Brísteachán
—
buachaill nó cailín caol tanuidhe a's cosa fada aige nó aice.
+–
Sé'n brísteachán fir nó mná é.
Is diabhaltaidhe an brísteachán fir é, bail ó Dhia air.
TUILLEADH (18) ▼
Is áidhbhéil a' brísteachán mná a rinne sí le goirid.
Tá ceart ag a' mbrísteachán siúd a bheith láidir; is ceart do'n bhrísteachán siúd a bheith láidir.
D'fhéadfá fuinneamh 'chuir ann, tá sé in a bhrísteachán chomh fada sin = tá sé chomh leigthe, sínte sin, a's go bhféadfá cor casta a chuir ann, mar chuirfeá ingad, nó i sugán.
Tá sé in a bhrísteachán le aoirde.
Níl aon-mhaith dhuit a dhul a' dornáil leis a' mbrísteachán sin. Beir isteach air má fhéadann tú.
Brísteachán 'fada, fuar, fala(mh) é'.
Tá sé in a bhrísteachán le méid, ach d'fhéadfá é 'tharraingt thrídh chró snáthaide le tanuidheachan.
Bhí brísteachán mór de bhádóir ann, a's shílfeá gur mó an bhrath a bhí aige mé 'ionnsuidhe
Níl aon-ghna(ithe) agad inglacamas lámh leis a' mbrísteachán sin, mar tá na lámha ro-fhada aige.
Le goirid a rinne sé brísteachán chomh mór sin.
Tá'n borradh faoi'n mbrísteachán sin, a's d'eireochadh dhó — beatha mhaith a's neart díomhaontais (nt leathan)
Má mhéaduigheann sé mórán eile, beidh sé in a bhrísteachán críochnuighthe.
Tá sé in a bhrísteachán mhór fhada, a's dhá spreangaide cos air, chomh caol le snáthaid.
Is beag a' dochar dhó, 'bheith ina bhrísteachán fir, mar sin é mhaith a's a mhaoin.
Is breagh an brísteachán mná í, slán a bheidheas sí.
Má mhaireann méadú di, déanfa sí an-bhrísteachán mná.
Tá a dhá dhíol aoirde ann cheana. Nach bhfuil sé in a bhrísteachán!
Is dalbuidhe an brísteachán fir é in 'aois. Má thagann mórán eile méid ann, beidh sé chomh mór le Goll Mac Móirne.