Buadán
—Níl ciall a 1 (a) le fairrge i gConamara, ach tá ar an Achréidh, a's taobh ó thuaidh Chonamara.
1.
a.
an sleabhcán nó'n cnáimh a bhíos istigh in adhairc.
+–
Tá'n buadán leis innte (i.e. sa n-adhairc).
TUILLEADH (7) ▼
Bhris sí an adharc a's an buadán chomh maith le chéile.
Tá'n buadán in a charcair istigh 'san adhairc.
Is beag a' bhrigh an adhairc a bheith briste, nuair nar eirigh aon-cheo do'n bhuadán.
Tá crotal na h-adhairce scoiltí (scoilte), ach tá'n buadán slán.
Bhain sí barr na h-adhairce uileag dhi fhéin, in aghaidh an chlaidhe. Ach ní cás dhi é, marar eirigh tada do bhuadán na h-adhairce.
Measaim go gcaithfear an adharc a bhaint uileag dhi: tá'n buadán in a charra lobhtha a' tuitim amach aisti.
Nuair a thug an tarbh faighdeán faoi, sé'n balla a bhuail sé, a's briseadh a dhá adhairc, idir buadán a's a raibh ann.
b.
ras-adharca.
+–
Nach beag a' dá bhuadáinín de dhá adhairc atá uirre = ras-adharca.
Ceann de na beithidhigh bheaga dhubha sin a cheannaigh sé. Níl uirre ach buadáin d'adharca.
TUILLEADH (7) ▼
Níor thaithnigh na buadáin sin ariamh liom. Ní mheasaim go mbíonn aon-ughdar maith i ngamhain 'bith a mbíonn siad air.
Shílfeá gur eirigh rud eicínt dá chuid adharc. Dheamhan uirre anois ach buadáin.
Cheap mé go dtuitfeadh na h-adharca amach ó'n diúid dhi, ach tá buadáin bheaga uirre in a dheidh sin.
Dheamhan mórán a chuirfeas na buadáin as dhi, mara bhfaghann tú aon-mharach eile uirre (ceannachthóir a bhí a' lochtú bó, faoi na h-adharca a bheith giorruighthe).
Is bearnuighthe an péire adharc atá uirre. Deamhan anntú (ionnta) ach buadáin.
Ba dheise í d'uireasbha na mbuadáin bheaga sin, ar fad.
'Siad na buadáin a d'fhága faoi ráta í. Marach iad, d'imtheochadh sí gan stró(bh) ar bith = dhíolfaí í, gan aon-anró, marach nach raibh aon-mheas uirre, ingeall ar a cuid ras-adharc.
2.
a.
fadó, nuair nach raibh bróga chomh coitchiannta a's atá siad anois, chasadh gasúir, a's fir fhéin amanntaí, súgáin fhéir, píosaí mhálaí, ceirteachaí etc. ar a gcosa, arae ba mhór a' teas dhóib iad fharras imtheacht in a gcosa buinn. Fós fhéin, casann daoine strácaí nó ratháin ar a mbróga aimsir sheaca, i riocht's nach sciorrfaidís. Sin buadáin. Nó chuirfeá buadán ar adhairc bó nó caorach, dá n-eirigheadh timpiste a' bith dhi.
+–
Chuireadh muid buadáin fadó ar na bróga, aimsir sheaca — súgáin thuighe, píosa mhálaí, nó rud a' bith ba thúisce aghainn. Choinneochaidís ó sciorradh thú ar a' leic oidhre.
Fadó ní theigheadh duine a' bith amach aimsir sheaca gan buadán ar a chosa, ach ní fheicfeá ar aon-duine anois iad. Tá'n faisean sin caithte in aer, mara 'bhfuil muinntear a' tsléibhe fhéin ann. Tá siad sin a' coinneál na mbuadáin a's na seiríní igcomhnuidhe.
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bhí mise ag eirighe suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon-ghasúr sa tír, ach iad ag imtheacht cos-nochta, geimhreadh a's samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór annsin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí 'mhálaí — le teas a dhéanamh dhóib ar a' bhfuacht.
Dhá gcuirtheá-sa buadán ar do bhróga, mise imbannaí, nach sciorrfá.
Tá'n bóthar chomh sleamhain le gloine, arae tá sé faoi reothalach as éadan. Má's leat a dhul i gcoinne fataí, níor mhiste dhuit buadán a chuir ar do bhróga, nó bascfaidhear thú ar na leacrachaí siúd.
Ar a' dá luath, a's a gcaithfe sé glasrú (glaisreodh) a' bith seaca, buailfe sé suas buadáin ar na bróga. Ach (d)ar ndú (dar ndóigh) ní mór dhó sin, a's chomh trom-chosach, mío-stuama a's tá sé ar na buínn.
Is beag a' mheas a bhí aige ar mo chuid buadáin-sa, ach dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bh'uireasbha, a's ar baineadh de threascairt as ar a' leic oidhre.
Ní leagfaidhear é siúd, má dhéanann buadáin dó é. Tá trí nó ceathair de strácaí casta ar a chuid bróga aige.
b.
stráca nó ceirt a chuirfeadh gasúr air fhéin, dá mbeadh lot, ná speireachaí, bun-bhualadh, ná a mhacsamhail ar a chois.
+–
Céard 'tá ar do chois anois le go bhfuil buadán agad uirre? = ceirt nó stráca ar chois thinn, nó loithte.
Tá buadán agad uirre ó tháinic a' bhliadhain. Mara bhfuil sé in am aice feasta a bheith cneasuighthe, castar léithe é.
TUILLEADH (9) ▼
Tá mé 'ceapadh gur speireachaí atá air, a's an buadán a bheith ar a chois.
Cuir buadán uirre, nó má theigheann a' salachar innte, déanfa sí bró thuínn (bró thínn?).
Is gearr go dteastuighe buadáin anois, arae tá 'Máirtín Gágach' a' teannadh linn (féach Máirtín Gágach).
Breagh nach bhfáisceann tú buadán uirre, má tá sí tinn agad. Ní ghortóchadh na clocha í, dhá mbeadh sean-stráca a' bith uirre.
Is ort atá 'chuile anshógh má's fíor dhuit fhéin. Caithfear buadán a chuir ar do chois, a's méaróg ar do láimh. Céard eile a theastuighea(nn)s uait? = gasúr goilleamhnach.
Tá'n putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imtheacht, a's buadán ar leath-chois aige, a's an ceann eile craptha.
Teastuigheann buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agad — croisim aríst tú! — dubhairt mé leat fanacht amach ó'n gcrích dhriseachaí sin, a's sin é bhfuil dhá bharr agad anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tiubhra tú áird orm, feicfe tú fhéin! = gasúr a chuaidh isteach igcrích dhriseachaí thar aithne a mháthar, a's bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí.
Cé'n mhaith dhuit buadáin a chuir orrab, má's oighreachaí atá ort? Ní thiubhra an buadán aon-fhuarú dhuit.
A' gcuirfe tusa buadán ort fhéin freisin? Tá sé chomh maith dhuit fhéin a bheith sa bhfaisean chomh maith le duine! = bhí buadáin ar na gasúir eile ar fad, ingeall ar speireachaí, a's bhí piodarlán beag eile a' déanamh aithrise orra, aindeoin nach raibh call buadáin a' bith dhó.
·
Caithfe mé buadán a chuir ar adhairc na bó sin. Tá sí scoiltí.
Fagh buadán dhom a chuirfeas mé ar dhrioball an asail. Tá sé gearrtha, a's déanfa na fóthachaí a's na míoltógaí ballséire air, mara gclúduighthear é.
3.
bachaill nó caislimíní gruaige.
Féach freisin
Buadán in iontrálacha eile (1)
InDomhnach is cosnochttha a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ar gcosa le teas a dhéanamh dhóib. Ach níl aon-acmhúinn ag aos-óg ar fhuacht anois, mar bhíodh an uair sin.