh isteach ón mbrád.
Tháinig sé ina bhrád báistí.
TUILLEADH (12) ▼
Tá an-bhrád báistí ann.
Is gearr a bheifeá do do fhliuchadh faoin mbrád sin.
Shílféa nach raibh ann ach mionbhrád, agus d'fhliuch sé go craiceann mé ina dhiaidh sin.
Ní dhéanfaidh sé ach brád, ach cé measa dhúinn a dhonacht.
Is olc a rachas an brád seo do choirce atá ar sraith.
Is iomaí duine ar rug an brád báistí seo inniu air (ag cur isteach coirce srl.)
Ní raibh ach an féar ligthe amach ar éigean agam nuair a tháinig an brád.
Nach ciotach a chaithfeadh an brád báistí sin breith orainn ar an mbóthar.
Ní leáfaidh an brád beag sin thú lena dhul amach faoi.
Scoir mé (d'éirigh mé as obair) chomh luath agus a tháinig an brád.
Bhí an lá meata orainn (briste) de bharr an bhráid sin a chaith sé taca am eadarshutha — bhí an lá amú orainn nó briste
Nuair a chonaic mé an brád báistí sin, shíl mé go ndéanfadh sé lá as éadan de.
+–
Brádán fliuch go leor é.
Bhí brádáinín beag báistí ann.
TUILLEADH (9) ▼
Shíl mé nuair a chonaic má an brádán go ndéanfadh sé lá sa gclaí (fc. claí)
Ag neartú atá an brádán: 'sé mo thuairim gur lá briste é.
Is mór an mhaith ar an gcur an brádáinín sin fhéin, mar bhí sé spalptha ar fad — seargtha, feoite.
Bainfidh sé an lá amach leis an mbrádán seo anois.
Ní fhéadfá a dhul amach ar an mbrádán seo, mura ndéana sé aitealla
Ná téirigh amach faoin mbrádán sin nó beidh tú fliuch báite gan mórán achair
Tá mionbhrádán ann, ach níl sé an-trom.
Cá mbeifeá ag tabhairt t'aghaidh agus an brádán báistí atá sé a chaitheamh.
Is dona na gnaithí a bheadh ort a dhul 'na phortaigh agus an brádán báistí atá ann.