bréinleach
—ainmfhocal, firinscneach
—
féar uaibhreach a d'fhásfadh ar bhualtrach.
+–
Níl aon tóir ag na beithígh ar an mbréinleach sin ó tharla gur ar an mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col ar bith acub leis dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar an gcóir chéanna, ní bhíonn aon chol ag an gcapall leis an mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, ainneoin nach leagfadh sí smut ar a cuid fhéin.
Tá fásach féir leis an gclaí thiar, ach má tá, is bréinleach é fré chéile. Tá an chuid eile den gharraí crinnte go grinneall acub (.i. ag na beithígh) — níl aon tothlú acu leis an mbréinleach, ach tá an chuid eile den gharraí ite go créafóig acu.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag an tiomsacht (fhéir) atá ann anois, cé is moite de chorrthom bréinligh — is beag eile atá ann a d'íosfadh beithígh.
Má scaoileann tú isteach an capall sa ngarraí sin thuas, gheobhaidh sí sracadh fós ann. Tá bréinleach ann i ndiaidh na mbeithíoch.
Bréinleach as éadan é an cúl thiar, arae bhí foscadh ag na gamhna ann i lúbainn an chlaí
Nach uaibhreach a fhásanns an bréinleach tharas chuile rud eile! Níl aon leasú amuigh inchinnte ar an mbualtrach ina dhiaidh sin.
Bhainfeá le speal a bhfuil de bhréinleach ann, agus dheamhan bolg a thabharfadh na beithígh dhó ina dhiaidh sin — tá fásach bréinligh ann agus ní leagfadh na beithígh smut air ina dhiaidh sin.
Tá solamar maith fós ann ach gur bréinleach é. Ach is beag an locht a bheadh ag an gcapall air. 'Sí a d'íosfadh é go súite.
Nach groí an rud é sin fhéin anois! An bhfeiceann tú an garraí sin chomh lom le croí do bhoise in áiteachaí, agus bréinleach chomh glas le geamhar in áiteachaí eile.