Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buailteán
laidhe buailte an tsúiste. Bíonn iall dhá cheangal do'n cholpán.
+
Buailteán coll, colpán cuilinn urlár lom, a's gan aon-phunann (sean-rádh)
Chinn orm ádhbhar buailteáin a fhaghail sa ros-choill.
TUILLEADH (6) ▼
Ní mór dhuit an buailteán a stálú go maith, as cionn na teineadh.
Bhris buailteán a' tsúiste orm — rinne sé dhá leith.
Dheamhan a dhath ariamh a rinne sé, ach snaidhm de'n bhuailteán a thabhairt aniar ó mhaol na gualann dhó, a's é shíneadh mín, marbh 'san easair.
Buailteán súiste narbh fhlearr dhuit in éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh, a's nach bhfágfadh fás fhéin aon-léas air.
D'ionnsuigh air a' rúscadh an cheannuidhe (ceannuidhe mála) le buailteán a' tsúiste, ach níor leis a' gceannuidhe ab fhaillighe é mo léan! D'fhastuigh sé an buailteán, as chuir sé cor ann, gur bhris an iall le teann fuinnimh, a's tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc de'n bhuailteán d'fhear a' tighe annsin, a shín é in a staic ar an urlár.
Choinneochthá an colpán in do láimh, a's chasfá an buailteán aniar thar do ghualainn, go mbuailfeá an dornán san easair.