Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buinne
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra: buinní, buinníochaí
1.
a.
rása fite de shlata; uige slat.
·
Na heasnachaí a sáitear sa talamh i dtosach. Ansin cuirtear buinne béil air — hocht slata déag. Sin é buinne na hocht slata déag. Cuirtear aríst os a chionn sin hocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a shá ansin le taobh chuile easna go gcuirfeá hocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tógtar an buinne táis leob agus bítear dhá bhfíochán go mbíonn siad caite. Buinne tónach a chur air ansin. Nuair a bheadh sin réidh agat, na slata a bheadh sna taobhannaí a leagan anonn is anall air agus na slata éadain a fhíochán orthub sin go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá, buinne in uachtar ar an gcaiseal leob sin. Séard é fíochán an chléibh — buinne hocht slata déag, fíochán nó buinne cheithre shlat, fhíochán dhá shlat. 'Sé fíochán an dá shlat am fíochán singil — níor mhór cheithre slat le aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: ardaíonn an caoladóir taobh den chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhíochán agus ar bhuinní an chléibh ó chaoladóir — S. Ó C., é an sliocht réamhráite)
+
Seo é an buinne béil.
'hocht gcinn de shlata nó de bharrógaí a cuirtear i mbuinne béil an phota gliomach.
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuireann cuid de na gliomadóirí buinne béil ar bith ar na potaí gliomach. Slaitíní sáite a bhíonns acub air ina leaba.
'Sé an buinne béil an chéad chuid den chliabh a thosós tú. Ar a bhéal faoi a dhéanfas tú é, agus tá an buinne béil thuas ag fiacail an chléibh. 'Sí an tóin an chuid deiridh a dhéanfas tú.
+
Fáisc buinne tónach air agus beidh sé ceart.
Breá nach dtógann tú an buinne láir feasta? Tá sé in am agat.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhurasta a aithinte gur sa tóin a chlisfeadh sé. An oíche a raibh sé dhá dhéanamh, bhí sé deireanach air agus dheamhan mórán dúthrachta a chaith sé leis an mbuinne tónach, ach rith air chomh maolscríobach agus a d'fhéad sé.
Más leat tóin a chur ann, níor mhiste dhuit buinne tónach a chur air freisin.
Coinnigh brúite síos dhom iad seo go dtóga mé an buinne tónach air.
+
Ní mór do bhuinne na táise a bheith an-fhite. Sna táiseachaí a roiseanns na cléibh i gcónaí.
'Sé buinne na táise a fhiachanns (fhéachas) an caoladóir i gcónaí. Is deacair é a thógáil.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfinn na buinní air ceart go leor, agus tá mé in ann tóin a chur ann, ach chinnfeadh na táiseachaí orm.
·
Níor mhór dhuit a bheith in do chaoladóir mhaith le cléibhín ime a dhéanamh. Is deacair buinne cam an chléibhín ime a thógáil.
+
Tá sé in am agat buinne a thógáil ar an gcliabh sin.
Níl na slata seo sách urrúnta le aghaidh buinne.
TUILLEADH (6) ▼
Níl tú ag fíochán an bhuinne sin ceart. Sceithfidh sé aríst. Is furasta le na slata sin scoradh mura ndéana tú mar is ceart é.
Má théann an tslat sin rása eile air, déanfaidh sin an buinne.
Níl clóic ar bith ar an mbuinne ach sílim go raibh na heasnachaí a cuireadh ann lofa críochnaithe.
Is mór an cheird í an chaoladóireacht fhéin. Chaith mé mo shaol ag breathnú ar chléibh dhá ndéanamh agus dheamhan buinne a d'fhéadfainn a chur ar cheann acub fós.
Ní gan úidh gan óidh buinne a chur ar chiseán. Tá caoladóireacht mhór air. Más leat do théarma a chur isteach le ciseadóireacht téirigh Maigh Cuilinn. Sin iad atá in ann na ciseáin a dhéanamh.
Cén chaoi a gcuirfidh mé an buinne seo anois air. Is fhearr dhuit fhéin é a dhéanamh ar fhaitíos go gcaithfí é a roiseadh amach ar fad aríst
b.
fonsa.
+
Níl ar an mbairille sin ach buinne amháin — fonsa a bhíos ar bhairille lena coinneáil snadhmtha ina chéile
Tháinig bairille faoi thír anseo an bhliain cheana ach bhí an buinne uachtair imithe dhi, agus má bhí aon éadáil ann, thit sí amach as. Scríbhneoireacht aisteach a bhí air. Deir cuid acub sin gur ón bhFrainc a tháinig sé.
TUILLEADH (11) ▼
Tá an buinne íochtair imithe den bhairille sin amuigh. Ní mór lata nó rud eicínt a chur air lena choinneáil daingnithe.
Dheamhan easna den bhuinne nár imigh den bhairille spray orm agus níor fhan deoir ag gabháil leis théis mo chuid anró.
B'fhéidir go bhfáiscfeadh an buinne sin aríst dhá gcuirtheá an tobán in uisce. D'atfadh an t-uisce é.
Nuair a d'imigh an bainne dhi, thit canta as. Dheasódh fear stuama fós é.
Scoilteann an ghrian na bairillí sin agus titeann na buinní dhíobh ansin.
Is breá an bairille é sin dhá mbeadh buinne air.
Dheamhan fad méire againn le cuid beithíoch a bhrú nuair nach gcuirfeadh sibh buinne ar an gcíléar sin.
Níl ar an stanna ach aon bhuinne amháin — buinne béil — agus tá sé sin fhéin ar bogadh.
Tá buinne tónach an bhairille mhóir ar bogadh. B'fhearr dhuit féachaint lena dhaingniú shul má thitfeas sé ar fad dhe.
Fuair T. C. agus N. bairille beag sa mbruth faoi thír tá suim blianta ó shin. D'áitigh ar an mbeirt ag dul dó ag ceapadh gur ól a bhí ann, agus ba ea freisin, agus ná raibh Dia leis murar thit an buinne tónach anuas lofa dhe agus dheamhan deoir a d'fhan ann nár dóirteadh amach sa snátha mara. Shuigh an cúpla síos ar an duirling ag caoineadh na héadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
Nuair a d'imigh an buinne béil dhi, líon an sáile isteach sna scáiniúchaí a bhí idir na cantaí
c.
buinne bruach: an buinne béil nó an buinne uachtair. Is annamh deile a tugtar buinne bruach ar bhuinne béil cléibh ná a leithide. Buinne béil adeirtear mórán i gcónaí mura mbí líonadh, stuáil nó rud mar sin i gceist.
+
Líon sé an ghloine go buinne bruach agus shín sé chugam í.
D'ól sé cupán poitín agus é lán go buinne bruach.
TUILLEADH (12) ▼
Chuir sé an ghloine go buinne bruach dhom fhéin in athuair, as sin ní fhágfadh sé go n-ólainn chuile dheoir dhi.
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
Bhí dradlíonadh maith air ach ní raibh sé go buinne bruach ná baol air.
Dheamhan a n-ólfá a lán sin go buinne bruach anois go mbeirtí aríst thú. Ní olfadh ná aon fhear sa tír. Ná bí dhá inseacht domsa a mhic ó. Agamsa atá a fhios é.
Tá an tobar lán go buinne bruach inniu.
Thug mé mug mór bláthaí dhó — an mug craobhach sin thuas agus é lán suas go buinne bruach — agus 'sé a d'ól é go súite. Ní raibh faitíos ar bith orm ach go raibh sí géar, ach shílfeá go raibh an-dúil aige inti.
Líon suas go buinne bruach dhom é. 'Sé an bia nua dhomsa bainne buí a fháil.
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, agus shílfeá ina dhiaidh sin go raibh siad ag fuasaoid tairt.
An bhfeiceann tú an muigín buí sin thuas? Ba é a leathcheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é agus dheamhan ar thóg sé dhá cheann é, ná a ndearna sé an darna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc agus acmhainn ar phoitín ag an bhfear sin!
Líon suas an pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheas ár ndíol fhéin agus díol na muc bainte as, is maith an poll a bheas ann.
Dar mo choinsias, níor chreagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon ghloine a chuaigh sé a líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi ach í a chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuilleadh de lucht an tsléibhe chomh fairsing sin faoina gcuid.
Dar príosta, dá mbeadh aon cheo dhá chaillteamas fhéin leis, ba bheag an baol air í a líonadh go buinne bruach.
2.
amantaí, nuair a bhíonns scáine ag teacht idir uachtair agus boinn bróg, nó idir an bonn istigh agus an bonn amuigh, nó má bhíonn an dá bhonn ag scaradh, faightear sórt crios agus líontar í le leathar agus cuirtear isteach sa scáine nó sa scaradh í. Buinnebuinne leathair a tugtar air seo. Focal é atá ionann is seargtha.
+
Is gearr nach mór dhuit buinne a chur sa mbróig sin — tá an bonn ag scaradh.
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasaí, cuirfidh sé buinne isteach ansin duit a líonfas suas é. 'Sé an trua na bróga sin a ligean i léig, arae tá uachtair mhaithe orthub fós.
TUILLEADH (6) ▼
Níl call tosaigh ar bith acub, ach buinníochaí a chur isteach sna boinn nach ligfidh dhóibh éirí.
Mura dté tú roimh an mbróig, éireoidh an bonn di. Mar sin, b'fhearr dhuit duine eicínt a fháil a chuirfeadh buinne isteach ansin inti.
Níl a dhath maitheasa dhuit tairní a chur inti. Éireoidh sí aríst. Níor mór stuáil nó buinne a chur isteach faoin tosach lena choinneáil fáiscthe síos.
Ní bheidh an tosach sin luiteach ceart ar an mbonn go gcuire tú buinne eatarthub. Dá mbeadh stuáil ar bith seanleathair ann, dhéanfadh sé cúis.
Tá an braon ag dul isteach idir an dá bhonn. Airím an fhraighfhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh is mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobhaidh mé gréasaí eicínt a chuirfeas buinne leathair inti dhom.
Dheamhan díon deor sna bróga seo ó cuireadh tosaigh orthub go háirid. Is beag an mhaith tosaigh a chur ar a leithidí, má bhíonn na boinn scartha chor ar bith. Níor mhór buinníochaí a chur iontub ina aice sin.

buinne in iontrálacha eile (13)

+
Ciseadóir maith é D. Is maith uaidh buinne a thógáil ar chiseán.
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agat áit ar bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog agus ciseán dhom. Ó d'imigh S. Mh., dheamhan duine istigh ar an mbaile acmhainneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
 
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuraidh agus sin é ar thug sé dhúinn ina ómós i mbliana — boscaeidín beag bídeach, agus gan é sin fhéin lán.
 
bruach
Tá an ghloine lán go bruach; tá an ghloine lán go buinne bruach.
 
ailleog 2
Fuair mé cupla ailleog agus iad líonta suas go buinne bruach.
+
An buinne íochtair — buinne béil cléibh; an chéad bhuinne a fitear i gcliabh, arae bíonn béal an chléibh sa talamh nuair atáthar dhá dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an gloine líonta go buinne bruach agus shlog sé go híochtar í — bhí sí líonta go drad agus d'ól sé chuile mhíle deoir dá raibh inti
 
Bhuail ráig bhuinní mé ina diaidh, agus ansin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feoil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Seanreithe bradach eicínt a bhí ina leathar le aois
 
diaidh
Cuirfidh mise ó bhreathnú i ndiaidh do ghualann thú má théim síos chomh fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinní, is beag a mhillfí ort nuair a chuirfeá sna gaiseití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois scáth aicearra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh cosán trína chuid cuir mar atá thríd an gcur s'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
 
Ní raibh agam ach driúillíní buinní — gan a bheith ag teacht ach súile
 
Is dóigh gur fadó cheana nár ól sé aon deoir tae agus chomh dúlaí ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon fhuílleach ina dhiaidh … Tá an náire caite i gcártaí ar an saol seo
 
Chuaigh sé go buinne bruach
 
Chuaigh an ghloine thar buinne bruach lenar chuir sé inti