Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buimbiléad
ceann cruinn mar a bheadh leath liathróide; dome
+
Is aisteach an buimbiléad de cheann atá ar an teach nua sin thíos ar an mbóthar ard — ceann air mar leath liathróide
Copar atá sa mbuimbiléad sin thoir ar cheann tí an bhreithimh.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí fear ina shuí thuas ar chírín an bhuimbiléad atá thuas ar bharr an tí. Ní ligfeadh an faitíos domsa a dhul suas ann, dhá gcailltí mé.
Tá an buimbiléad sin ar an séipéal folamh uileag istigh ann.
Ní bheadh a fhios agat faoi do rí cén ghnaithe atá ag an mbuimbiléad céanna ann chor ar bith.
+
Chuir sé buimbiléad de bharr ar an gcruaich choirce a ólfas chuile dheoir faoin aer — slogfaidh an barr a chuir sé ar a gcruaich choirce chuile dheor bháistí dhá gcuirfidh sé, níl an ceann bioraithe chor ar bith aige i riocht is go silfeadh sí nó go dteilgfeadh sí an bháisteach di
Is pointeáilte an buimbiléad de cheann a chuir sé ar an gcruaich mhóna gan bhréag ar bith!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an coca feamainne ina leathnóig le talamh agus buimbiléad de cheann air.
Is diabhaltaí go héag an buimbiléad de chloigeann atá ar Sh. Ch. Cén bhrí ach is lom lán de sheafóid atá sé.
+
Bearr an buimbiléad de chloigeann sin ort, agus ná bí ag imeacht mar a bheadh cailín beag.
Bíonn buimbiléad de hata ag imeacht anois air agus ní thabharfá samhail ar bith ach an hata a bhíodh ar Ph. na gC. fadó.
TUILLEADH (4) ▼
Tá buimbiléad de mhéadail amach anois, agus is gearr a bheas sé in ann siúl aici.
Chonaic mé gasúr le M. J. inniu i nGaillimh agus tá buimbiléad de chloigeann air, slán an tsamhail, atá chomh mór le máilín leithchéid mine.
Is diabhlaí an buimbiléad de chadairne atá uirthi!
Tá buimbiléad de mhullach cinn air atá chomh leathan chomh láidir le clár an chomhra mhóir.

Féach freisin

aer

buimbiléad in iontrálacha eile (2)

 
aer
Tá an buimbiléad siúd ar bharr an tí achar maith san aer (in aer = an-ard, fc. buimbiléad)
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)