buail faoi
1.
a.
+–
Bualadh faoi'n saoghal = a dhul i gcionn a' tsaoghail; pósadh; a dhul i gcrích; téagar a dhéanamh; a dhul ar lorg t'fhortúin, nó tabhairt faoi do slighe bheatha a shaothrú. (Go h-iondamhail is pósadh a bhíos i gceist).
Tá sé in am agad feasta bualadh faoi'n saoghal = a dhul i gcrích, nó tabhairt faoi do shlighe bheatha a shaothrú.
TUILLEADH (15) ▼
Cé'n mhairg atá ort? Is iomdha duine a bhuail faoi'n saoghal, nach raibh a leath-oiread slighe ná fághaltais aige a's atá agadsa.
Má's leat bualadh faoi'n saoghal chor a' bith, is gearr go mbí sé in am agad anois.
Is fada gur chuimnigh sé bualadh faoi'n saoghal.
Bhuail sé faoi'n saoghal sáthach óg.
Tá sé ro-óg fós le bualadh faoi'n saoghal a's le cúram a chuir air fhéin (i.e. le pósadh)
Má's léithe bualadh faoi'n saoghal chor a' bith, tá sé 'síneadh suas len am aici anois. 'Ní fhilleann an óige faoi dhó'.
Bhí mo dhá láimh-sa, chomh fada le chéile a' bualadh faoi'n saoghal dom, a's b'éigean dom gnaithí a dhéanamh 'na dheidh sin.
Ní mian le daoine bualadh faoi'n saoghal anois, gan maoin a's bráigíll a bheith orra(b). Ní h-ionann iad chor a' bith a's fadó. Pósadh daoine an uair sin, dhá mbeadh aon-chleith as a gcionn chor a' bith.
Is deacair d'aonduine bualadh faoi'n saoghal, a's a' saoghal atá ann, gan saothrú gan glaodhach ar thada.
Má's leat bualadh faoi'n saoghal, ní mór dhuit a bheith cruínn (baileach, barrainneach, tíoghbhusach) thairis sin.
Is mairg dhó nach fadó an lá a bhuail faoi'n saoghal, fharrus a bheith dhá chuir ar a' méir is fuide igcomhnuidhe. 'An rud a theighea(nn)s i bhfad, teigheann 'un roighineadais' adeir siad.
Is óg a b'éigean domsa bualadh faoi'n saoghal, a's mo bheatha a shaothrú. Ní raibh líon léith agam, ach dhean (rinne) Dia rud maith liom in a dhiaidh sin (Achréidh).
Is mór is fiú do dhuine an fhoghluim. Ní ualach ar aonduine í, a' bualadh faoi'n saoghal dó.
Ní féidir gur a' brath air bualadh faoi'n saoghal aríst atá sí (bean ar a' darna pósadh).
Nár chomhnuighe sí go mbuaile sí faoi'n saoghal aríst.
+–
Buail faoi obair; buail faoi na dhéanamh etc = tabhair faoi; féach leis; ionnsuigh nó áitigh ort dhá dhéanamh; oibrigh ort dhá dhéanamh.
Tá sé chomh maith dhuinn bualadh faoi ó's rud é atá le déanamh = tá sé chomh maith dhuinn an obair nó na gnaithí a thionnscailt ó tá siad romhainn.
TUILLEADH (19) ▼
Bhí sé le bualadh faoi ar maidin, ach loic sé aríst.
Shílfeá gur beag dhá fhonn a bhí air, bualadh faoi chor a' bith.
Mara gceapann tú go bhfuil tú indon a dhéanta ná buail faoi.
Buailfe sé siúd faoi na dhéanamh, bíodh sé indon nó ná bíodh.
Is air nach bhfuil a' mhairg bualadh faoi, má mhilleann sé fhéin é.
Bhuailfeadh sé faoi rud a' bith, ach cead a thabhairt dhó.
Níor mhaith liom bualadh faoi na dhéanamh, ó thárla nach bhfuil fhios agam, céard a bhainea(nn)s dó.
Níl sé de mhisneach agad bualadh faoi? = a' gceapann tú go bhfuil tú indon a dhéanta?
Bheadh ciall in a leithide, a bhuailfeadh faoi'n rud a dhéanamh.
Is ait a' fear é, má tá sé de mhisneach aige, bualadh faoi theach a dhéanamh, a's a mbeidh de chostas air = ní móide gurb é fhéin a dhéanfadh an tsaoirsinn sa gcás seo, ach go gcaillfeadh sé le na dhéanamh.
Is furasta dhó bualadh faoi shiopa, a's ar shaothruigh sé fhéin a's a bhean d'airgead i Ameriocá = is furasta dhó siopa a cheannacht nó a chuir ar bun.
Má tá fonn air bualadh faoi, ná bac thusa é, é fhéin a bheidheas síos leis.
Ní leigfeadh a' faitchíos dom bualadh faoi, ar fhaitchios nach ndéanfainn ceart é.
Bhí an bhean chomh dona sin, a's nach leigfeadh a' faitchíos de'n dochtúr bualadh fúithe é fhéin, go bhfuair sé dochtúr eile a' chongnamh dhó.
Tá'n t-aistear ro-fhada le bualadh faoi anocht.
Scríobhfainn fhéin an leitir, marach leisce bualadh fúithe.
Bhuail sé fhéin faoi'n 'mótar' a dheasú, a's mhill sé é, ceart críochnuighthe.
Níorbh fhlearr do dhuine a bheith an-stuama, le bualadh faoi ghnaithí de'n tsórt sin.
Má's leat bualadh faoi, tá sé in am agad tosuighe feasta.
b.
+–
Má bhuaileann tú faoi siúd, beidh aithmhéala ort = má theigheann tú a' troid leis; má thagann tú salach air.
Siúd í ubhall na h-aithne le bualadh fúithe.
TUILLEADH (15) ▼
B'fhearr dhuit a' t-adhbharsóir bualadh fút ná é siúd = b'fhearr a' diabhal a theacht treasna ort ná é.
Má bhuaileann sé fúmsa, fágfa mise éagcaoineadh aige = má thagann sé salach nó treasna orm, cuirfe mé cnead ann.
'Bullaí' mór a' bhaile seo thiar a bhuail faoi, má tá sé míllte gearrtha mar sin = sé trodaidhe cumasach an bhaile seo thiar a theangmhuigh leis a's a chuir an bhail sin air.
Cuirfe mé mo rogha geall gurab é M. M. Sh. Bh. a bhuail faoi, má tá sé buailte. Go leige Dia a shlainte dó! Is fada é 'tuaradh an méid sin dhó féin.
Tarbh a bhuail faoi fadó, a's a d'fhága martruighthe éalannach mar sin le na ló é.
Siúd í an droch-éadáil le bualadh fút.
Má bhuaileann an bhrothtuinn sin thiar fút, ní fhágfa siad indiaidh 'chéile chor a' bith thú = má chasann siad leat, marbhócha siad thú.
Na sidheogaí a bhuail faoi, adeir siad, a's a d'fhága éalann le na loiseag (ló) air = na sidheogaí a tháinic treasna air, a's a chuir éalann air, le na shaoghal.
Deir daoine gurb' iad an sluagh sidhe — diúltuigheamuide dóibh! — a bhuail faoi, oidhche a raibh sé 'teacht abhaile deireannach, a's gur shearg a láimh anuas ó'n dúid dhá mbarr. Má's siad nó nach h-iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é.
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
Má bhuaileann a' sceannadóir de mhadadh atá ag L. fút, stróicfe sé ó chéile thú.
Chuile fhear a' bualadh fút ach sagart nó póilidhe = ní miste dhuit cé 'chuirfeas araoid ná aighneas ort, ach gan sagart ná póilidhe dhá dheanamh.
Deir siad nach bhfuil beithidheach is measa duit bualadh fút 'san oidhche ná'n broc, ní scarfa sé le na ghreím, go n-airighe sé an cnáimh a' pléascadh.
Ní bhuailfe mé fúithe chor ar bith. Tá sí buille beag ro-thaghdach agam = ní chuirfe mé araoid ar bith ar a' mbean sin nó ní phósfa mé í, arae tá sí ro-spadhartha, nó ro-olc dhomsa.
A chailín a bhuail fúmsa trathnóna a's a d'ith mo dhrár; Ba chóir go gcuirfeá cunntas ag na comharsanaí go raibh tú gánn; Marach thú a bheith mío-mhúinte, ní bheadh súil leat i bhfus a's thall; Níor shásuigh féar an fhoghmhair thú! A shompla shalach, fuair tú call! (As "an bhó a fuair call" — amhrán greannmhar a rinne Colm a Bhailís, faoi bhó a tháinic, a's a d'ith a dhrár air) (Tá de dheifríocht idir "buail fút" a's "buail leat" nó "buail ort" (cas ort) ins na samplaí thuas-luaidhte, go mbíonn aighneas, araoid, nó millteanas i gceist i "buail fút".)
2.
a.
Buail fút é = leag é; cuir ar lár é, cuir fút é; cuir in aer é.
+–
Buail fút é a fhleasca(igh)!
Bhuail sé é faoi d'aon-iarraidh.
TUILLEADH (15) ▼
Níor sheas sé achar a' bith do Sheán, go raibh sé buailte faoi aige.
Thosuigh an bheirt a' carruidheacht, ach níor thug a' stumpán beag ionbhadh a' bith dó, gur bhuail sé faoi é, ar a' talamh.
Bhí sé buailte faoi aige, a's glúin ar a bholg.
Bhuail Pádraig faoi é, a's sé 'bhí deas air!
Shoraidh dhíot, má's é a bhfuil de rath leat, a leithide sin de chimleachán, de do bhualadh faoi!
Is beag a' stróbh air siúd Pádraic a bhualadh faoi. Tá dhá chrobh láimhe aige, chomh roighin leis an iarann.
Níl fear dhá mhéid sa tír, nach mbuailfeadh sé siúd faoi. Is gearr a' mhoill air é.
Níl teacht aniar a' bith sa rampaire sin. Tá sé ro-otruighthe le aon-mhaith a bheith leis. Nach buailte faoi atá sé ag 'chuile dhuine sa tír.
Thug sé cor choise dhó, a's bhuail sé faoi é, de ghorta gharta, gur bhain sé an scilling dhi.
Tá féith ó'n tsinnsir ann, má bhuail sé a leithide sin d'fhear faoi chomh h-aibéil sin.
Meath do chine aríst a chladhaire! Feiceamuist, buail fút mé!
Bhuailfeadh fear a' bith faoi é, dhá n-eirigheadh leis greim a fhaghail isteach air, ach coinneocha sé siúd uaidh thú le na dornaí.
Is caol liom é as a chaol-druim, le 'bheith in a charuidhe mhaith. Cuirfe mise geall leat go mbuailfe tú fút gan stróbh é, ach an druím a fháisceadh aige.
Shíl sé mé a bhualadh faoi ingan-fhios, ach ghoin m'aire mé, a's bhí mé deisighthe faoi na chomhair.
Má eirigheann leis breith isteach chor a' bith ort, tá tú buailte faoi aige, ar ionntú an tsuip.
b.
+–
Bhuail sé a cheann faoi = tháinic ceann-faoi air; chuir sé a cheann faoi.
'Céard a bheadh le rádh aice, ach a ceann a bhualadh fúithe = b'ughdar náire di é.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a cheann buailte faoi aige, le neart náire.
·
Buail an bhrat sin aniar faoi do mhullach, a's siubhail uait in éindigh liomsa.
c.
·
Buail fút annsin thall a's leig do scíth = suidh fút; suidh síos.
Breagh nach mbuailfeá fút in áit eicínt, a's gan a bheith a' guairdeall anonn's anall mar sin.
3.
+–
Bhuail sé anuas faoi'n teallach é = in aghaidh an teallaigh.
Bhuail sé an máilín anuas faoi'n mbóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé, filleadh ná feacadh ach breith air, a's é 'bhualadh anuas faoi'n talamh.
buail faoi in iontrálacha eile (50+)
→
fios
Ní bheadh aon-ghnatha ag aonduine bualadh faoi an rud sin, ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
+
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an sean-teach ag tuitim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
→
fáideog
Tá mé faoi fháideógaí fuara ar fad, in áit a raibh mé sínte san gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabhail léithe
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúilionn fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige in a fháinní aice
→
fána
Bhí an-bháirí scadán annseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fánaidh. Isteach faoi na sean-chladaigh se'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad annseo aríst gan mórán achair.
→
féar
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
→
cab
Abair 'ab ab' a's na buail do dhá chab faoi chéile (Rud nach féidir a dhéanamh. Caithtear a' dá chab a bhualadh faoi chéile le "ab" "ab" a rádh mara gcuirteá píosa páipéar eatorra).
→
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonnaic mise é lá an t-am a raibh an 'motor-bicycle' aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. a's bhí sé dhá sháthadh anoir chomh fada leis a' teach seo. Ba mheathta leis an sáthadh, a's dheamhan ceo a rinne sé, ach é 'árdú faoi'n ascaill, idir chorp, chleite a's sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár annseo é!
+
→
bealach
Buaileadh faoi bhealach é = áit eicínt ar an aistir a raibh sé.
TUILLEADH (2) ▼
Buaileadh suas faoi bhealach é, a's b'éigean dó a dhul isteach i dteaichín a bhí ar shúil a' bhóthair, go leigeadh sé an oidhche thairis ann.
Bhuail sliabh gortach faoi bhealach mé, a's shíl mé nach gcanglóchainn aon-fhata le mo mharthainn aríst.
Sé'n broimseáluidhe é 'mhic ó mo chroidhe. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air bruicneáil bhuailte a thabhairt dhá raibh 'sa teach, faoi nach bhfuigheadh sé cead imtheacht'.
→
buadán
Nuair a thug an tarbh faighdeán faoi, sé'n balla a bhuail sé, a's briseadh a dhá adhairc, idir buadán a's a raibh ann.
+
→
buail ar
Long luchtaighthe le ór a buaileadh ar chladach na bhForbachaí fadó. Tárluigheadh a' t-ór aiste go Garrdha na h-Iliúir (?), a's tá'n ciste faoi dhraoidheacht annsin ó shoin.
TUILLEADH (8) ▼
Ar thráigh gainimh a buaileadh a' luing, a's ní raibh aon-ghoir aice é 'fhágáil, arae bhí an rabharta a' cúlú, a's ní raibh a díol uisce snámha aice. Tharraing luing eile as í, faoi dheire, le griféid mhóra.
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic imbéal a' chuain. Nach h-iad a bhí neamh-áirdeamhail anois, nar thug faoi deara an leac, a's seoladh glan uirre.
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile, aimsir stoirme, a's is beag nar chaill oigiséad fíona a bhí innte, a raibh 'san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinic sé as 'na dheidh sin. Ó'n lá sin, go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon-deoir óil, ach cérbh iongnadh sin: 'an té bhuailtear sa gceann bíonn faitchíos air'.
Buaileadh air, a' straoilleoigín faoi dheire thiar, aindeoin ar eitigh sé de mhná ar foghnamh.
Ní raibh a sárú sin faoi rothaí na gréine má b'fhíor dhó fhéin, ach tá fhios aige anois, gur buaileadh air ceart í.
Buaileadh cíos ar mhuinntir a' bhaile seo thiar, faoi'n bportach, a's is olc a' ceart é freisin. Dheamhan leithphighinn dó a d'íocfainn dá mbadh mé iad — cead aca(b) iad a chuir as, má thogair siad.
An té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh 'sna siopaí seo, gheobhfa sé 'chuile shórt faoi na luach, ach a' créatúr bocht atá ag iarraidh áirleacain, buailfear thall air sin é. 'Fear dhá bheathú, a's fear dhá mharbhú' mar adeir a' ceann eile.
Ní thaithneochadh liom a bheith buailte ar a' mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoi'n tuaith.
Má chuireann sin aon-olc orm anois, ionnsócha mé a' bualadh rómham, a's buailfe mé an fear abhfus faoi'n bhfear thall, a's ní chomhnócha mé go ndéana mé carnáin dá gcloigne, dá gcolainneachaí, a's dá gcosa.
Tá sí a' fuasaoid faoi bheith buailte suas, a's indomhnach tá sé in am sin aice, 'chuile lá feasta.
+
→
buail
Is dona a chuaidh an bualadh dhó faoi dheire thiar = chuaidh sé in aghaidh; buaileadh nó gortuigheadh é féin.
TUILLEADH (19) ▼
Níor thug sí fúm ach aon-phriocadh amháin, a's bhuail sí mé ar a' bpuinnte.
Bhí concar buailte agam, ach b'éigean dom an dorugha a ghearradh, a's í 'leigean faoi'n scuir aríst.
Bhí thob ann a's thob as aige, a's é 'baint corr-phriocadh asam, ach bhuail sí mé faoi dheire.
Chaitheadar coigcighthis ag imtheacht sa sruth, faoi thoildeona Dé, ach faoi (dh)eire, a's faoi (dhe)óidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach 'sna réigiúin choimhthigheacha (daoine a tháinic slán as báthadh luinge).
Bhí sé ar siubhal gur bhuail sé faoi'n tsúil é = gur shroich sé an áit.
Ná comhnuigh choidhchin go mbuaile tú faoi'n tsúil é = na scuir; ná tagadh iabh na forus ort, go sroiche tú ceann scríbe.
Bhí sé ag imtheacht a's a' síor-imtheacht gur bhuail sé an baile mór faoi'n tsúil.
Ná bain méir de do shróin, go mbuaile tú Gaillimh faoi'n tsúil.
A's 'ar ndoigh níor chuir siad a' bualadh bóthair as fhéin an tráth sin d'oidhche é. Ní chuirfeá madadh amach faoi'n dórtadh a bhí ann, ní áirmhighim duine.
Is suarach na gnaithí atá ort a dhul a' bualadh bóthair, an tráth seo d'oidhche, a's gan fhios agad, céard a d'eireochadh dhuit, faoi bhealach, i bhfad uainn an anachain a's an urchóid.
Buail amach faoi'n aer.
Pé'rbí cé'n daol a tháinic air an lá faoi dheire, d'fhága sé an gort a's bhuail sé soir tighe E. de ghort a gharta, gur ól sé a sháith go bínn ann.
Is mór a' t-iongnadh nach mbuailfeadh sé amach faoi'n tír corr-uair.
Buail soir faoi (dh)éint a' dochtúra dhó sin.
Bhuail drugal mé — lán mo chraicinn de — nuair a h-innsigheadh dhom faoi'n mbealach a chaithfinn a thabhairt orm fhéin. Ach níor loic mé in a dheidh sin.
Bhuail fonn magaidh annsin é, a's d'áitigh air, a' saghdadh faoi Chaitlín.
Shiubhailfeá shul (dh)á gheobhfá bualadh Sheáin, ar a' gcaoi sin. Níl bréag a' bith, nach raibh sé cóir faoi'n rud a bheadh aige.
Is mairg dhuit nar bhuail a' t-aon, ó fuair tú fút í. Tóigeadh 'chuile dhuine a chúig féin annseo.
'Séard a d'fhága an tír seo buailte, nuair a bacadh na daoine faoi dhul go Ameriocá. Badh í sin a' tír, an fhad a's sheas sí; ach 'ní mhaireann a' rith maith do'n each i gcomhnuidhe' adeir siad.
→
airde 1
Tá air (aige), an t-ól a chaith(eamh) in áirde anois, agus é 'bualadh faoi'n saoghal (a' pósadh).