buail faoi
1.
a.
+–
Bualadh faoin saol — a dhul i gcionn an tsaoil; pósadh; a dhul i gcrích; téagar a dhéanamh; a dhul ar lorg t'fhortúin nó tabhairt faoi do shlí bheatha a shaothrú. Go hiondúil is pósadh a bhíos i gceist
Tá sé in am agat feasta bualadh faoin saol — a dhul i gcrích nó tabhairt faoi do shlí bheatha a shaothrú
TUILLEADH (15) ▼
Cén mhairg atá ort? Is iomaí duine a bhuail faoin saol nach raibh a leathoiread slí ná fáltais aige agus atá agatsa
Más leat bualadh faoin saol chor ar bith, is gearr go mbí sé in am agat anois.
Is fada gur chuimhnigh sé bualadh faoin saol.
Bhuail sé faoin saol sách óg
Tá sé ró-óg fós le bualadh faoin saol agus le cúram a chur air fhéin (.i. le pósadh)
Más léithe bualadh faoin saol chor ar bith, tá sé ag síneadh suas le n-am aici anois. Ní fhilleann an óige faoi dhó
Bhí mo dhá láimhse chomh fada le chéile ag bualadh faoin saol dom, agus b'éigean dom gnaithí a dhéanamh ina dhiaidh sin
Ní mian le daoine bualadh faoin saol anois gan maoin is brá gill a bheith orthub. Ní hionann iad chor ar bith agus fadó. Pósadh daoine an uair sin dhá mbeadh aon chleith os a gcionn chor ar bith
Is deacair d'aon duine bualadh faoin saol agus an saol atá ann, gan saothrú gan glaoch ar thada.
Más leat bualadh faoin saol, ní mór dhuit a bheith cruinn (baileach, barainneach, tíobhasach) thairis sin.
Is mairg dhó nach fadó an lá a bhuail faoin saol, tharas a bheith dhá chur ar an méir is faide i gcónaí. An rud a théanns i bhfad, téann chun righneadais, adeir siad.
Is óg ab éigean domsa bualadh faoin saol agus mo bheatha a shaothrú. Ní raibh líon léith agam ach dhéan (rinne) Dia rud maith liom ina dhiaidh sin (Achréidh)
Is mór is fiú do dhuine an fhoghlaim. Ní ualach ar aon duine í ag bualadh faoin saol dó.
Ní féidir gur ag brath ar bualadh faoin saol aríst atá sí (bean ar an darna pósadh)
Nár chónaí sí go mbuaile sí faoin saol aríst.
+–
Buail faoi obair; buail faoina dhéanamh srl. — tabhair faoi; féach leis; ionsaigh nó áitigh ort dhá dhéanamh; oibrigh ort dhá dhéanamh
Tá sé chomh maith dhúinn bualadh faoi ós rud é atá le déanamh — tá sé chomh maith dhúinn an obair nó na gnaithí a thionscailt ó tá siad romhainn
TUILLEADH (19) ▼
Bhí sé le bualadh faoi ar maidin, ach loic sé aríst.
Shílfeá gur beag dhá fhonn a bhí air bualadh faoi chor ar bith.
Mura gceapann tú go bhfuil tú in ann a dhéanta, ná buail faoi.
Buailfidh sé siúd faoina dhéanamh, bíodh sé in ann nó ná bíodh.
Is air nach bhfuil an mhairg bualadh faoi má mhilleann sé fhéin é.
Bhuailfeadh sé faoi rud ar bith ach cead a thabhairt dhó.
Níor mhaith liom bualadh faoina dhéanamh ó tharla nach bhfuil a fhios agam céard a bhaineanns dó.
Níl sé de mhisneach agat bualadh faoi? — an gceapann tú go bhfuil tú in ann a dhéanta?
Bheadh ciall ina leithide, a bhuailfeadh faoin rud a dhéanamh.
Is ait an fear é má tá sé de mhisneach aige bualadh faoi theach a dhéanamh agus a mbeidh de chostas air — ní móide gurb é fhéin a dhéanfadh an tsaoirsin sa gcás seo ach go gcaillfeadh sé lena dhéanamh
Is furasta dhó bualadh faoi shiopa agus ar shaothraigh sé fhéin agus a bhean d'airgead i Meiriceá — is furasta dhó siopa a cheannacht nó a chur ar bun.
Má tá fonn air bualadh faoi ná bac thusa é, é fhéin a bheas síos leis.
Ní ligfeadh an faitíos dom bualadh faoi ar fhaitíos nach ndéanfainn ceart é.
Bhí an bhean chomh dona sin agus nach ligfeadh an faitíos don dochtúr bualadh fúithi é fhéin go bhfuair sé dochtúr eile a chúnamh dhó.
Tá an t-aistear rófhada le bualadh faoi anocht.
Scríobhfainn fhéin an litir murach leisce bualadh fúithi.
Bhuail sé fhéin faoin mótar a dheasú agus mhill sé é ceart críochnaithe.
Níorbh fholáir do dhuine a bheith an-stuama le bualadh faoi ghnaithí den tsórt sin.
Más leat bualadh faoi, tá sé in am agat tosaí feasta
b.
+–
Má bhuaileann tú faoi siúd, beidh aiféala ort — má théann tú ag troid leis; má thagann tú salach air
Siúd í úll na haithne le bualadh fúithi
TUILLEADH (15) ▼
B'fhearr dhuit an t-áibhirseoir bualadh fút ná é siúd — b'fhearr an diabhal a theacht trasna ort ná é
Má bhuaileann sé fúmsa fágfaidh mise éagaoineadh aige — má thagann sé salach nó trasna orm, cuirfidh mé cnead ann
Bulaí mór an bhaile seo thiar a bhuail faoi má tá sé millte gearrtha mar sin — sé trodaí cumasach an bhaile seo thiar a theangmhaigh leis agus a chuir an bhail sin air
Cuirfidh mé mo rogha geall gurb é M. M. Sh. Bh. a bhuail faoi má tá sé buailte. Go lige Dia a shláinte dó! Is fada é ag tuaradh an méid sin dhó féin
Tarbh a bhuail faoi fadó agus a d'fhága martraithe éalangach mar sin lena ló é.
Siúd í an drochéadáil le bualadh fút.
Má bhuaileann an bhratainn sin thiar fút, ní fhágfaidh siad i ndiaidh a chéile chor ar bith thú — má chasann siad leat, maróidh siad thú
Na siógaí a bhuail faoi, adeir siad, agus a d'fhága éalang lena luiseag (ló) air — na siógaí a tháinig trasna air agus a chuir éalang air lena shaol
Deir daoine gurb iad an slua sí — diúltaí muide dóibh! — a bhuail faoi oíche a raibh sé ag teacht abhaile deireanach, agus gur shearg a láimh anuas ón dúid dhá mbarr. Más siad nó nach iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é
Séiplíneach óg a bhuail faoi agus é ar an gceird sin, ag bánú tithe agus ag déanamh créatúlachta ar bhaintreachaí. Níor chuir an séiplíneach aon araoid air gur ionsaigh sé fhéin é i dtosach. Ansin dúirt an séiplíneach leis go mbeadh an féar fós ag fás ar urlár a pharlúis. Tháinig an méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid an tí mhóir inniu (scéal faoi thiarna talúna a ndearna séiplíneach eascainí air más fíor)
Má bhuaileann an sceanadóir de mhadadh atá ag L. fút, stróicfidh sé ó chéile thú.
Chuile fhear ag bualadh fút ach sagart nó póilí — ní miste dhuit cé a chuirfeas araoid ná aighneas ort ach gan sagart ná póilí dhá dhéanamh
Deir siad nach bhfuil beithíoch is measa duit bualadh fút san oíche ná an broc, ní scarfaidh sé lena ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh.
Ní bhuailfidh mé fúithi chor ar bith. Tá sí buille beag róthaghdach agam — ní chuirfidh mé araoid ar bith ar an mbean sin nó ní phósfaidh mé í, arae tá sí róspadhartha nó ró-olc dhomsa
"A chailín a bhuail fúmsa tráthnóna agus a d'ith mo dhrár; Ba chóir go gcuirfeá cuntas ag na comharsanaí go raibh tú gann; Murach thú a bheith mímhúinte, ní bheadh súil leat abhus is thall; Níor shásaigh féar an fhómhair thú! A shampla shalach, fuair tú call! (As An Bhó a Fuair Call — amhrán greannmhar a rinne Colm a Bhailís faoi bhó a tháinig agus a d'ith a dhrár air. Tá de dhifríocht idir "buail fút" agus "buail leat" nó "buail ort" (cas ort) sna samplaí thuasluaite, go mbíonn aighneas, araoid, nó millteanas i gceist i "buail fút".
2.
a.
buail fút é: leag é; cuir ar lár é, cuir fút é; cuir in aer é
+–
Buail fút é a fhleascaigh!
Bhuail sé é faoi d'aon iarraidh.
TUILLEADH (15) ▼
Níor sheas sé achar ar bith do Sheán go raibh sé buailte faoi aige
Thosaigh an bheirt ag coraíocht ach níor thug an stumpán beag ionú ar bith dó gur bhuail sé faoi é ar an talamh.
Bhí sé buailte faoi aige agus glúin ar a bholg.
Bhuail Pádraig faoi é agus 'sé a bhí deas air!
Shoraidh dhíot, más é a bhfuil de rath leat a leithide sin de chuimleachán do do bhualadh faoi!
Is beag an stró air siúd Pádraic a bhualadh faoi. Tá dhá chrobh láimhe aige chomh righin leis an iarann.
Níl fear dhá mhéid sa tír nach mbuailfeadh sé siúd faoi. Is gearr an mhoill air é.
Níl teacht aniar ar bith sa rampaire sin. Tá sé ró-otraithe le aon mhaith a bheith leis. Nach buailte faoi atá sé ag chuile dhuine sa tír.
Thug sé cor choise dhó agus bhuail sé faoi é de ghorta gharta gur bhain sé an scilling dhi.
Tá féith ón tsinsir ann má bhuail sé a leithide sin d'fhear faoi chomh haibéil sin.
Meath do chine aríst a chladhaire! Feiceamuist, buail fút mé!
Bhuailfeadh fear ar bith faoi é dhá n-éiríodh leis greim a fháil isteach air, ach coinneoidh sé siúd uaidh thú le na dornaí.
Is caol liom é as a chaoldroim le a bheith ina choraí mhaith. Cuirfidh mise geall leat go mbuailfidh tú fút gan stró é ach an droim a fháscadh aige.
Shíl sé mé a bhualadh faoi i ngan fhios, ach ghoin m'aire mé agus bhí mé deisithe faoina chomhair.
Má éiríonn leis breith isteach chor ar bith ort, tá tú buailte faoi aige ar iontú an tsoip
b.
+–
Bhuail sé a cheann faoi: tháinig ceann faoi air; chuir sé a cheann faoi.
Céard a bheadh le rá aici, ach a ceann a bhualadh fúithi — b'údar náire di é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a cheann buailte faoi aige le neart náire
·
Buail an bhrat sin aniar faoi do mhullach, agus siúil uait in éindí liomsa
c.
·
Buail fút ansin thall agus lig do scíth — suigh fút; suigh síos
Breá nach mbuailfeá fút in áit eicínt agus gan a bheith ag guairdeall anonn is anall mar sin.
3.
+–
Bhuail sé anuas faoin teallach é — in aghaidh an teallaigh
Bhuail sé an máilín anuas faoin mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach breith air agus é a bhualadh anuas faoin talamh
buail faoi in iontrálacha eile (50+)
+
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an seanteach ag titim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
→
fáideog
Tá mé faoi fháideogaí fuara ar fad an áit a raibh mé sínte sa gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabháil léithe
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúileann fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige ina fháinní aice
→
fána
Bhí an-bháirí scadán anseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fána. Isteach faoi na seanchladaí s'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad anseo aríst gan mórán achair.
→
féar
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
→
cab
Abair ab ab agus ná buail do dhá chab faoi chéile (Rud nach féidir a dhéanamh. Caitear an dá chab a bhualadh faoi chéile le 'ab ab' a rá mura gcuirteá píosa páipéar eatarthu)
Is maith cuntanósach nach mór dhuit a bheith leis an mboc údaí nó buailfidh sé lán do chraicinn ort. Ní mór leis chuile dhuine a bheith faoi bhois an chait aige.
+
→
bealach
Buaileadh faoi bhealach é — áit eicínt ar an aistir a raibh sé.
TUILLEADH (2) ▼
Buaileadh suas faoi bhealach é agus b'éigean dó a dhul isteach i dteachín a bhí ar shúil an bhóthair go ligeadh sé an oíche thairis ann.
Bhuail sliabh gortach faoi bhealach mé agus shíl mé nach gcanglóinn aon fhata le mo mharthain aríst.
+
→
bior
Tá bior géar amach as a thiocfadh thríot dhá mbuailtí le teannadh fút é.
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhaith an dóigh í anois le bualadh fúithi — bior in aon tsúil, agus gabháltas maith talún aici — b'fhiú bleid chleamhnais a bhualadh uirthi mar tá a hathair is a máthair taobh léithe, agus beidh gabháltas maith talúna ag titim uirthi
'Sé an broimseálaí é, a mhic ó mo chroí. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air broicneáil bhuailte a thabhairt dhá raibh sa teach faoi nach bhfaigheadh sé cead imeachta.
→
buadán
Nuair a thug an tarbh foighdeán faoi, 'sé an balla a bhuail sé agus briseadh a dhá adhairc, idir buadán agus a raibh ann.
+
→
buail ar
Má imíonn tú anois, rachaidh mise faoi dhuit nach mbuailfear oiread agus deoir bháistí ort go mbeidh tú ag ceann cúrsa. Má tá an duifean thiar fhéin, ní chaithfidh sé chomh tobann sin í.
TUILLEADH (6) ▼
Long luchtaithe le ór a buaileadh ar chladach na bhForbachaí fadó. Tarlaíodh an t-ór aisti go Garraí na hIliúir (?), agus tá an ciste faoi dhraíocht ansin ó shin.
Ar thrá gainimh a buaileadh an loing, agus ní raibh aon ghair aici é a fhágáil, arae bhí an rabharta ag cúlú agus ní raibh a díol uisce snámha aici. Tharraing loing eile as í faoi dheireadh le graiféid mhóra
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic i mbéal an chuain. Nach iad a bhí neamhairdiúil anois nár thug faoi deara an leac agus seoladh glan uirthi.
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile aimsir stoirme, agus is beag nár chaill oigiséad fíona a bhí inti a raibh san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinig sé as ina dhiaidh sin. Ón lá sin go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon deoir óil, ach cérbh ionadh sin: an té bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air.
Buaileadh air an straoilleoigín faoi dheireadh thiar, ainneoin ar eitigh sé de mhná ar fónamh.
Ní raibh a sárú sin faoi rothaí na gréine má b'fhíor dhó fhéin, ach tá a fhios aige anois gur buaileadh air ceart í.
Tá sí ag fuasaoid faoi bheith buailte suas, agus i nDomhnach, tá sé in am sin aici chuile lá feasta.
+
→
buail
Is dona a chuaigh an bualadh dhó faoi dheireadh thiar — chuaigh sé ina aghaidh; buaileadh nó gortaíodh é féin
TUILLEADH (9) ▼
Níor thug sí fúm ach aon phriocadh amháin agus bhuail sí mé ar an bpointe.
Bhí hob ann agus hob as aige agus é ag baint corrphriocadh asam, ach bhuail sí mé faoi dheireadh.
Chaitheadar coicís ag imeacht sa sruth faoi thoil deona Dé, ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach sna réigiúin choimhthíocha (daoine a tháinig slán as bá loinge)
Is suarach na gnaithí atá ort a dhul ag bualadh bóthair an tráth seo d'oíche agus gan fhios agat céard a d'éireodh dhuit faoi bhealach, i bhfad uainn an anachain agus an urchóid.
Pé ar bith cén daol a tháinig air an lá faoi dheireadh, d'fhága sé an gort agus bhuail sé soir tí E. de ghorta gharta gur ól sé a sháith go binn ann.
Buail soir faoi dhéint an dochtúra dhó sin.
Bhuail fonn magaidh ansin é agus d'áitigh air ag saighdeadh faoi Chaitlín.
Is mairg dhuit nár bhuail an t-aon ó fuair tú fút í. Tógadh chuile dhuine a chúig féin anseo.
Séard a d'fhága an tír seo buailte, nuair a bacadh na daoine faoi dhul go Meiriceá. Ba í sin an tír an fhad agus a sheas sí; ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí, adeir siad.
Thug sé farra faoi gan aireachtáil agus bhuail sé ar a bhéal agus ar a fhiacla amuigh faoin tsráid é.
Mura mbuaile tú fhéin faoi do cheart a bhaint amach, ní dhéanfaidh aon duine eile dhuit é.
→
anam
Dheamhan ar mhiste leis siúd dhá mbainfí an t-anam as faoi, ach bhuailfeadh sé thú faoi láthair le rud ar bith ba túisce aige.
→
fearg
Dheamhan a mbíodh as seo go dtí an claí i bhfearg an tsagairt sin, ach ó bhuailfeadh sí é, go gcaithfeá éisteacht leis go ligeadh sé faoi aríst. Bhí sé preabach mar sin ach dheamhan a gcuimhneodh sé ar an bpointe aríst air
Bhuail mé mo lorga faoi chois an bhoird agus chaith mé an lá ag fiodrince ar fud an urláir ler chuir sí de phian orm
→
fleasc
Dhá mbuailtí do mhéir faoi thobán screabach — tobán a mbeadh scrabannaí ag imeacht dó — agus fleasc a dhul faoin ionga, thiocfadh gor faoi iongan ort. Sin é an uair a shaothrófá an saol. Bheadh méir bhocht agat. Deirimse leat gur hiomaí oíche a bheifeá ar neamhchodladh aici
Níl tusa in ann foghairt a chur faoin gcapall sin. Fág faoi dhuine eicínt é a rinne cheana é agus atá eolgach ar na gnaithí. Bhuailfeá faoi rud ar bith.