Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail amach
sáruighthe; níos fearr; scoithte.
+
Tá sé buailte amach i bhfoghluim ag mo mhac-sa = tá sé scoithte i bhfoghluim ag mo mhac-sa.
Is gearr go mbí an baile buailte amach aige, má mhaireann dó = is gearr go mbí sé níos fhearr ná aon-duine eile ar a' mbaile.
TUILLEADH (29) ▼
Bhuail sé amach é, ag obair.
Tá sé buailte amach in airgead aige.
Buailfe sé amach 'chuile dhuine ar a' bhfeadhain aca(b) a' coisidheacht.
Bhuail sé amach é, agus 'se bhí deas air, a' carruidheacht.
Tá Pádraicín, buailte amach ag a' scoil aige, aindeoin é 'bheith tosuighthe i bhfad roimhe.
Is gearr air siúd, 'chuile mhac a' pheata agaibh a bhualadh amach.
Nach hé atá meabhrach, má bhuail sé amach uiliog iad.
Tá C. buailte amach aice a' sciolladóireacht = is fearr de sciolladóir í na C.
Tá mo chuid bainbh-sa buailte amach ag bainbh Mháirtín N. th'éis gurab é an lá amháin a cheannuigh muid iad.
D'eireochadh dhóib iad a bhualadh amach, mar fuair siad an-bheathú, rud nach bhfuair gamhna Sh.
Is beag an dochar do Taimín, an ceann s'aghainne 'bhualadh amach, mar coinnigheadh ag a' scoil é, 'chuile lá.
Tá 'bhfuil sa tír buailte amach aice le droch-(mh)úineadh agus gadhruigheacht.
Bhuail sí amach an capall s'aghainne = scoth sí í.
Ní bhfaighe sé crathadh 'bith do laogh-sa a bhualadh amach, ma fhaghann sé aon-aire chóireamhail chor a' bith.
Tá 'bhfuil eile ar a' mbaile buailte amach aige, leis a' gcur imbliadhna, agus b'annamh leis.
Buailfe sé amach muid, nó is maith 'bheidheas muid ar a' (ar) maidí.
Tá'n dúithche buailte amach imbliadhna aige leis a' móin = tá sé bainte aige in tosaigh ar aon-duine eile ar a' dúithche.
M'anamsa ná raibh ag a' diabhal, má tá mac S. Th. indon thú bhualadh amach feasta choidhchin, gur h-olc an aghaidh aráin thú.
Má tá tú buailte amach ag a' gcaracháinín sin, ná bac leat fhéin.
Bhí mise a' ceapadh go raibh muca an bhaile buailte amach ag cuid N. agus a raibh de ghaisce aice asta(b).
Tá sé baramhlach go mbuailfe 'inghean fhéin amach fré chéile iad inGaillimh (i.e. sa scrúdú). Deir sé nach bhfuil cinneadh 'bith léithe in a scoláire.
Má chinn air, a' sneádhacháinín sin a bhualadh amach, ná teigheadh sé a' carruidheacht le na shaoghal aríst.
Is mairg a bheadh a' súil le maith uaidh, má bhuail S. amach é, mar sin.
Tá tú fhéin buailte amach aige leis a' gcodladh, a's ní beag sin = is fuide a chodluighea(nn)s sé ná thú.
Mara neartuighe tú ar do mhaidí, a's dúthracht a chaith(eamh) le do chuid leabhar, buailfe sé amach thú ar ball
Tá do chuid bainbh buailte amach ag mo chuid-se = is fhearr a' t-ordú atá ar mo chuid-se ná ar do chuid-se; is mó an biseach atá fútha.
Buailfe sé amach na céithearnaigh móra seo thíos, leis an aimsir = beidh níos mó maoin nó airgead aige ná acu-san (féach "céithearnach").
Tá mná an bhaile buailte amach aice le olc a's gadhruigheacht ach cá bhfágfadh sí é!
Gheobha sé rud le deanamh a's an t-athair a bhualadh amach le an-tlás choidhchin.

buail amach in iontrálacha eile (50+)

 
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
fága
Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon-ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon-stró ar churachóir mhaith. Ach 'ar ndó' ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
ceas
Dhá mbeadh sé taobh le bheith 'na cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin, nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
 
baile
Buail amach faoi'n mbaile = ar fud an bhaile.
 
Is cam a' dlighe é! Buaileadh bannaí ar a' té a bhí saor, a's leigeadh amach an ceann a bhí as bealach, gan tada.
 
Dheamhan fascadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde a's buaileadh chuile dheoir ariamh de'n chraobh-mhúr sin orm. 'Séard a bhí do mo speidhreadh ar fad, go raibh sí tuitim mar bheithí dhá dóirteadh as criathar, a's bhí sé 'na scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, a's bhí sé chomh tirm a's dá mba amach ar leaba chlúmhaighe a d'eireochadh sé, a's mise in mo líbín.
 
'San am ba mhó a raibh sé a' déanamh créatúlacht' ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é, a's é 'fiadhach lá. Ó'n lá sin amach, níor ól sé aon-deoir bhainne slainte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth 'na dhiaidh, a's shaothruigh sé an bás go maith.
+
Ní áit buaile ná sean-bhaile dhomsa an teallach seo, a's a bhfuil de chruadhóig amach romham.
TUILLEADH (1) ▼
Ní móide gur áit buaile ná sean-bhaile dhuitse an áit seo, ach bainfe mise scathamh eile amach ann.
 
bior
Tá bior géar amach as, a thiocfadh thríot, dhá mbuailtí le teannadh fút é.
+
Bhuail mé orm mo bhalcaisí, a's amach liom = chuir mé orm mo chuid éadaigh.
TUILLEADH (4) ▼
Fainic a' mbuailfeadh cailleach E. an inghean thall ort. Tá sí ar a mine-géire ag iarraidh duine bunúsach a dheanamh amach di.
An té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh 'sna siopaí seo, gheobhfa sé 'chuile shórt faoi na luach, ach a' créatúr bocht atá ag iarraidh áirleacain, buailfear thall air sin é. 'Fear dhá bheathú, a's fear dhá mharbhú' mar adeir a' ceann eile.
Ní thaithneochadh liom a bheith buailte ar a' mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoi'n tuaith.
Ní fhaca tú aon-teach ariamh, atá chomh buailte ar a' mbóthar leis. Tá'n bhínn ó dheas amach ar a' mbóthar ar fad. Shílfeá go mbadh deacair dhóib aon-néal a chodladh ag fothramán 'san oidhche.
 
Bhuail sé roimhe, nó go raibh neoin bheag, a's deire lae ann, an capall ag gabhail ar scáth na cupóige, a's an chupóg a' gabhail do'n Domhan Soir. Chonnaic sé i bhfad uaidh a's ní ingar dó; botháinín beag, nach raibh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach air, ach aon-chleite amháin a' déanamh fasca a's dídin dó (as sean-scéal — "An fear gearr glas")
 
Buaileadh suas ar fad le goirid é, níl sé indon corruighe amach anois chor a' bith.
+
buail
Chaitheadar coigcighthis ag imtheacht sa sruth, faoi thoildeona Dé, ach faoi (dh)eire, a's faoi (dhe)óidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach 'sna réigiúin choimhthigheacha (daoine a tháinic slán as báthadh luinge).
TUILLEADH (18) ▼
Chuaidh beirt as an áit seo fadó, amach ar a bhfeatha mhóir (meath?) ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mara dtáinic sé in a lom gaoithe aduaidh orra(b), a's b'éigean dóib leigean leis a' mbád iomramha gur bhuail siad tír imBaile Uí bhFiadhcháin i gConndae an Chláir. Ach níor chás dóib é, ó bhuail siad tír in aon-áit.
Dhá seolthá siar amach a' teiscin mhóir taobh thiar d'Árainn, bhuailfeá tír (cladach, cuan, talamh) i Meriocá.
A's 'ar ndoigh níor chuir siad a' bualadh bóthair as fhéin an tráth sin d'oidhche é. Ní chuirfeá madadh amach faoi'n dórtadh a bhí ann, ní áirmhighim duine.
Buail amach faoi'n aer.
Bhuail sé amach ar fud an bhaile.
Ní bhuaileann sé amach chor a' bith anois = ní theigheann sé ar aermuidheacht ná ar eirghe-amach a' bith; ní chorruigheann sé ó'n teach.
Is mór a' t-iongnadh nach mbuailfeadh sé amach faoi'n tír corr-uair.
Fuair tú amach é, muis, cé a bhuailfeadh isteach a' breathnú ort = sé'n duine céadna adubhairt tú, an duine nach dtiocfadh isteach a' breathnú ar aon-duine.
Ar an dá luath a's ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionnsuigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh rud a' bith ab aibéile ná é.
Bhuail néal eicínt sa gceann é, a's ní raibh sé staidéarach ó'n lá sin amach.
Bhuail slaghdán é, a's as a' slaghdán, tholg sé eitinn. Níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó'n lá sin amach.
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé, a's chuir mé [amach] gach's a raibh in mo bholg.
Bhuail donacht eicínt í, idteach a' phobail indiu, a's b'éigean í 'iomchur amach.
Bhuailfinn a' cuileata, marach faitchíos go raibh an t-aona heairt ag a' bhfear thall, a's go sciorrfadh sé amach ar a chorr.
Tá'n tír seo buailte ó caitheadh amach an té a sheasfadh ceart a's cliú dhi. Ach tuille ghéar do'n diabhal acu! Is maith an aghaidh orra(b) é.
Buail amach í (an liathróid).
Bhuail sé amach béal an ghóraidhe í.
Buail amach báire.
 
Bhí mé 'marbhú bromóg chomh tréan in Éirinn a's bhí mé indon baoití a choinneál leo(b) i gcaitheamh uair a' chluig, ach níor fhan bualadh a' bith ar a' gcarraig uaidh sin amach.
+
buille
Is diabhaltaidhe an buille ort do 'bhicycle' a bheith buailte suas. D'fhéadfá eirghe amach dhuit fhéin corr-uair, fharrus a bheith cuibhrighthe istigh i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Ó'n lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon-bhuille sa mbéim uaidh sin amach = bhí an buille a fuair sé i gcomhnuidhe ag gabhail roimhe.
+
amach
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; a's gheobha siad seantáin amach faoi'n tír' (Creathnach Sheáin Bóirne)
TUILLEADH (6) ▼
Buail amach faoi'n mbaile agus déanfa sé maith mór dhuit.
Amach léithe mar bhuailfeá ar a' gcluais í, agus dheamhan a cos a thaobhuigh an teach seo ó shoin.
Chuir sé turraic ann, agus chuir sé dhe amach é, gur buaileadh in aghaidh ghiall a' doruis é.
Mara mbí aon-rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
Tá Sasana buailte amach 's amach anois, má tá sé 'cínnt uirre saighdiúir 'fhaghail.
Tá sé buailte suas amach 's amach anois = níl éitir a' bith fanta ann; tá sé lag, lúbach, agus gan é indon corruighe amach.
 
Mara mbuaile tú fhéin faoi do cheart a bhaint amach, ní dhéanfa aon-duine eile dhuit é.
+
Bhuail fonn múisc é, agus chuir sé amach 'chuile dheoir (d)ár ól sé ar ais aríst
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail fonn cuir amach mé = bhuail fonn múisc mé.