Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buinne
ainm-fhocal firinscneach
uimhir iolraidh buinní, buinnidheachaí
1.
a.
rása fighte de shlata; aige slat.
·
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
+
Seo é an buinne béil.
'h-ocht gcinn de shlata nó de bharrógaí a cuirtear imbuinne béil an phota gliomach.
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuireann cuid de na gliomadóirí buinne béil a' bith ar na potaí gliomach. Slaitíní sáithte a bhío(nn)s aca(b) air in a leaba.
Sé'n buinne béil an chéad chuid de'n chliabh a thosóchas tú. Ar a bhéal faoi a dhéanfas tú é, a's tá'n buinne béil, thuas ag fiacail a' chléibh. Sí'n tóin an chuid deire a dhéanfas tú.
+
Fáisc buinne tónach air, a's beidh sé ceart.
Breagh nach dtóigeann tú an buinne láir feasta? Tá sé in am aghad.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhurast aithinte gur sa tóin a chlisfeadh sé. An oidhche a raibh sé dhá dhéanamh, bhí sé deireannach air, a's dheamhan mórán duthracht' a chaith sé leis a' mbuinne tónach, ach rith air chomh maoilscríobach a's d'fhéad sé.
Má's leat tóin a chuir ann, níor mhiste dhuit buinne tónach a chuir air freisin.
Coinnigh brúighte síos dhom iad seo, go dtóige mé an buinne tónach air.
+
Ní mór do bhuinne na táise a bheith an-fhighte. 'Sna táiseachaí a roisea(nn)s na cléibh i gcomhnuidhe.
'Sé buinne na táise a fhiacha(nn)s (fhéachas) an caoladóir i gcomhnuidhe. Is deacair é 'thógáil.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfinn na buinní air ceart go leor, a's tá mé indon tóin a chuir ann, ach chinnfeadh na táiseachaí orm.
·
Níor mhór dhuit a bheith in do chaoladóir mhaith, le cléibhín ime a dheanamh. Is deacair buinne cam an chléibhín ime a thógál.
+
Tá sé in am agad buinne a thógál ar a' gcliabh sin.
Níl na slata seo sáthach urradhanta l'aghaidh buinne.
TUILLEADH (6) ▼
Níl tú a' fígheachán a' bhuinne sin ceart. Scéithfe sé aríst. Is furasta le na slata sin scoradh, mara ndéana tú mar is ceart é.
Má theigheann a' tslat sin rása eile air, déanfa sin a' buinne.
Níl clóic a' bith ar a' mbuinne, ach sílim go raibh na h-easnachaí a cuireadh ann lobhtha críochnuighthe.
Is mór a' cheird í an chaoladóireacht fhéin. Chaith mé mo shaoghal a' breathnú ar chléibh dhá ndeanamh, a's dheamhan buinne a d'fhéadfainn a chuir ar cheann aca(b) fós.
Ní gan ú(idh) gan ó(idh) buinne a chuir ar chiseán. Tá caoladóireacht mhór air. Má's leat do théarma a chuir isteach le ciseadóireacht teirigh Muigh Cuilinn. Sin iad atá indon na ciseáin a dhéanamh.
Cé'n chaoi a gcuirfe mé an buinne seo anois air. Is fhearr dhuit fhéin é 'dheanamh, ar fhaitchíos go gcaithfí é roiseadh amach ar fad aríst.
b.
fonnsa.
+
Níl [ar] a' mbairille sin ach buinne amháin = fonnsa a bhíos ar bharraille le na coinneál snadhmta 'na chéile.
Tháinic bairille faoi thír annseo an bhliadhain cheana, ach bhí an buinne uachtair imthighthe dhi, a's má bhí aon-éadáil ann thuit sí amach as. Scríobhnóireacht aisteach a bhí air. Deir cuid aca(b) sin, gur ó'n bhFrainnc a tháinic sé.
TUILLEADH (11) ▼
Tá'n buinne íochtair imthighthe de'n bhairille sin amuigh. Ní mór lata nó rud eicínt a chuir air, le na choinneál daingnighthe.
Dheamhan easna de'n bhuinne nar imthigh de'n bhairille 'spray' orm, a's níor fhan deoir a' gabhail leis, th'éis mo chuid anró.
B'fhéidir go bhfáiscfeadh an buinne sin aríst dhá gcuirtheá an tubán in uisce. D'atfadh a' t-uisce é.
Nuair a d'imthigh an bainne dhi, thuit cannda as. Dheasóchadh fear stuamdha fós é.
Scoilteann a' ghrian na bairillí sin, a's tuiteann na buinní dhíob annsin.
Is breagh an bairille é sin, dhá mbeadh buinne air.
Dheamhan fad méire againn le cuid beithidheach a bhrughadh, nuair nach gcuirfeadh sib, buinne ar a' gcíléar sin.
Níl ar a' stannadh ach aon-bhuinne amháin — buinne béil — a's tá sé sin fhéin ar bogadh.
Tá buinne tónach an bhairille mhóir ar bogadh. B'fhearr dhuit féachaint le na dhaingniughadh, shul má thuitfeas sé ar fad dhe.
Fuair T. C. a's N. bairille beag sa mbruth-faoi-thír, tá suím bliadhanta ó shoin. D'áitigh ar a' mbeirt a' dul dó, a' ceapadh gur ól a bhí ann, a's badh eadh freisin, a's ná raibh Dia leis, marar thuit an buinne tónach anuas lobhtha dhe, a's dheamhan deoir a d'fhan ann nar dóirteadh amach sa snátha mara. Shuidh an cupla síos ar a' dúirling a' caoineadh na h-éadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
Nuair a d'imthigh an buinne béil dhi, líon a' sáile isteach is na scáinneadhachaí a bhí idir na canndaí.
c.
Buinne bruach = an buinne béil nó an buinne uachtair. (is annamh d'aile a tugtar buinne bruach ar bhuinne béil cléibh ná a leithide. Buinne béil adeirtear mórán i gcomhnuidhe, mara mbí líonadh, stuadháil nó rud mar sin i gceist).
+
Líon sé an ghloine go buinne bruach, a's shín sé chugam í.
D'ól sé cupán poitín, a's é lán go buinne bruach.
TUILLEADH (12) ▼
Chuir sé an ghloine go buinne bruach dhom fhéin in ath-uair, as sin ní fhágfadh sé go n-ólainn 'chuile dheoir dhi.
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa idtaca, a's ceann acab lán go buinne bruach. Isteach leis annsin, a's marar chuir sé fuaim le 'bádóirín Thír an Fhiaidh' castar leis é.
Bhí drad-líonadh maith air, ach ní raibh sé go buinne bruach ná baoghal air.
Dheamhan a n-ólfá a lán sin go buinne bruach anois, go mbeirtí aríst thú. Ní olfadh ná aon-fhear ins a' tír. Ná bí dhá innseacht domsa a mhic ó. Agamsa atá fhios é.
Tá'n tobar lán go buinne bruach indiu.
Thug mé mug mór bláthaighe dhó — an mug 'craobhach' sin thuas a's é lán suas go buinne bruach — a's sé a d'ól é go súighte. Ní raibh faitchíos a' bith orm, ach go raibh sí géar, ach shílfeá go raibh an-dúil aige innte.
Líon suas go buinne bruach dhom é. Sé'n biadh nuadh dhomsa bainne buidhe 'fhaghail.
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, a's shílfeá in a dheidh sin, go raibh siad a' fuasaoid tairt.
'Bhfeiceann tú an muigín buidhe sin thuas? Badh é a leath-cheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é, a's dheamhan ar thóig sé dhá cheann é, ná 'ndearna sé an dárna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc a's acmhúinn ar phoitín ag a' bhfear sin!
Líon suas a' pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheidheas ar ndíol fhéin, a's díol na muc bainte as, is maith an poll a bheidheas ann.
Dar mo choinsias níor chneagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon-ghloine a chuaidh sé a' líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi, ach í 'chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuille de lucht a' tsléibhe chomh fairsing sin faoi na gcuid.
Dar príosta, dá mbeadh aon-cheo dhá chaillteamas fhéin leis, ba bheag a' baoghal air í 'líonadh go buinne bruach.
2.
amanntaí, nuair a bhíonns scáinne a' teacht idir uachtair a's buinn bróg, nó idir a' bonn istigh, a's an bonn amuigh, nó má bhíonn a' dá bhonn a' scaradh, faightear sórt crios, a's líontar í le leathar, a's cuirtear isteach sa scáinne nó sa scaradh í. Buinnebuinne leathair a tugtar air seo (focal é atá ionann's seirgthe).
+
Is gearr nach mór dhuit buinne a chuir sa mbróig sin — tá'n bonn a' scaradh.
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasuidhe, cuirfe sé buinne isteach annsin duit a líonfas suas é. 'Sé'n truaighe na bróga sin a leigean i léig, arae tá uachtair mhaithe orra(b) fós.
TUILLEADH (6) ▼
Níl call tosaigh a' bith acab, ach buinnidheachaí a chuir isteach 'sna buinn, nach leigfe dhóib eirighe.
Mara dteighe tú roimh an mbróig, eireocha an bonn di. Mar sin b'fhearr dhuit, duine eicínt 'fhaghail a chuirfeadh buinne isteach annsin innte.
Níl a dhath maitheasa dhuit tairngí a chuir innte. Eireocha sí aríst. Níor mór stuádháil nó buinne a chuir isteach faoi'n tosach, le na choinneál fáiscthe síos.
Ní bheidh an tosach sin luighteach ceart ar a' mbonn, go gcuire tú buinne eatorra(b). Dá mbeadh stuadháil a' bith sean-leathair ann, dhéanfadh sé cúis.
Tá'n braon a' dul isteach idir a' dá bhonn. Airighim an fhraigh-fhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh's mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobha mé gréasuidhe eicínt a chuirfeas buinne leathair innte dhom.
Dheamhan díon deor 'sna bróga seo, ó cuireadh tosaigh orra(b) go h-áithrid. Is beag a' mhaith tosaigh a chuir ar a leithidí, má bhíonn na buinn scartha chor a' bith. Níor mhór buinnidheachaí a chuir ionnta(b) in aice sin."

Buinne in iontrálacha eile (12)

+
Ciseadóir maith é D. Is maith uaidh buinne a thógáil ar chiseán.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfuil fhios agad áit a' bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog, a's ciseán dhom. Ó d'imthigh S. Mh. dheamhan duine istigh ar a' mbaile acmhúinneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
 
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuiridh, a's sin é ar thug sé dhúinn in ómós imbliadhna — boscaeidín beag bídeach, a's gan é sin fhéin lán.
 
bruach
Tá'n ghloine lán go bruach; tá'n ghloine lán go buinne bruach.
 
ailleog 2
Fuair mé cupla ailleog agus iad líonta suas go buinne bruach.
+
An buinne íochtair = buinne béil cléibh; an chéad bhuinne a fightear i gcliabh, arae bíonn béal an chléibh sa talamh nuair atáthar dhá dhéanamh.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an gloine líonta go buinne bruach, agus shluig sé go h-íochtar í = bhí sí líonta go drad, agus d'ól sé 'chuile mhíle deor, dá raibh innte.
 
Bhuail ráig bhuinní mé in a diaidh, agus annsin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feóil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Sean-réithe bradach eicínt a bhí in a leathar le aois
 
Ní raibh agam ach driúillíní buinní = gan a bheith ag tiacht ach súile
 
Is dóigh gur fadó cheana nachar ól sé aon-deoir tae agus cho dúlaidhe ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon-fhuighleach in a dhiaidh … Tá an náire caithte igcártaí ar an saoghal seo
 
Chuaidh sé go buinne bruach
 
Chuaidh an ghloine thar buinne bruach len ar chuir sé innte