Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buannach
buan, síorruidhe, fad-shaoghlach; i gcomhnuidhe. (baineann sé le am nó imtheacht aimsire go h-iondamhail, a's is mó a bhaineas buan le límistéar nó substaint, móin, éadach, bóthar etc, ach níl aon-eidir-dhealú áithrid eatorra).
+
'A Chaití na Ruan; Nó an truagh leat mise a bheith tínn; Tá'n arainn chaol chruadh; Go búanach in aice mo chroidhe; Mara dtige tú ar cuairt agham; Faoi thuairim an ama seo aríst; Tuitfe mo ghruaig dhíom; A's is dóigh liom nach bhfásfa sí choidhchin' (As "Buachaillín Caol Árd")
'Dá dteagadh (dtagadh) troid ná bruighin ná achrann ann; 'Sé a dhéanfadh réidhteach eatorra(b); 'Chongnochadh leis a' lagar, a's nach séanfadh a ghaol; A's go mbadh buanach a' mac Seumas ar chéibh RosaMhíl' (As "I Rosamhíl atá an Preabaire" — Féidhlim Mhac Dhubhghaill)
TUILLEADH (4) ▼
Is buanach atá an arraing sin air = bíonn sí air i gcomhnuidhe.
Bíonn an slaghdán go buannach air = bíonn slaghdán air siorruidhe.
Nach buannach a bhío(nn)s na doightheachaí céadna ort!
Is buannach atá sí a' coinneál na leapthan