Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bualadh
1.
bualadh éisc: freagairt; tugtha do phriocadh an duáin; a dhul i bhfastós sa duán; marú ar an iasc.
a.
+
Níl aon bhualadh ar an iasc inniu — níl an t-iasc ag dul i bhfostós sna duáin; níl aon phriocadh ná aon fhreagairt le fáil ag iascairí
Ní fhéadfadh aon bhualadh a bheith ar iasc inniu. Tá an lá rógheal.
TUILLEADH (22) ▼
Lá dorcha is fhearr a bhíonns bualadh ar an iasc.
Dheamhan a shúil a d'airigh mé ó sheas mé ar an gcarraig. Ní raibh bualadh ar bith air.
Níor chaith mé ach cupla urchar iascaigh, arae níor airigh mé aon bhualadh air.
Ní fhéadfadh aon bhualadh éisc a bheith ortsa, arae ní bhuailfidh an t-iasc an baoite atá agat — portáin. Más leat aon chúis a dhéanamh, ní mór dhuit logaigh agus péiste rua a fháil.
Bhí an-bhualadh ar chinn chruacháin agus ar mharlaí Cháit ar Charraig Mhurchaidh, ach níor éirigh breac ar fónamh ar bith liom. (Ceanna (nó cinn) chruacháin agus malraigh Cháit = iasc beag gan mhaith. Go hiondúil tugann an t-iascaire an poll amach aríst dóibh)
Bhí mé ag marú bromóg chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé in ann baoití a choinneáil leob i gcaitheamh uair an chloig, ach níor fhan bualadh ar bith ar an gcarraig uaidh sin amach.
Fuair mé neart priocaí, agus bhí na duáin sciúrtha chuile uair dhár tharraing mé an dorú, ach cén mhaith sin, arae ní raibh bualadh ar bith orthub.
Bhí neart aireachtála (.i. freagairt, priocaí) ach ní raibh bualadh ar bith.
D'fhan mé ann go raibh an charraig ionann is folcaithe ach ba aon mhaith amháin dom é, ní raibh a dhath bualadh ar an iasc.
Mura dtaga aon bhualadh orthub anois leis an taoille tuile, tá siad réidh leis inniu.
Bhí báiríochaí éisc ann thar a chéile, ach dheamhan bualadh a bhí ar na heangachaí ina dhiaidh sin.
Ní bhíonn aon bhualadh éisc ghlais ar na glaschuanta sin. Sa tseanfharraige is mó a chothaíonns siad.
Sa bhfómhar a bhíonns an bualadh ar an iasc glas.
Níl mórán bualadh ar an iasc mór sa stopóig. Chaithfeá a dhul ar an meatha mhóir leis.
Bhí bráite maith againn agus ní raibh aon bhualadh thairis sin ar an iasc, ina dhiaidh sin.
Níl aon bhualadh ar aon bhreac anseo. Sílim nach dóigh maith breac é. Tá an iomarca gainimh ann.
Bhí an-bhualadh ar na ronnaigh sna heangachaí (líonta) anocht.
Bhí bualadh chomh mór sin ar an iasc glas agus go gcaithfinn tharam iad gan stró ar bith dhá mbeadh líon cléite agam.
Tá bualadh ar iasc glas ansin amuigh má tá aon líon curtha ann. An bhfeiceann tú an stadhan éan atá ann!
Dhá mbeadh a dóthain lonnadh sa bhfarraige, bheadh níos mó bualadh ar an iasc.
'Sé an uair is fhearr a mbíonn bualadh ar iasc, lá a mbeadh lonnadh sa bhfarraige ach gan í a bheith róchallóideach.
Tá an lá ró-aoibhinn le aon bhualadh a bheith ar an iasc.
b.
·
Níl aon bhualadh éisc orm inniu — níl aon ádh éisc orm; níl aon chonách éisc orm
Ná faigh caidéis ar bith dhom anois, le faitíos nach mbeadh aon bhualadh éisc orm (iascaire, le duine a chasas dó faoi bhealach agus é ag dul ag iascach)
2.
bealach nó triall go leor; cuid mhór gluaiseachta (great traffic)
a.
+
Tá bualadh mór ar an mbóthar sin — téann go leor daoine, gluaisteáin, carrannaí, rothair srl. air; tá bealach cuid mhaith air
Tá bualadh mór motors air.
TUILLEADH (17) ▼
Tá bualadh mór daoine air.
Tá an-bhualadh daoine ar an mbóthar sin anois, mar tá sé déanta as an nua.
Bíonn an-bhualadh fámairí ar bhóthar an chladaigh sa samhradh.
Is beag an bualadh a bhíonns ar an mbóthar sin chor ar bith, cé is moite de mhuintir na Gaillimhe agus iad ag déanamh aeir dóibh fhéin sa samhradh.
Sin é an bóthar a mbíodh an bualadh uileag fadó air, ach ó rinneadh an bóithrín aicearrach thríd an sliabh, ní bheadh ann ach timpeall anois.
Ní raibh a fhios agam go raibh an oiread bualadh ar an mbóthar siúd go dtí le gairid.
Is ar an mbóthar nua atá an bualadh ar fad anois.
Is mór an chontúirt a dhul le cairt ann, arae tá sé chomh sleamhain le gloine agus is air atá bualadh na motors ar fad anois.
Is ar an mbóthar céanna atá bualadh na hairí — tá an-bhualadh air
Is ar an mbóthar sin atá bualadh an Achréidh ar fad — 'sé an bóthar é a mbaineann muintir an Achréidh leas as ar fad.
Tá an bóthar ó dheas tugtha uaidh uileag anois leis an síorbhualadh atá air.
D'fhanadar ón gcosán agus ó bhualadh na ndaoine.
Ní chothaíonn fiannaí in aice bealaigh ná cosáin a mbeidh bualadh daoine air. Tá siad an-fhaiteach, an-scáfar.
Níl caothúlacht ar bith inti má rinne sí a leithide de chleas ar bhóthar a bhfuil an oiread bualadh air agus atá ar an mbóthar sin.
Dhá ndeasaítí an bóthar soir, bhainfeadh sé cuid den bhualadh den bhóthar mór.
Bhíodh an-bhualadh ar an réchosán sin scaitheamh, ach ní théann duine ar bith anois ann ó bhac muintir Sh. Mh. iad anseo an bhliain cheana.
Níl mórán bualadh daoine ar an mbealach sin anois ó deasaíodh bóthar Sh. Dh.
b.
+
Tá an-bhualadh ar bhóthar na Trá inniu — tá triall agus tarraingt na ndaoine ann. Is annamh a baintear leas as mar seo
Tá an-bhualadh ar na tithe ósta inniu — go leor daoine ag déanamh orthu
TUILLEADH (3) ▼
Tá bualadh mór ar Ghaillimh inniu — tarraingt
Má tá sé ag díol na hearrtha (earra eicínt; earra amháin, cuir i gcás plúr srl.) ar shladmhargadh, gheobhaidh sé trácht agus beidh bualadh daoine ar a shiopa.
Is ar a theach ósta a bhí bualadh na ndaoine ar fad inniu. Scuabann chuile scuab nua glan i dtosach.
3.
a.
bualadh draidín: an drad uachtair agus an drad íochtair a bheith ag bualadh in aghaidh a chéile le fuacht, faitíos, nó a leithidí eile; bualadh fiacali.
+
Tá bualadh draidín air leis an bhfuacht — tá déidín tite aige leis an bhfuacht; tá bualadh fiacal air le teann fuaicht; tá sé thart leis an bhfuacht
Tháinig bualadh draidín orm leis an bhfuacht.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a Dhia agus do Mhuire, mura bhfuil bualadh draidín orm le faitíos!
Bhí an oíche ag cur sheaca thar cionn agus tháinig bualadh draidín orm le neart an fhuaicht.
+
Nuair a ghlacaim col le rud ar bith, tagann bualadh fiacal orm, hé brí cén t-údar é.
Bhí sé ag séideadh dubhoighre agus ag bualadh fiacal orm fhéin le teann fuaicht.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ina bhualadh fiacal ormsa — tá sin
b.
bualadh teangan (nó ceangan): galra a bhíonns ar bheithígh. Atann bun na teangan acu agus amanta caithríonn an t-at thríd an gcolainn fré chéile: déarfadh duine amantaí freisin go raibh bualadh ceangan air leis an bhfuacht.
c.
bualadh croí: sórt fuadach croí; fuadach nó bualadh faoin gcroí; an croí ag preabadh róthréan, le lagar, donacht, anbhá, séideán, saothar, nó a macasamhail.
+
Tá mé go dona le bualadh croí.
Ní fhaighim iamh ná foras ar bith anois ón mbualadh croí; Bíonn bualadh croí orm go hacht is go háirid.
TUILLEADH (9) ▼
Ní chodlaím aon néal ach néal fánach, le bualadh croí.
Níor scar an bualadh croí chor ar bith liom ó bhí an méid sin donachta orm anuraidh.
Chaithfeadh sé go bhfuil mo chroí ag tabhairt uaidh agus an bualadh croí a bhíonns orm chuile phointe.
Ní raibh puth de m'anáil agam agus ba mhór an t-ár mé le bualadh croí.
Mura bhfaighe mé aon suaimhneas ón mbualadh croí go gairid, caithfidh mé a dhul ag dochtúr go bhfeice mé cén mheas a bheas aige orm.
Má tá i ndán is nach n-imeoidh an bualadh croí dhíom, cuirfidh sé chun báis le imní mé.
Bhí bualadh croí orm le faitíos.
Bhí bualadh croí orm le neart imní agus anbhá: is olc an saighdiúr mé i gcúrsaí den tsórt sin.
Ó Mhuire, tá bualadh croí orm. Lig dhom fhéineacht go fóilleach!

Féach freisin

bualadh in iontrálacha eile (50+)

+
Tá faitíos éirí orm mar b'fhéidir gur mé a bhualadh síos aríst a dhéanfaí
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). Deile?
 
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
+
fios
Ní bheadh aon ghnaithe ag aon duine bualadh faoin rud sin ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
TUILLEADH (1) ▼
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
 
An mac atá ina fhear fobhairne anois aige. Más é fhéin, is togha bádóir é. Níl a bhualadh ann. Níl farraige dhá mhéid in ann aon scáth a chur air.
 
focal
Sin í an fhírinne ghlan adeir tú. Faoin smaois a bhí é a bhualadh. Bhain tú an focal as mo bhéal.
 
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl mé gur mé fhéin a bhí buailte!
 
Cáid ar an bpramsáil sin é. Rachmall pósta atá dhá bhualadh go siúráilte
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh ailí. Ní cheal macnais air muis
 
Ní bheadh aon mhála freagrach agat. Tá meaisín bhuailte an choirce le theacht inniu
 
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
'Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leathláimh é
 
Ní fhágfadh sé fear sa teach gan bualadh murach gur tugadh iarraidh mhaide dó
 
fága
Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon stró ar churachóir mhaith. Ach ar ndóigh ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
+
féar
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Níl a fhios agam nach fear é a bhfuil fíbín gearrchailiú dhá bhualadh!
+
Chuir an dreoláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnta an staicín anois é a dhul ag dréim le bullies!
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agat ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil dea-chaint agat! Is beag an ghair atá agat air siúd
 
cleite
Níor thaitnigh an cleite liom a tharraing sé chugam chor ar bith. B'fhurasta a aithinte go raibh fleasc eicínt dhá bhualadh.
 
cliar
Tá casacht agus cliar air anois le coicís, agus dheamhan an beag den duine bocht an méid sin agus gan tuilleadh dhá bhualadh.
 
Is furasta a aithinte nach n-airíonn siad aon duine ina n-aice a choinneodh aon chló stiúrtha orthu nó ní bheidís ar an gceird sin. Dual na droinne a theastódh a bhualadh orthu sin. Ní chomhairleodh a mhalrait iad.
 
cobha
Thiocfadh sí ón gcobha, murab é an galra cam a bheadh dhá bualadh. Más é, tá a cnaipe déanta.
+
Ba deas an chomaoin orm, théis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, agus do mo mhartrú mar a rinne sé!
TUILLEADH (1) ▼
Níor chomaoin dó mise a bhualadh, agus a liachtaí soilíos is a rinne mé dhó — níor cheart dó; ní raibh bualadh dlite agam uaidh.
+
cora
Tá sí sin bladrach, spleách, agus cara chainte buailte aici ar chuile dhuine.
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mé gur mór an scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beagmhaitheasach fhéin, dheamhan duine cuideáin ná aitheantais a lig sé thart an bóthar sin thíos ariamh gan cara chainte a bhualadh air, agus mura ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi choimrí Dé.
+
Ní chuibhreodh cuingir na gabhair sin. Cosacáin a bhí agat a bhualadh orthub. Na cupla crainnín a chuir mé ansin thiar, tá siad ite ag na diabhail. Cén bhrí, ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud ar bith, tiocfaidh sé ar gcúl!
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
 
I nDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtaithe, shantaigh mé é a bhualadh faoin smut uirthi. Is minic nach a taobh leis an gcomaoin sin a ligeadh amach as seo í fhéin. Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a hitear, adeir siad.
+
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Muran treall ar bith atá ag bualadh na haimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinig i mbliana, ná cuid dhá theacht. Nach ina círéabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliana.
 
Bí cuntanósach ina láthair siúd, má tá do leas ar Dhia. Siúd é nach bhfuil an scrupall aige an duine a bhualadh ná a dhonú.
 
Duine bradach brúisciúnta gan cuntanós ar bith é S. Mh. Is minic a bhí sé in áirid a bhuailte, agus thug sé na haobha leis ina dhiaidh sin.
 
Tá na hiarrantaí céatacha aige nuair a théanns sé ar bhualadh — tugann sé an-iarrantaí amach is amach uaidh, tráth a mbíonn sé ag bualadh
+
Théis a bhfuil de chóineas sa mbóthar sin, i ndar leat fhéin gur beag an bualadh atá air. Ach ní bheadh sé mar sin, dá rolláiltí é — tá éascaíocht nó comhgar sa mbóthar sin, nó tá sé freagarthach, agus ainneoin sin, ní théann mórán daoine ná carrannaí srl. air.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an cóineas iad na meaisíní buailte seo (treshing machines), seachas an seanacra agus an capall. Nach iomaí cor a chuir an saol de ó nuair a bhíodh muid dhá bhualadh le súiste. Chreidim dheamhan súiste sa tír anois. Ar chlocha agus ar chléibh a buailtear taobh siar de Ghaillimh fós é.
 
Ar an gcóipís sin anois a chaith sé an oíche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheireadh.
 
D'iompair sé siar mé agus thug sé cead dom bóthar agus bonnaíochaí a bhualadh aniar ar ais. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile.
+
baile
Ní mór dhuit thú fhéin a shacadh go maith (.i. le beatha), más leat bualadh soir go dtí baile na gortan sin thoir.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sibh sa mbaile é? Ach ní móide gurbh fhearr le cuid de na daoine fear a mbeadh siad ag bualadh fóid air! (Gob an chuid deiridh, arae bhí béal na fuaighe ag ligean rud chuig béal na trua)
 
bannaí 1
Tom: Bhuail Cóilín L. mé. An Mháthair: Mise i mbannaí gur bhuail! Breá gur thug tú cead dó thú a bhualadh. An bhfuil rath ar bith leat fhéin?
+
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, muran buailte suas atá sé.
TUILLEADH (6) ▼
San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon ghair ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireanach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, agus b'fhéidir tuí srathar a bhualadh air ina aice sin.
Níor fhága an slaghdán bradach sin siúl an bhealaigh agam. Seachtain a bhí mé buailte síos leis, agus ba mheasa dhom é ná dhá gcaithinn bliain in mo leaba.
Dheamhan mórán le siúl an bhealaigh a d'fhan ionam ó bhí mé buailte síos anseo i mbliana (fc. ithe a chodach, iarraidh a chodach, srl.)
Ní fhágann sé béal an bhealaigh chor ar bith, agus tá bleid buailte aige ar an bhfear siar agus ar an bhfear aniar.
Murach gur buailte suas atá sé, d'fheicfinn i mbealach nó i ndearmad le fada é, ach ní fhacas.
Tá sé na cianta ó chonaic mé i mbealach ná i ndearmad í go dtí inné i nGaillimh. 'Sí atá tuartha snoite as a ceannaghaidh, agus má tá fhéin, cé hionadh dhi sin agus an fhad is a bhí sí buailte síos.