Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Boimbiléad
ceann cruinn mar bheadh leath-liathróide. "Dome".
+
Is aisteach a' boimbiléad de cheann atá ar a' teach nuadh sin thíos ar a' mbóthar ard = ceann air mar leath-liathróide.
Copar atá sa mboimbiléad sin thoir ar cheann tighe an bhreithimh.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí fear in a shuidhe thuas ar chírín an bhoimbiléad atá thuas ar bharr a' tighe. Ní leigfeadh a' faitchíos domsa a dhul suas ann, dhá gcáilltidhe mé.
Tá'n boimbiléad sin ar a' séipéal falamh uiliog istigh ann.
Ní bheadh fhios agad faoi do righe cé'n ghnaithe ata ag a' mboimbiléad céadna ann chor a' bith.
+
Chuir sé boimbiléad de bharr ar a' gcruaich choirce a ólfas 'chuile dheoir faoi'n aer = sluigfe an barr a chuir sé ar a gcruaich choirce 'chuile dheor bháistighe dhá gcuirfe sé, níl a' ceann bioruighthe chor a' bith aige i riocht's go silfeadh sí nó go dtligfeadh sí an bháisteach di.
Is puinnteáilte an boimbiléad de cheann a chuir sé ar a' gcruaich mhóna, gan bhréag a' bith!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an coca feamuinne in a leathnóig le talamh a's buimbiléad de cheann air.
Is diabhaltaidhe go h-éag an boimbiléad de chloigeann atá ar Sh. Ch. Cé'n bhrigh ach is loma lán de sheafóid atá sé.
+
Bearr an boimbiléad de chloigeann sin ort, a's ná bí ag imtheacht mar bheadh cailín beag.
Bíonn boimbiléad de hata ag imtheacht anois air a's ní thiubharfá samhail a' bith ach a' hata 'bhíodh ar Ph. na gC. fadó.
TUILLEADH (4) ▼
Tá boimbiléad de mhéadail amach anois, a's is gearr a bheidheas sé indon siubhal aice.
Chonnaic mé gasúr le M. J. indiu inGaillimh, a's tá boimbiléad de chloigeann air slán a' tsamhail, atá chomh mór le máilín leithchéid mine.
Is diabhluidhe an boimbiléad de chadairne atá uirre!
Tá boimbiléad de mhullach cinn air, atá chomh leathan chomh láidir le clár a' chomhra mhóir.

Féach freisin

aer