Buailteoir
1.
fear buailte coirce, nó fear súiste.
·
Bhí méitheal buailteoirí aige a' bualadh coirce.
Tháinic beirt bhuailteoirí le súistí dhá lascadh, nó gur dhíbrigheadar as an teach é.
2.
tugtar anois é ar a' bhfear a mbíonn inneal buailte arbhair aige, ag dul thart, a's amanntaí ar an inneal fhéin.
a.
·
Tá'n buailteoir i bhfocal agham, a's gheall sé dhom a theacht indiu, leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dheidh sin, arae tá candáil air, ar an aimsir seo.
b.
amanntaí, a's in áiteachaí tugtar ar a' mbuailteán nó laidhe buailte an tsúiste é.
3.
duine a mbeadh de cháil air a bheith a' cionntú le mná (ciall gháirseamhail).
·
Nach díocasach a' buailteoir é (ciall gháirseamhail)
Buailteoir in iontrálacha eile (1)
→
cóineas
Tá coimhneas maith ugainne ar a' mbealach sin, arae tá buailteoir i mbéal a' doruis ugainn.