Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bualadh
1.
Bualadh (éisc) = freagairt; tugtha do phriocadh an dubháin; a dhul i bhfastódhas sa dubhán; marbhú ar an iasc.
a.
+
Níl aon-bhualadh ar an iasc indiu = níl a' t-iasc a' dul i bhfastódhas 'sna dubháin; níl aon-phriocadh ná aon-fhreagairt le faghail ag iascairí.
Ní fhéadfadh aon-bhualadh a bheith ar iasc indiu. Tá'n lá ro-gheal.
TUILLEADH (22) ▼
Lá dorcha is fhearr a bhío(nn)s bualadh ar an iasc.
Dheamhan a shúil a d'airigh mé ó sheas mé ar a' gcarraig. Ní raibh bualadh a' bith air.
Níor chaith mé ach cupla urchar iascaigh, arae níor airigh mé aon-bhualadh air.
Ní fhéadfadh aon-bhualadh éisc a bheith ortsa, arae ní bhuailfe an t-iasc an baoite atá agad — portáin. Má's leat aon-chúis a dhéanamh, ní mór dhuit logaigh a's péiste ruadha a fhaghail.
Bhí an-bhualadh ar chinn-chruacháin, a's ar mhárlaí Cháit, ar Charraig Mhurrchadha, ach níor eirigh breac ar foghnamh 'bith liom. (Ceanna (nó cinn) chruacháin, a's márlaí Cháit = iasc beag gan mhaith. Go h-iondamhail, tugann a' t-iascaire an poll amach aríst dóib).
Bhí mé 'marbhú bromóg chomh tréan in Éirinn a's bhí mé indon baoití a choinneál leo(b) i gcaitheamh uair a' chluig, ach níor fhan bualadh a' bith ar a' gcarraig uaidh sin amach.
Fuair mé neart priocaí, a's bhí na dubháin sciúrtha 'chuile uair dhár tharraing mé an dorugha, ach cé'n mhaith sin, arae ní raibh bualadh a' bith orra(b).
Bhí neart aireachtála (i.e. freagairt, priocaí), ach ní raibh bualadh a' bith.
D'fhan mé ann go raibh an charraig ionann's folcuighthe, ach badh aon-mhaith amháin dom é, ní raibh a dhath bualadh ar an iasc.
Mara dtaga aon-bhualadh orra(b) anois leis a' taoille tuileadh, tá siad réidh leis indiu.
Bhí báiridheachaí éisc ann thar a chéile, ach dheamhan bualadh a bhí ar na h-eangachaí ina dheidh sin.
Ní bhíonn aon-bhualadh éisc ghlais ar na glas-chuanta sin. Sa tsean-fhairrge is mó a chothuighea(nn)s siad.
Sa bhfoghmhar a bhío(nn)s an bualadh ar an iasc glas.
Níl mórán bualadh ar an iasc mór sa stupóig. Chaithfeá a dhul ar a' bhfeatha mhóir leis.
Bhí bráite maith aghainn, a's ní raibh aon-bhualadh thairis sin, ar an iasc, in a dheidh sin.
Níl aon-bhualadh ar aon-bhreac annseo. Sílim nach dóigh maith breac é. Tá'n iomarca gainimh ann.
Bhí an-bhualadh ar na runna(igh) 'sna h-eangachaí (líonta) anocht.
Bhí bualadh chomh mór sin ar an iasc glas, a's go gcaithfinn tharm iad, gan stróbh a' bith, dhá mbeadh líon-cléite agam.
Tá bualadh ar iasc glas annsin amuigh, má tá aon-líon curtha ann. 'Bhfeiceann tú an staighean éan atá ann!
Dhá mbeadh a dóthain lonnadh sa bhfairrge, bheadh níos mó bualadh ar an iasc.
Sé'n uair is fhearr a mbíonn bualadh ar iasc, lá a mbeadh lonnadh 'sa bhfairrge, ach gan í 'bheith ro-chollóideach.
Tá'n lá ro-aoibhinn le aon-bhualadh a bheith ar an iasc.
b.
·
Níl aon-bhualadh éisc orm indiu = níl aon-ádh éisc orm; níl aon-chonách éisc orm.
Ná fagh caidéis a' bith dhom anois, le faitchíos, nach mbeadh aon-bhualadh éisc orm (iascaire, le duine a chasas dó faoi bhealach, a's é 'dul ag iascach).
2.
(mar ainm-fhocal amháin) bealach nó triall go leor; cuid mhór gluaiseachta ("great traffic")"
a.
+
Tá bualadh mór ar a' mbóthar sin = teigheann go leor daoine, gluaisteáin, carrannaí, rothair etc air; tá bealach cuid mhaith air.
Tá bualadh mór 'motarss' air.
TUILLEADH (17) ▼
Tá bualadh mór daoine air.
Tá an-bhualadh daoine ar a' mbóthar sin anois, mar tá sé déanta as an nuadh.
Bíonn an-bhualadh fámuirí ar bhóthar a' chladaigh sa samhradh.
Is beag a' bualadh a bhío(nn)s ar a' mbóthar sin chor a' bith, cé's moite de mhuinntir na Gaillimhe, a's iad a' déanamh aeir dóib fhéin 'sa samhradh.
Sin é an bóthar a mbíodh an bualadh uileag, fadó, air, ach ó rinneadh an bóithrín aithgiorrach, thríd an sliabh, ní bheadh ann ach timcheall anois.
Ní rabh fhios agham, go raibh an oiread bualadh ar a' mbóthar siúd, go dtí le goirid.
Is ar a' mbóthar nuadh atá an bualadh ar fad anois.
Is mór a' chontabhairt a dhul le cairt ann, arae tá sé chomh sleamhain le gloine, a's is air atá bualadh na 'motarss' ar fad anois.
Is ar a' mbóthar céadna atá bualadh na h-Araidhe = tá an-bhualadh air.
Is ar a' mbóthar sin, atá bualadh an Achréidh ar fad = sé'n bóthar é a mbaineann muinntear an Achréidh leas as ar fad.
Tá'n bóthar ó dheas tugtha uaidh uileag anois, leis a' síor-bhualadh atá air.
D'fhanadar ó'n gcasán, a's ó bhualadh na ndaoine.
Ní chothuigheann fiadhannaí in aice bealaigh ná casáin, a mbeidh bualadh daoine air. Tá siad an-fhaitcheach, an-scáthmhar.
Níl caothamhlacht a' bith innte, má rinne sí a leithide de chleas, ar bhóthar a bhfuil an oiread bualadh air, a's 'tá ar an mbóthar sin.
Dhá ndeasuightí an bóthar soir, bhainfeadh sé cuid de'n bhualadh de'n bhóthar mór.
Bhíodh an-bhualadh ar a' réidh-chasán sin scath(amh), ach ní theigheann duine a' bith anois ann, ó bhac muinntir Sh. Mh. iad, annseo, an bhliadhain cheana.
Níl mórán bualadh daoine ar a' mbealach sin anois, ó deasuigheadh bóthar Sh. Dh.
b.
+
Tá an-bhualadh ar bhóthar na Trágha indiu = tá triall a's tarraingt na ndaoine ann. (Is annamh a baintear leas as mar seo)
Tá an-bhualadh ar na tighthe ósta indiu = go leor daoine a' déanamh orra.
TUILLEADH (3) ▼
Tá bualadh mór ar Ghaillimh indiu = tarraingt.
Má tá sé a' díol na h-earrtha (earradh eicínt; earradh amháin, cuirigcás plúr etc) ar shlat-mhargadh, gheobha sé trácht, a's beidh bualadh daoine ar a shiopa.
Is ar a theach-ósta a bhí bualadh na ndaoine ar fad indiu. 'Scuabann chuile scuab nuadh glan idtosach'.
3.
a.
Bualadh-draidín = an drad uachtair a's an drad-íochtair a bheith a' bualadh in aghaidh a chéile le fuacht, faitchíos, nó a leithidí eile; bualadh fiacal.
+
Tá bualadh draidín air leis a' bhfuacht = tá déidín tuithte aige leis a' bhfuacht; tá bualadh-fiacal air le teann fuaicht; tá sé thart leis a' bhfuacht.
Tháinic bualadh-draidín orm leis a' bhfuacht.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a Dhia a's do Mhuire, mara bhfuil bualadh-draidín orm le faitchíos!
Bhí an oidhche a' cur sheaca thar cionn, a's tháinic bualadh draidín orm, le neart an fhuaicht.
+
Nuair a ghlacaim col le rud a' bith, tagann bualadh-fiacal orm, hébrí cé'n t-ughdar é.
Bhí sé 'séideadh dubh-oighre, a's bualadh-fiacal orm fhéin le teann fuaicht.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in a bhualadh fiacal ormsa — tá sin
b.
Bualadh teangan (nó ceangan): galra a bhío(nn)s ar bheithidhigh. Atann bun na teangan aca, a's amannta cairthigheann a' t-at thríd a' gcolainn fré chéile: déarfadh duine amanntaí freisin go raibh bualadh ceangan air leis a' bhfuacht.
c.
Bualadh-croidhe = sórt fuadach croidhe; fuadach nó bualadh faoi'n gcroidhe; an croidhe a' preabadh ro-thréan, le lagar, donacht, an-bháthadh, séideán, saothar nó a macsamhail.
+
Tá mé go dona le bualadh croidhe.
Ní fhaghaim iabh ná forus a' bith anois ó'n mbualadh croidhe; Bíonn bualadh croidhe orm go h-acht a's go h-áithrid.
TUILLEADH (9) ▼
Ní chodluighim aon-néal, ach néal fánach, le bualadh croidhe.
Níor scar a' bualadh croidhe chor a' bith liom, ó bhí an méid sin donachta orm anuiridh.
Chaithfeadh sé go bhfuil mo chroidhe a' tabhairt uaidh, a's an bualadh croidhe a bhío(nn)s orm, 'chuile phuínnte.
Ní raibh puth de m'anáil agham, a's ba mhór a' t-ár mé le bualadh croidhe.
Mara bhfagha mé aon-su(a)imhneas ó'n mbualadh croidhe go goirid, caithfe mé 'dhul ag dochtúr go bhfeice mé, cé'n mheas a bheidheas aige orm.
Má tá indán's nach n-imtheocha an bualadh croidhe dhíom, cuirfe sé 'un báis le imnidhe mé.
Bhí bualadh croidhe orm le faitchíos.
Bhí bualadh croidhe orm le neart imnidhe a's an-bháthadh: is olc a' saighdiúr mé i gcúrsaí de'n tsórt sin.
Ó Mhuire, tá bualadh croidhe orm. Leig dhom fhéineacht go fóilleach!

Féach freisin

bualadh in iontrálacha eile (50+)

+
Tá faitíos eirí orm, mar b'fhéidir gur mé a bhualadh síos aríst a dhéanfaí
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). 'Deile?
 
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
+
fios
Ní bheadh aon-ghnatha ag aonduine bualadh faoi an rud sin, ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
TUILLEADH (1) ▼
Ná teirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bléitheach ólta ag an ngrisc sin as L. ba bheag an tsuim a bheadh aca gléasadh buailte a thabhairt duit
 
An mac atá in a fhear fobhairne anois aige. Más é fhéin, is togha bádóir é. Níl a bhualadh ann. Níl farraige dhá mhéid indon aon-scáth a chur air.
 
focal
Sin í an fhírinne ghlan adeir tú. Faoin smaois a bhí é a bhualadh. Bhain tú an focal as mo bhéal.
 
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl me gur mé fhéin a bhí buailte!
 
Cá'id ar an bpramsáil sin é. Rachmall pósta atá dhá bhualadh go siúráilte
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh "ailí". Ní cheal macnais air muis
 
Ní bheadh aon-mhála freagrach agad. Tá meaisín bhuailte an choirce le theacht inniu
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leath-láimh é
 
Ní fhágfadh sé fear san teach gan bualadh marach gur tugadh iarraidh mhaide dó
 
fága
Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon-ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon-stró ar churachóir mhaith. Ach 'ar ndó' ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
+
féar
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Níl a fhios agam nach fear é a bhfuil fíbín gearrchailiú dhá bhualadh!
+
Chuir an dreolláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnda an staicín anois é, a dhul ag dréim le "bullies"!
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agad, ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil deá-chaint agad! Is beag an ghoir atá agad air siúd
 
cleite
Níor thaithnigh an cleite liom a tharraing sé chugam chor a' bith. B'fhurast 'aithinte go raibh fleasc eicínt dhá bhualadh.
 
cliar
Tá casacht a's cliar air anois, le coigthidhis, a's dheamhan a' beag de'n duine bocht a' méid sin, a's gan tuille dhá bhualadh.
 
Is furast' aithinte nach n-airigheann siad aon-duine in a n-aice a choinneochadh aon-chló stiúrtha orrú, nó ní bheidís ar a' gceird sin. Dual na druinne a theastóchadh a bhualadh orrú sin. Ní chomhairleochadh a mhalrait iad.
 
cobha
Thiocfadh sí ó'n gcabh, marab é an galra cám a bheadh dhá bualadh. Má's é, tá a cnaipe déanta.
+
Ba deas an chumaoin orm, th'éis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, a's do mo mhartrughadh, mar rinne sé!
TUILLEADH (1) ▼
Níor chumaoin dó, mise a bhualadh, a's a liachtaighe soighleas a'sa rinne mé dhó = níor cheart dó; ní raibh bualadh dlighte agam uaidh.
+
cora
Tá sí sin bladarach, spleádhach, a's carra chainnte buailte aice ar chuile dhuine.
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mé gur mór a' scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beag-mhaitheasach fhéin, dheamhan duine coideáin ná aitheantais a leig sé thart a' bóthar sin thíos ariamh, gan carra chainnte a bhualadh air, a's mara ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi 'choimrighe Dé'.
+
Ní chuibhreochadh cuíngir na gabhair sin. Cosacáin a bhí aghad a bhualadh orra(b). Na cupla crainnín a chuir mé annsin thiar, tá siad ithte ag na diabhail. Cé'n bhrigh ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud a' bith, tiocfa sé ar gcúl!
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfuil fhios céard tá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chuir air, a's a smut a bhualadh ar a chois tosaigh, in aice sin. Mara múine sin é, caith le gunna é. Níl aon-gharrdha ar a' mbaile nach bhfuil ina bhéal in áirde aige.
 
InDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtuighthe, shanntuigh mé é 'bhualadh faoi'n smut uirre. Is minic nach a' taobh leis a' gcumaoin sin a leigeadh amach as seo í fhéin. Ach 'ní bhíonn cuimne ar an arán a h-ithtear', adeir siad.
+
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Maran treáll a' bith atá a' bualadh na h-aimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinic imbliadhna, ná cuid dhá theacht. Nach in a cithréabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliadhna.
 
Bí contanásach in a láthair siúd, má tá do leas ar Dhia. Siúd é nach bhfuil a' scruball aige an duine a bhualadh ná a dhonughadh.
 
Duine bradach brúisceamhanta gan contanás a' bith é S. Mh. Is minic a bhí sé in áithrid a bhuailte, a's thug sé na h-aobha leis in a dheidh sin.
 
Tá na h-iarranntaí céadtacha aige, nuair a theighea(nn)s sé ar bhualadh = tugann sé an-iarranntaí amach a's amach uaidh, tráth 'mbíonn sé a' bualadh.
+
Th'éis a bhfuil de chóimhneas 'san mbóthar sin, indar leat fhéin, gur beag a' bualadh atá air. Ach ní bheadh sé mar sin, dá "roll"áiltí é = tá éascaidheacht nó cómhgar sa mbóthar sin, nó tá sé freagarthach, a's aindeoin sin, ní theigheann mórán daoine ná carrannaí etc. air.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' cóimhneas iad na meaisíní buailte seo (treshing machines), seachas an sean-acra a's an capall. Nach h-iomdha cor a chuir a' saoghal de, ó nuair a bhíodh muid dhá bhualadh le súiste. Chreidim dheamhan súiste sa tír anois. Ar chlocha a's ar chléibh a buailtear tae(bh) siar de Ghaillimh fós é.
 
Ar a' gcóipís sin anois a chaith sé an oidhche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm, scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheire.
 
D'iomchuir sé siar mé, a's thug sé cead dom bóthar, a's bonnaidheachaí a bhualadh aniar ar ais. 'Marcuidheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile'.
+
baile
Ní mór dhuit thú fhéin a shacadh go maith (i.e. le beatha), má's leat bualadh soir go dtí baile na gortan sin thoir.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sib sa mbaile é? Ach ní móide gurbh fhearr le cuid de na daoine fear a mbeadh siad a' bualadh fóid air! (Gob an chuid deire, arae bhí 'béal na fuaighe a' leigean rud chuig béal na truaighe')
 
bannaí 1
Tom: Bhuail Cóilín L. mé. An Mháthair: Mise imbannaidhe gur bhuail! Breagh gur thug tú cead dó thú bhualadh. 'Bhfuil rath 'bith leat fhéin?
+
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, maran buailte suas atá sé.
TUILLEADH (6) ▼
'San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon-ghoir ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireannach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, a's b'fhéidir tuighe srathar a bhualadh air, in aice sin.
Níor fhága an slaghdán bradach sin siubhal a' bhealaigh agham. Seachtmhain a bhí mé buailte síos leis, a's ba mheasa dhom é, ná dhá gcaithinn bliadhain in mo leaba.
Dheamhan mórán le siubhal a' bhealaigh, a d'fhan ionnam, ó bhí mé buailte síos annseo imbliadhna (féach "ithe a chodach", "iarraidh a chodach", etc)
Ní fhágann sé béal a' bhealaigh chor a' bith, a's tá bleid buailte aige, ar a' bhfear siar, a's ar a' bhfear aniar.
Marach gur buailte suas atá sé d'fheicfinn imbealach nó in dearmad le fada é, ach ní fhacas.
Tá sé na cianta ó chonnaic mé imbealach ná indearmad í, go dtí indé, inGaillimh. 'Sí atá tuartha snuighte as a ceann-aghaidh, a's má tá fhéin, cé h-iongnadh dhi sin, a's an fhad a's bhí sí buailte síos.