Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bréinleach
ainm-fhocal, firinscneach.
féar uaibhreach, a d'fhásfadh ar bhualtrach.
+
Níl aon-tóir ag na beithidhigh ar a' mbréinleach sin, ó thárla gur ar a' mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col a' bith acab leis, dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar a' gcóir chéadna, ní bhíonn aon-chol ag a' gcapall leis a' mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, aindeoin nach leagfad sí smut ar a cuid fhéin.
Tá fásach féir leis a' gclaidhe thiar, ach má tá, is bréinleach é fré chéile. Tá'n chuid eile de'n gharrdha creínnte go grinneal acab (i.e. ag na beithidhigh) = níl aon-tothlú acu leis a' mbréinleach, ach tá'n chuid eile de'n gharrdha ithte go creafóig acu.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag a' tomsacht (fhéir) atá ann anois, cé's moite de chorr-thom bréinligh = is beag eile atá ann a d'íosfadh beithidhigh.
Má scaoileann tú isteach a' capall sa ngarrdha sin thuas, gheobha sí sracadh fós ann. Tá bréinleach ann indiaidh na mbeithidheach.
Bréinleach as éadan é an cúl thiar, arae bhí fascadh ag na gamhna ann i lúibinn a' chlaidhe
Nach uaibhreach a fhása(nn)s a' bréinleach fharras chuile rud eile! Níl aon-leasú amuigh inchínnte ar a' mbualtrach in a dheidh sin.
Bhainfeá le speal (speil) a bhfuil de bhréinleach ann, a's dheamhan bolg a thiubhradh na beithidhigh dhó, in a dheidh sin = tá fásach bréinlighe ann a's ní leagfadh na beithidhigh smut air in a dheidh sin.
Tá solamar maith fós ann, ach gur bréinleach é. Ach is beag a' locht a bheadh ag a' gcapall air. 'Sí a d'íosfadh é go súighte.
Nach groidhe an rud é sin fhéin anois! 'Bhfeiceann tú an garrdha sin chomh lúm (lom) le croidhe do bhoise, in áiteachaí, a's bréinleach chomh glas le geamhar in áiteachaí eile.