buadán
—níl ciall a 1 (a) le farraige i gConamara, ach tá ar an Achréidh, agus taobh ó thuaidh Chonamara.
1.
a.
an sleabhcán nó an cnáimh a bhíos istigh in adhairc
+–
Tá an buadán leis inti (.i. san adhairc)
TUILLEADH (7) ▼
Bhris sí an adharc agus an buadán chomh maith le chéile
Tá an buadán ina charcair istigh san adhairc.
Is beag an bhrí an adhairc a bheith briste nuair nár éirigh aon cheo don bhuadán.
Tá crotal na hadhairce scoiltí (scoilte) ach tá an buadán slán
Bhain sí barr na hadhairce uileag dhi fhéin in aghaidh an chlaí. Ach ní cás dhi é, murar éirigh tada do bhuadán na hadhairce
Measaim go gcaithfear an adharc a bhaint uileag dhi: tá an buadán ina chora lofa ag titim amach aisti.
Nuair a thug an tarbh foighdeán faoi, 'sé an balla a bhuail sé agus briseadh a dhá adhairc, idir buadán agus a raibh ann.
b.
ros-adharca
+–
Nach beag an dá bhuadáinín de dhá adhairc atá uirthi — ros-adharca
Ceann de na beithígh bheaga dhubha sin a cheannaigh sé. Níl uirthi ach buadáin d'adharca.
TUILLEADH (7) ▼
Níor thaitnigh na buadáin sin ariamh liom. Ní mheasaim go mbíonn aon údar maith i ngamhain ar bith a mbíonn siad air.
Shílfeá gur éirigh rud eicínt dá chuid adharc. Dheamhan uirthi anois ach buadáin
Cheap mé go dtitfeadh na hadharca amach ón dúid dhi, ach tá buadáin bheaga uirthi ina dhiaidh sin.
Dheamhan mórán a chuirfeas na buadáin as dhi mura bhfaigheann tú aon mharach eile uirthi (ceannaitheoir a bhí ag lochtú bó faoi na hadharca a bheith giorraithe)
Is bearnaithe an péire adharc atá uirthi. Deamhan iontu ach buadáin.
Ba dheise í d'uireasa na mbuadáin bheaga sin ar fad.
'Siad na buadáin a d'fhága faoi ráta í. Murach iad, d'imeodh sí gan stró ar bith — dhíolfaí í gan aon anró murach nach raibh aon mheas uirthi i ngeall ar a cuid ros-adharc.
2.
a.
fadó, nuair nach raibh bróga chomh coitianta agus atá siad anois, chasadh gasúir, agus fir fhéin amantaí, súgáin fhéir, píosaí mhálaí, ceirteachaí srl. ar a gcosa, arae ba mhór an teas dhóibh iad tharas imeacht ina gcosa boinn. Fós fhéin, casann daoine strácaí nó rotháin ar a mbróga aimsir sheaca, i riocht is nach sciorrfaidís. Sin buadáin. Nó chuirfeá buadán ar adhairc bó nó caorach dá n-éiríodh timpiste ar bith dhi.
+–
Chuireadh muid buadáin fadó ar na bróga, aimsir sheaca — súgáin thuí, píosa mhálaí, nó rud ar bith ba thúisce againn. Choinneoidís ó sciorradh thú ar an leic oighre.
Fadó ní théadh duine ar bith amach aimsir sheaca gan buadán ar a chosa, ach ní fheicfeá ar aon duine anois iad. Tá an faisean sin caite in aer, mura bhfuil muintir an tsléibhe fhéin ann. Tá siad sin ag coinneáil na mbuadáin agus na seiríní i gcónaí.
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bhí mise ag éirí suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon ghasúr sa tír ach iad ag imeacht cosnochta, geimhreadh is samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór ansin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí de mhálaí — le teas a dhéanamh dhóibh ar an bhfuacht.
Dhá gcuirtheása buadán ar do bhróga, mise i mbannaí nach sciorrfá.
Tá an bóthar chomh sleamhain le gloine, arae tá sé faoi reothalach as éadan. Más leat a dhul i gcoinne fataí, níor mhiste dhuit buadán a chur ar do bhróga nó bascfar thú ar na leacrachaí siúd.
Ar an dá luath agus a gcaithfidh sé glasrú (glasreo) ar bith seaca, buailfidh sé suas buadáin ar na bróga. Ach ar ndóigh ní mór dhó sin, agus chomh tromchosach místuama agus atá sé ar na boinn.
Is beag an mheas a bhí aige ar mo chuid buadáinse, ach dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bhfuireasa, agus ar baineadh de threascairt as ar an leic oighre.
Ní leagfar é siúd, má dhéanann buadáin dó é. Tá trí nó ceathair de strácaí casta ar a chuid bróga aige.
b.
stráca nó ceirt a chuirfeadh gasúr air fhéin dá mbeadh lot ná speireachaí, bunbhualadh, ná a mhacasamhail ar a chois.
+–
Céard atá ar do chois anois le go bhfuil buadán agat uirthi? — ceirt nó stráca ar chois thinn nó loite
Tá buadán agat uirthi ó tháinig an bhliain. Mura bhfuil sé in am aici feasta a bheith cneasaithe, castar léithe é.
TUILLEADH (9) ▼
Tá mé ag ceapadh gur speireachaí atá air agus an buadán a bheith ar a chois.
Cuir buadán uirthi nó má théann an salachar inti, déanfaidh sí bró thinn.
Is gearr go dteastaí buadáin anois, arae tá Máirtín Gágach ag teannadh linn (fc. Máirtín Gágach)
Breá nach bhfáisceann tú buadán uirthi má tá sí tinn agat. Ní ghortódh na clocha í dhá mbeadh seanstráca ar bith uirthi.
Is ort atá chuile anó más fíor dhuit fhéin. Caithfear buadán a chur ar do chois, agus méaróg ar do láimh. Céard eile a theastaíonns uait? — gasúr goilliúnach
Tá an putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imeacht agus buadán ar leathchois aige, agus an ceann eile craptha.
Teastaíonn buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agat — crosaim aríst tú! — dúirt mé leat fanacht amach ón gcrígh dhriseachaí sin agus sin é bhfuil dhá bharr agat anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tabharfaidh tú aird orm, feicfidh tú fhéin! — gasúr a chuaigh isteach i gcrígh dhriseachaí thar aithne a mháthar agus bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí
Cén mhaith dhuit buadáin a chur orthub más oighreachaí atá ort? Ní thabharfaidh an buadán aon fhuarú dhuit.
An gcuirfidh tusa buadán ort fhéin freisin? Tá sé chomh maith dhuit fhéin a bheith sa bhfaisean chomh maith le duine! — bhí buadáin ar na gasúir eile ar fad, i ngeall ar speireachaí, agus bhí piodarlán beag eile ag déanamh aithrise orthu, ainneoin nach raibh call buadáin ar bith dhó
·
Caithfidh mé buadán a chur ar adhairc na bó sin. Tá sí scoilte.
Faigh buadán dhom a chuirfeas mé ar dhrioball an asail. Tá sé gearrtha, agus déanfaidh na fothachaí agus na míoltógaí ball séire air mura gclúdaítear é.
3.
bachaill nó caislimíní gruaige.
Féach freisin
buadán in iontrálacha eile (1)
I nDomhnach is cosnochta a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ár gcosa le teas a dhéanamh dhóibh. Ach níl aon acmhainn ag aos óg ar fhuacht anois mar a bhíodh an uair sin