brúidiúlach
—aidiacht
—
beathaithe; iata; neart saille a bheith ar dhuine nó beithíoch; tite i bhfeoil; bláfar.
+–
'Sé atá brúidiúlach.
Is diabhlaí brúidiúlach an beithíoch é.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé brúidiúlach le neart saille.
Is breá brúidiúlach an bullán é.
+–
Duine brúidiúlach beathaithe é (Mar seo is iondúla é .i. brúidiúlach agus beathaithe i gcuideachta a chéile)
Tá sé chomh brúidiúlach beathaithe le bullán Achréidh. Is furasta a aithinte air go bhfuil sé ag caitheamh greamannaí maithe.
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé chomh brúidiúlach beathaithe sin anois, agus go bhfuil sé in ann ag an stalla — tá sé sách ramhar le marú
Bíonn na Poncáin sin uileag brúidiúlach beathaithe ar theacht abhaile dhóibh, ach ní fhanann scioltar ar bith orthub théis tamall a chaitheamh in Éirinn. Tá mé ag ceapadh gurb í neart na gréine thall a dhéananns chomh brúidiúlach sin iad.
Céard atá tú a thabhairt do na bainbh go bhfuil siad chomh brúidiúlach beathaithe agus atá siad?
Tá sé brúidiúlach beathaithe, bail ó Dhia agus ó Mhuire air. Is maith atá a chuid ag dul dó.
Má tá sé brúidiúlach beathaithe fhéin, is dhó is fusa. Tá sé sin ag caitheamh togha na beatha.
Má tá mé brúidiúlach beathaithe fhéin, cá'il do chaillteamas-sa? Nach mbeadh ciall i nduine a mbeadh slacht a chodach air tharas an té nach gcuirfeadh tada bior eanga air.
M'anam má chaith sé tamall san ospidéal fhéin nach donaide sin é. 'Sé atá brúidiúlach beathaithe ina dhiaidh.
Shílfeá gur deacair dhóibh a bheith brúidiúlach beathaithe muis, scáth a bhfuil de thiomsacht ar na riascannaí sin suas acub.
Is an-údar í sin. An bhfeiceann tú chomh brúidiúlach beathaithe agus atá sí, scáth a bhfuil sí a fháil de chinnireacht (Bodóg nach raibh ag fáil mórán beatha)