Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bríthín, brín, brín óg
Conamara agus an tAchréidh
in m'óige, óg, meanmnach, aigeanta, aerach.
+
Nuair a chodail mé scaitheamh, bhí mé in mo bhríthin óg aríst — bhí mé meanmnach, aigeanta, nó ar mo chóir fhéin aríst.
Ní raibh tolgán ar bith agam deich míle a shiúl d'aistear mo chos, ach bhí mé in mo bhríthín óg an t-am sin — bhí an óige an croí agus an mhisneach ionam
TUILLEADH (14) ▼
I nDomhnach, tá sí ina brín óg ó chuir sí an fear.
Nach é atá ina bhríthín óg againn le go mbeadh sé ag coinneáil chomhluadair le gearrchailí (cailiú — an foghar)
Bhí sé ina bhríthín óg ó chuaigh an braon sa gcorraic aige.
Ar an dá luath is a mbeidh an darna gloine ólta aige, beidh sé ina bhríthín óg.
Is fadó an lá ó bhí sí sin ina bríthín óg.
Dar mo choinsias, ó bhearr tú do ghruaig tá tú scinnte amach in do bhríthín óg (puisbhean a thug an bearradh giortach ar a gruaig le bheith sa bhfaisean)
Tá mé in mo bhríthín óg aríst ó tharraing mé na fiacla.
Níl lá aoise ag teacht air. 'Sé atá ina bhríthín óg i gcónaí.
Is beag an chroith a d'fhaighinnse sa dá leathchéad a shíneadh nuair a bhí mé in mo bhríthín óg mar thusa.
Dhá mbeinnse in mo bhríthín óg arís, ní anseo a d'fhanfainn ag coraíocht le breaclachaí. Ghreadfainn anonn go Meiriceá nó go Sasana ag saothrú dhom fhéin.
Is agat atá an ceart siamsa a bhaint as an saol chún's (chomhuain is) a fhéadfas tú, ní bheidh tú in do bhríthín óg i gcónaí.
Is beag an baol gur istigh ag breathnú idir an dá shúil ar chailleachaí a bhínnse nuair a bhí mé fhéin in mo bhríthín óg.
Tá sé ina bhríthín óg aríst ó phós sé — ag dul in aois na hóige atá sé ó phós sé.
Ól é seo ag dul a chodladh duit agus beidh tú in do bhríthín óg aríst ar éirí dhuit ar maidin.

Féach freisin