buailteán
—
láí buailte an tsúiste. Bíonn iall dhá cheangal don cholpán.
+–
Buailteán coll, colpán cuilinn, urlár lom, agus gan aon phunann (seanrá)
Chinn orm ábhar buailteáin a fháil sa roschoill.
TUILLEADH (6) ▼
Ní mór dhuit an buailteán a stálú go maith os cionn na tine.
Bhris buailteán an tsúiste orm — rinne sé dhá leith.
Dheamhan a dhath ariamh a rinne sé ach snaidhm den bhuailteán a thabhairt aniar ó mhaol na gualann dhó, agus é a shíneadh mín marbh san easair.
Buailteán súiste nárbh fholáir dhuit ina éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh agus nach bhfágfadh fás fhéin aon léas air.
D'ionsaigh air ag rúscadh an cheannaí (ceannaí mála) le buailteán an tsúiste, ach níor leis an gceannaí ab fhaillí é mo léan! D'fhostaigh sé an buailteán agus chuir sé cor ann gur bhris an iall le teann fuinnimh, agus tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc den bhuailteán d'fhear an tí ansin a shín é ina staic ar an urlár.
Choinneofá an colpán in do láimh agus chasfá an buailteán aniar thar do ghualainn go mbuailfeá an dornán san easair.