buail amach
—
sáraithe; níos fearr; scoite.
+–
Tá sé buailte amach i bhfoghlaim ag mo mhacsa — tá sé scoite i bhfoghlaim ag mo mhacsa
Is gearr go mbí an baile buailte amach aige má mhaireann dó — is gearr go mbí sé níos fhearr ná aon duine eile ar an mbaile
TUILLEADH (29) ▼
Bhuail sé amach é ag obair.
Tá sé buailte amach in airgead aige.
Buailfidh sé amach chuile dhuine ar an bhfeadhain acub ag coisíocht.
Bhuail sé amach é, agus 'se bhí deas air, ag coraíocht.
Tá Pádraicín buailte amach ag an scoil aige, ainneoin é a bheith tosaithe i bhfad roimhe.
Is gearr air siúd chuile mhac an pheata agaibh a bhualadh amach.
Nach é atá meabhrach má bhuail sé amach uileag iad.
Tá C. buailte amach aici ag sciolladóireacht — is fearr de sciolladóir í na C.
Tá mo chuid bainbhse buailte amach ag bainbh Mháirtín N., théis gurb é an lá amháin a cheannaigh muid iad.
D'éireodh dhóibh iad a bhualadh amach mar fuair siad an-bheathú, rud nach bhfuair gamhna Sh.
Is beag an dochar do Taimín an ceann s'againne a bhualadh amach, mar coinníodh ag an scoil é chuile lá.
Tá a bhfuil sa tír buailte amach aici le drochmhúineadh agus gadhraíocht.
Bhuail sí amach an capall s'againne — scoith sí í.
Ní bhfaighidh sé croitheadh ar bith do laosa a bhualadh amach má fhaigheann sé aon aire chóiriúil chor ar bith.
Tá a bhfuil eile ar an mbaile buailte amach aige leis an gcur i mbliana, agus b'annamh leis.
Buailfidh sé amach muid nó is maith a bheas muid ar a (ár) maidí.
Tá an dúiche buailte amach i mbliana aige leis an móin — tá sé bainte aige chun tosaigh ar aon duine eile ar an dúiche.
M'anamsa ná raibh ag an diabhal, má tá mac S. Th. in ann thú a bhualadh amach feasta choíchin, gur holc an oidhe aráin thú.
Má tá tú buailte amach ag an gcarracháinín sin ná bac leat fhéin.
Bhí mise ag ceapadh go raibh muca an bhaile buailte amach ag cuid N. agus a raibh de ghaisce aici astub.
Tá sé barúlach go mbuailfidh a iníon fhéin amach fré chéile iad i nGaillimh (.i. sa scrúdú). Deir sé nach bhfuil cinneadh ar bith léithe ina scoláire
Má chinn air an sneácháinín sin a bhualadh amach, ná téadh sé ag coraíocht lena shaol aríst.
Is mairg a bheadh ag súil le maith uaidh má bhuail S. amach é mar sin.
Tá tú fhéin buailte amach aige leis an gcodladh, agus ní beag sin — is faide a chodlaíonns sé ná thú.
Mura neartaí tú ar do mhaidí, agus dúthracht a chaitheamh le do chuid leabhar, buailfidh sé amach thú ar ball
Tá do chuid bainbh buailte amach ag mo chuidse — is fhearr an t-ordú atá ar mo chuidse ná ar do chuidse; is mó an biseach atá fúthu.
Buailfidh sé amach na ceithearnaigh móra seo thíos leis an aimsir — beidh níos mó maoin nó airgead aige ná acusan (fc. ceithearnach)
Tá mná an bhaile buailte amach aici le olc is gadhraíocht ach cá bhfágfadh sí é!
Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an t-athair a bhualadh amach le antlás choíchin.
buail amach in iontrálacha eile (50+)
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
→
fága
Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon stró ar churachóir mhaith. Ach ar ndóigh ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
→
ceas
Dhá mbeadh sé taobh le bheith ina cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
→
bealach
Is cam an dlí é! Buaileadh bannaí ar an té a bhí saor, agus ligeadh amach an ceann a bhí as bealach gan tada.
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
San am ba mhó a raibh sé ag déanamh créatúlachta ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é agus é ag fiach lá. Ón lá sin amach, níor ól sé aon deoir bhainne sláinte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth ina dhiaidh, agus shaothraigh sé an bás go maith.
+
Ní áit buaile ná seanbhaile dhomsa an teallach seo agus a bhfuil de chruóig amach romham.
TUILLEADH (1) ▼
Ní móide gur áit buaile ná seanbhaile dhuitse an áit seo, ach bainfidh mise scaitheamh eile amach ann.
+
→
buail ar
Bhuail mé orm mo bhalcaisí agus amach liom — chuir mé orm mo chuid éadaigh
TUILLEADH (4) ▼
Fainic an mbuailfeadh cailleach E. an iníon thall ort. Tá sí ar a mine géire ag iarraidh duine bunúsach a dhéanamh amach di.
An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh sna siopaí seo, gheobha sé chuile shórt faoina luach, ach an créatúr bocht atá ag iarraidh airleacain, buailfear thall air sin é. Fear dhá bheathú agus fear dhá mharú, mar adeir an ceann eile.
Ní thaitneodh liom a bheith buailte ar an mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoin tuaith.
Ní fhaca tú aon teach ariamh atá chomh buailte ar an mbóthar leis. Tá an bhinn ó dheas amach ar an mbóthar ar fad. Shílfeá go mba deacair dhóibh aon néal a chodladh ag fothramán san oíche.
"Bhuail sé roimhe nó go raibh neoin bheag agus deireadh lae ann, an capall ag gabháil ar scáth na copóige, agus an chopóg ag gabháil don Domhan Soir. Chonaic sé i bhfad uaidh agus ní i ngar dó; botháinín beag nach raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach air, ach aon chleite amháin ag déanamh foscaidh agus dídin dó" (as seanscéal — An Fear Gearr Glas)
+
→
buail
Chaitheadar coicís ag imeacht sa sruth faoi thoil deona Dé, ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach sna réigiúin choimhthíocha (daoine a tháinig slán as bá loinge)
TUILLEADH (19) ▼
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
Dhá seolthá siar amach an teiscinn mhóir taobh thiar d'Árainn, bhuailfeá tír (cladach, cuan, talamh) i Meiriceá.
Agus ar ndóigh níor chuir siad ag bualadh bóthair as fhéin an tráth sin d'oíche é. Ní chuirfeá madadh amach faoin dórtadh a bhí ann, ní áirím duine.
Buail amach faoin aer.
Bhuail sé amach ar fud an bhaile.
Buailfidh mé amach ag spaisteoireacht ar ball.
Ní bhuaileann sé amach chor ar bith anois — ní théann sé ar aermaíocht ná ar éirí amach ar bith; ní chorraíonn sé ón teach.
Is mór an t-ionadh nach mbuailfeadh sé amach faoin tír corruair.
Fuair tú amach é muis, cé a bhuailfeadh isteach ag breathnú ort — 'sé an duine céanna adúirt tú, an duine nach dtiocfadh isteach ag breathnú ar aon duine.
Ar an dá luath agus ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionsaigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaol ariamh rud ar bith ab aibéile ná é.
Bhuail néal eicínt sa gceann é agus ní raibh sé staidéarach ón lá sin amach.
Bhuail slaghdán é, agus as an slaghdán, tholg sé eitinn. Níor ól sé aon deoir bhainne sláinte ón lá sin amach.
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé agus chuir mé amach gach is a raibh in mo bholg
Bhuail donacht eicínt í i dteach an phobail inniu agus b'éigean í a iompar amach.
Bhuailfinn an cuileata murach faitíos go raibh an t-aon a hairt ag an bhfear thall, agus go sciorrfadh sé amach ar a chorr.
Tá an tír seo buailte ó caitheadh amach an té a sheasfadh ceart agus clú dhi. Ach tuilleadh ghéar den diabhal acu! Is maith an oidhe orthub é.
Buail amach í (an liathróid)
Bhuail sé amach béal an ghóraí í.
Buail amach báire.
→
bualadh
Bhí mé ag marú bromóg chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé in ann baoití a choinneáil leob i gcaitheamh uair an chloig, ach níor fhan bualadh ar bith ar an gcarraig uaidh sin amach.
+
→
buille
Is diabhaltaí an buille ort do bhicycle a bheith buailte suas. D'fhéadfá éirí amach dhuit fhéin corruair tharas a bheith cuibhrithe istigh i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
Ón lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim uaidh sin amach — bhí an buille a fuair sé i gcónaí ag gabháil roimhe
+
→
amach
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír' (Creathnach Sheáin Boirne)
TUILLEADH (6) ▼
Buail amach faoin mbaile agus déanfaidh sé maith mór dhuit.
Amach léithe mar a bhuailfeá ar an gcluais í agus dheamhan a cos a thaobhaigh an teach seo ó shin.
Chuir sé turraic ann agus chuir sé dhe amach é gur buaileadh in aghaidh ghiall an dorais é.
Mura mbí aon rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
Tá Sasana buailte amach is amach anois má tá sé ag cinnt uirthi saighdiúir a fháil.
Tá sé buailte suas amach is amach anois — níl éitir ar bith fanta ann; tá sé lag lúbach, agus gan é in ann corraí amach
Mura mbuaile tú fhéin faoi do cheart a bhaint amach, ní dhéanfaidh aon duine eile dhuit é.