Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Briain óg (brighín?)
Conamara a's an t-Achréidh
in m'óige, óg, meanmnach, aigeanta, aerach.
+
Nuair a chodail mé scathamh, bhí mé in mo bhríghthin óg aríst = bhí mé meanmnach, aigeanta, nó ar mo chóir fhéin aríst.
Ní raibh tolgán a' bith agam, deich míle a shiubhal d'aistear mo chos, ach bhí mé in mo bhríghthín óg a' t-am sin = bhí an óige, an croidhe a's an mhisneach ionnam.
TUILLEADH (14) ▼
InDomhnach, tá sí in a bhriain óg, ó chuir sí an fear.
Nach hé atá in a bhrighthín óg againn, le go mbeadh sé ag coinneál chomhluadair le gearr-chaileadha (cailiú — an foghar)
Bhí sé in a bhrighthín óg, ó chuaidh an braon sa gcurraic aige.
Ar a' dá luath, a's a mbeidh an dárna gloine ólta aige, beidh sé 'na bhrighthín óg.
Is fadó an lá ó bhí sí sin in a brighthín óg.
'Dar mo choinsias ó bheárr tú do ghruaig, tá tú sceinnte amach in do bhrighthín óg (puis-bhean a thug an bearradh giortach ar a gruaig, le bheith sa bhfaisean)
Tá mé in mo bhrighthín óg, aríst, ó tharraing mé na fiacla.
Níl lá aois' a' teacht air. 'Sé 'tá ina bhrighthín óg i gcomhnuidhe.
Is beag a' chraith a d'fhaghainnse sa dá leath-chéad a shíneadh, nuair a bhí mé in mo bhrighthín óg, mar thusa.
Dhá mbeinnse in mo bhrighthín óg, arís, ní annseo a d'fhanfainn a' carruidheacht le breaclachaí. Ghreadfainn anonn go Meriocá nó go Sasana, a' saothrú dhom fhéin.
Is agad atá an ceart, siamsa 'bhaint as a' saoghal chún's (chomh uain's) fhéadfas tú, ní bheidh tú in do bhrighthín óg i gcomhnuidhe.
Is beag a' baoghal gur istigh a' breathnú idir a' dá shúil ar chailleachaí, a bhínnse, nuair a bhí mé fhéin in mo bhríghthín óg.
Tá sé in a bhrighthín óg aríst ó phós sé = ag (d)ul in aois na h-óige atá sé ó phós sé.
Ól é seo ag (d)ul a chodladh duit, a's beidh tú in do bhríghthín óg aríst ar eirighe dhuit ar maidin.

Féach freisin