—
brionglán, lorga, buinneán, das.
+–
Tá'n Foghmhar a' dul i mbuinne = geamhar a' rith suas in a lorga. (Is beag atá sé seo sa gcainnt anois).
Tá'n coirce a' dul (nó a' teacht) imbuinneadh.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag atá sé a' teacht imbuinneadh fós.
'Go dteaga bláth buidhe ar an eorna, a's go dtosuighe an Foghmhar a' dul 'un finne; Is deas lághach an rud í an óige, a's indiaidh mo stóirín atá mise' (As "Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndeana Dia maith air! — gur "imbuinne" a bhí annseo ó cheart, i leaba "'un finne", ach ní mheasaimse gurb eadh. Ar aon-chor teigheann an foghmhar 'un finne, ach is fada indiaidh a dhul 'un buinne dhó é).
+–
L'aghaidh an bhuinne an 'ammonia' = le h-aghaidh an dais (ghais) nó le h-aghaidh lorga nó brionglán an fhata (tá'n focal coitchiannta mar sin fós, go h-áithrid ar an Achréidh).
Is breagh a tháinic sa mbuinne le seachtmhain = d'fhás gasacha na bhfataí go breagh le seachtmhain anuas.
TUILLEADH (8) ▼
Tá buinne maith orrthu = tá dasacha maith orra.
Níl aon-cheo indon ag an aoileach, le buinne a thabhairt dóibh = 'sé is fhearr le dasachaí a chuir ar fhataí.
Tháinic a' bhliadhain ro-fhliuch. Ní fhéadfadh aon-bhuinne a bheith ar aon-fhata fós.
Suathaim mo chuid leasú féin. Níl goir ag leasú 'bith ar an ammonia l'aghaidh an bhuinne.
Losc amach é (i.e. an leasú siopa). Ní mór dhó (i.e. an talamh) a bhfuil tú a chuir air. Is deacair leis a' mbuinne aon-rath a dheanamh sa talamh céadna.
'Bhfeiceann tú an gort sin thiar ag J. Ph. Tá'n buinne glas fós ann. Dar mo chúis (chubhais?) tá, th'éis guirt na tíre ruadh-dhóighte ag dubhachan le mí.
Ní chuireann sé aon-'sprae' amach aon-bhliadhain, go mbíonn a' buinne dóighte. Tá 'shliocht air, ní bhíonn aon-fhata aige.
In iochtar a' bhuinne, in aice na créafóige, a thionnscluigheanns a' dubhachan i gcomhnuidhe. Cairthigheann sé as sin amach ar na billeogaí. Sin é an fáth, go measaimse, gur as a' talamh a thaga(nn)s sé.
Buinne in iontrálacha eile (12)
+
Ciseadóir maith é D. Is maith uaidh buinne a thógáil ar chiseán.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfuil fhios agad áit a' bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog, a's ciseán dhom. Ó d'imthigh S. Mh. dheamhan duine istigh ar a' mbaile acmhúinneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
→
boscaed
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuiridh, a's sin é ar thug sé dhúinn in ómós imbliadhna — boscaeidín beag bídeach, a's gan é sin fhéin lán.
+
→
íochtar
An buinne íochtair = buinne béil cléibh; an chéad bhuinne a fightear i gcliabh, arae bíonn béal an chléibh sa talamh nuair atáthar dhá dhéanamh.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an gloine líonta go buinne bruach, agus shluig sé go h-íochtar í = bhí sí líonta go drad, agus d'ól sé 'chuile mhíle deor, dá raibh innte.
→
fuaraigh
Bhuail ráig bhuinní mé in a diaidh, agus annsin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feóil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Sean-réithe bradach eicínt a bhí in a leathar le aois
→
dúlaí
Is dóigh gur fadó cheana nachar ól sé aon-deoir tae agus cho dúlaidhe ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon-fhuighleach in a dhiaidh … Tá an náire caithte igcártaí ar an saoghal seo