Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buanach
buan, síoraí, fadshaolach; i gcónaí. Baineann sé le am nó imeacht aimsire go hiondúil agus is mó a bhaineas buan le limistéar nó substaint, móin, éadach, bóthar srl., ach níl aon idirdhealú áirid eatarthu.
+
"A Chaití na Ruan; Nó an trua leat mise a bheith tinn; Tá an arraing chaol chrua; Go buanach in aice mo chroí; Mura dtige tú ar cuairt agam; Faoi thuairim an ama seo aríst; Titfidh mo ghruaig dhíom; Agus is dóigh liom nach bhfásfaidh sí choíchin" (As Buachaillín Caol Ard)
"Dá dteagadh (dtagadh) troid ná bruíon ná achrann ann; 'Sé a dhéanfadh réiteach eatarthub; A chúnódh leis an lagar agus nach séanfadh a ghaol; Agus go mba buanach an mac Séamas ar chéibh Ros an Mhíl" (As I Ros an Mhíl atá an Preabaire — Féilim Mhac Dhubhghaill)
TUILLEADH (4) ▼
Is buanach atá an arraing sin air — bíonn sí air i gcónaí
Bíonn an slaghdán go buanach air — bíonn slaghdán air sioraí
Nach buanach a bhíonns na daitheachaí céanna ort!
Is buanach atá sí ag coinneáil na leabthan