Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
brísteachán
buachaill nó cailín caol tanaí agus cosa fada aige nó aici.
+
'Sé an brísteachán fir nó mná é.
Is diabhaltaí an brísteachán fir é, bail ó Dhia air.
TUILLEADH (18) ▼
Is áibhéil an brísteachán mná a rinne sí le gairid.
Tá ceart ag an mbrísteachán siúd a bheith láidir; is ceart don bhrísteachán siúd a bheith láidir.
D'fhéadfá fuinneamh a chur ann, tá sé ina bhrísteachán chomh fada sin — tá sé chomh ligthe sínte sin agus go bhféadfá cor casta a chur ann, mar a chuirfeá i ngad nó i súgán.
Tá sé ina bhrísteachán le airde.
Níl aon mhaith dhuit a dhul ag dornáil leis an mbrísteachán sin. Beir isteach air má fhéadann tú.
Brísteachán fada fuar folamh é.
Tá sé ina bhrísteachán le méid, ach d'fhéadfá é a tharraingt thrí chró snáthaide le tanaíochan.
Bhí brísteachán mór de bhádóir ann agus shílfeá gur mó an bhrath a bhí aige mé a ionsaí
Níl aon ghnaithe agat i nglacamas lámh leis an mbrísteachán sin mar tá na lámha rófhada aige.
Le gairid a rinne sé brísteachán chomh mór sin.
Tá an borradh faoin mbrísteachán sin agus d'éireodh dhó — beatha mhaith agus neart dhíomhaointis (nt leathan)
Má mhéadaíonn sé mórán eile, beidh sé ina bhrísteachán críochnaithe.
Tá sé ina bhrísteachán mhór fhada agus dhá spreangaide cos air chomh caol le snáthaid.
Is beag an dochar dhó a bheith ina bhrísteachán fir, mar sin é a mhaith agus a mhaoin.
Is breá an brísteachán mná í, slán a bheas sí.
Má mhaireann méadú di, déanfaidh sí an-bhrísteachán mná.
Tá a dhá dhíol airde ann cheana. Nach bhfuil sé ina bhrísteachán!
Is dalbaí an brísteachán fir é ina aois. Má thagann mórán eile méid ann, beidh sé chomh mór le Goll Mac Móirne.