Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buailteoir
1.
fear buailte coirce nó fear súiste.
·
Bhí meitheal buailteoirí aige ag bualadh coirce.
Tháinig beirt bhuailteoirí le súistí dhá lascadh nó gur dhíbríodar as an teach é.
2.
tugtar anois é ar an bhfear a mbíonn inneall buailte arbhair aige ag dul thart, agus amantaí ar an inneall fhéin.
a.
·
Tá an buailteoir i bhfocal agam agus gheall sé dhom a theacht inniu leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dhiaidh sin, arae tá cantáil air ar an aimsir seo
b.
amantaí, agus in áiteachaí, tugtar ar an mbuailteán nó láí buailte an tsúiste é.
3.
duine a mbeadh de cháil air a bheith ag ciontú le mná (ciall gháirsiúil).
·
Nach díocasach an buailteoir é (ciall gháirsiúil)

buailteoir in iontrálacha eile (1)

 
Tá cóineas maith againne ar an mbealach sin, arae tá buailteoir i mbéal an dorais againn.