Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buinne
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra: buinní, buinníochaí
brionglán, lorga, buinneán, das.
+
Tá an fómhar ag dul i mbuinne — geamhar ag rith suas ina lorga. Is beag atá sé seo sa gcaint anois.
Tá an coirce ag dul (nó ag teacht) i mbuinne.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag atá sé ag teacht i mbuinne fós.
"Go dteaga bláth buí ar an eorna, agus go dtosaí an fómhar ag dul chun finne; Is deas lách an rud í an óige, agus i ndiaidh mo stóirín atá mise" (As Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndéana Dia maith air! — gur i mbuinne a bhí anseo ó cheart, i leaba chun finne, ach ní mheasaimse gurb ea. Ar aon chor, téann an fómhar chun finne, ach is fada i ndiaidh a dhul chun buinne dhó é)
+
Le aghaidh an bhuinne an ammonia — le haghaidh an dais (ghais) nó le haghaidh lorga nó brionglán an fhata (tá an focal coitianta mar sin fós, go háirid ar an Achréidh)
Is breá a tháinig sa mbuinne le seachtain — d'fhás gasacha na bhfataí go breá le seachtain anuas
TUILLEADH (8) ▼
Tá buinne maith orthu — tá dasacha maith orthu
Níl aon cheo in ann ag an aoileach le buinne a thabhairt dóibh — 'sé is fhearr le dasachaí a chur ar fhataí
Tháinig an bhliain rófhliuch. Ní fhéadfadh aon bhuinne a bheith ar aon fhata fós.
Suaithim mo chuid leasú féin. Níl gair ag leasú ar bith ar an ammonia le aghaidh an bhuinne.
Lasc amach é (.i. an leasú siopa). Ní mór dhó (.i. an talamh) a bhfuil tú a chur air. Is deacair leis an mbuinne aon rath a dhéanamh sa talamh céanna.
An bhfeiceann tú an gort sin thiar ag J. Ph. Tá an buinne glas fós ann. Dar mo chúis tá, théis goirt na tíre ruadhóite ag dúchan le mí.
Ní chuireann sé aon 'sprae' amach aon bhliain go mbíonn an buinne dóite. Tá a shliocht air, ní bhíonn aon fhata aige.
In íochtar an bhuinne, in aice na créafóige, a thionsclaíonns an dúchan i gcónaí. Caithríonn sé as sin amach ar na bileogaí. Sin é an fáth go measaimse gur as an talamh a thaganns sé.

buinne in iontrálacha eile (13)

+
Ciseadóir maith é D. Is maith uaidh buinne a thógáil ar chiseán.
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agat áit ar bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog agus ciseán dhom. Ó d'imigh S. Mh., dheamhan duine istigh ar an mbaile acmhainneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
 
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuraidh agus sin é ar thug sé dhúinn ina ómós i mbliana — boscaeidín beag bídeach, agus gan é sin fhéin lán.
 
bruach
Tá an ghloine lán go bruach; tá an ghloine lán go buinne bruach.
 
ailleog 2
Fuair mé cupla ailleog agus iad líonta suas go buinne bruach.
+
An buinne íochtair — buinne béil cléibh; an chéad bhuinne a fitear i gcliabh, arae bíonn béal an chléibh sa talamh nuair atáthar dhá dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an gloine líonta go buinne bruach agus shlog sé go híochtar í — bhí sí líonta go drad agus d'ól sé chuile mhíle deoir dá raibh inti
 
Bhuail ráig bhuinní mé ina diaidh, agus ansin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feoil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Seanreithe bradach eicínt a bhí ina leathar le aois
 
diaidh
Cuirfidh mise ó bhreathnú i ndiaidh do ghualann thú má théim síos chomh fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinní, is beag a mhillfí ort nuair a chuirfeá sna gaiseití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois scáth aicearra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh cosán trína chuid cuir mar atá thríd an gcur s'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
 
Ní raibh agam ach driúillíní buinní — gan a bheith ag teacht ach súile
 
Is dóigh gur fadó cheana nár ól sé aon deoir tae agus chomh dúlaí ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon fhuílleach ina dhiaidh … Tá an náire caite i gcártaí ar an saol seo
 
Chuaigh sé go buinne bruach
 
Chuaigh an ghloine thar buinne bruach lenar chuir sé inti