Brúideamhlach
—aidiacht
—
beathuighthe; iadhta; neart saille a bheith ar dhuine nó beithidheach; tuithte i bhfeoil; bláthmhar.
+–
'Sé atá brúideamhlach.
Is diabhluidhe brúideamhlach a' beithidheach é.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé brúideamhlach le neart saille.
Is breagh brúideamhlach a' bulán é.
+–
Duine brúideamhlach beathuighthe é (Mar seo is iondamhla é i.e. brúideamhlach a's beathuighthe i gcuideachta 'chéile).
Tá sé chomh brúideamhlach beathuighthe le bulán Achréidhe. Is furast aithinte air, go bhfuil sé a' caitheamh greamannaí maithe.
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé chomh brúideamhlach beathuighthe sin, anois, a's go bhfuil sé indon ag a' stealladh = tá sé sáthach reamhar le marbhú.
Bíonn na Punncáin sin uileag brúideamhlach beathuighthe, ar theacht abhaile dhóib, ach ní fhanann sciolltar a' bith orra(b), th'éis tamall a chaitheamh in Éirinn. Tá mé a' ceapadh gurab í neart na gréine thall, a dhéana(nn)s chomh brúideamhlach sin iad.
Céard tá tú 'thabhairt do na bainbh, go bhfuil siad chomh brúideamhlach, beathuighthe, a's tá siad?
Tá sé brúideamhlach beathuighthe, bail ó Dhia a's ó Mhuire air. Is maith atá a chuid a' dul dó.
Má tá sé brúideamhlach beathuighthe fhéin, is dhó is fusa. Tá sé sin a' caithe(amh) togha na beatha.
Má tá mé brúideamhlach beathuighthe fhéin, cá'il do chaillteamas-sa? Nach mbeadh ciall induine a mbeadh slacht a chodach air, fharra's a' té nach gcuirfeadh tada bior-eanga air.
M'anam má chaith sé tamall 'san ospuidéal fhéin, nach donaide sin é. 'Sé atá brúideamhlach beathuighthe 'na dhiaidh.
Shílfeá gur deacair dhóib a bheith brúideamhlach beathuighthe muis, scáth a bhfuil de thomsacht ar na riascannaí sin suas aca(b).
Is an-ughdar í sin. 'Bhfeiceann tú chomh brúideamhlach beathuighthe a's atá sí, scáth a bhfuil sí 'fhaghail de chinnireacht (Budóg nach raibh 'fághail mórán beatha).