1.
fás uaibhreach nó "rithte".
+–
Tá na 'meaingils' (mangolds) atá ansin thíos in a mbuinneáin = tá siad "rithte". Dhá bhfásaidís in a mbriongláin fhada árda, a's gan biseach a' bith a theacht ar a' gcois.
Tá mé scriosta ag a' gceapach thurnapaí sin imbliadhna. Dheamhan thiomanta ceann ar a fuaid, nach bhfuil in a bhuinneán.
TUILLEADH (3) ▼
Tá an tsail (i.e. ceapach shaileoige) sin in a buinneáin fré chéile imbliadhna. Beidh barrógaí uirre — neart.
Tharraing sé buinneán de mheaingil, a's thosuigh sé a' rúscadh na bó leis.
Dheamhan turnapa sa tír, nach shin é an bhail atá orra(b) imbliadhna, in a mbuinneáin. Deir M. Sh. G. gur ar a' síol a bhí an marach, ach shílfeá dhá mbadh eadh, gur loiceadh a dhéanfaidís.
+–
Ro-leasuighthe a bhíodar go ndearna siad buinneáin mar sin.
Dheamhan plannda a' gabhail liom, nar 'rith' a's nach ndearna buinneáin imbliadhna.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an talamh ro-aireamhail, a's leasuigh tú ro-mhór é. Sin é an fáth a ndearna siad buinneáin.
Mara ndéana siad an cleas a rinne planndaí Mh. Mh. N. — buinneáin a dhéanamh ar fad.
'Sé 'bhfuil de thairbhe agam imbliadhna ar mo chuid meangils na bláithtí, arae rinne siad buinneáin fré chéile. Ach dheamhan mórán maitheasa ionntu sin fhéin.
Ní miste le sail, báisteach ann nó as. Déanfa sí buinneáin dá h-uireasbha.
2.
fear nó bean bhreagh, leigthe, shínte. Is minic cainnt ar bhuinneán 'sna h-amhráin.
·
'Bhí Máire Ní Ruadháin ann a' buinneán gléigeal, an cailín spéireamhail a bhí againn 'san áit' (Anach Cuain — Rafteri)
'Tá buinneán gléigeal ar bhéal na céibhe, a's sháruigh sí Déirdre le breaghcha a's gnaoi (Máirín Stanton — Rafteri)
+–
Is breagh an buinneán de bhean í.
Ní bhfuightheá buinneán fir chomh breagh, ná chomh slachtmhar leis, dhá gcuirtheá slat ar pharáiste.
TUILLEADH (14) ▼
'Sé a dhéanfas an buinneán fir, má mhaireann dó. Tá sé chomh h-árd len' athair cheana.
Déanfa sé sin an-bhuinneán fir. Níl baoghal a' bith ar a bhiseach a bheith tugtha fós.
Is buinneán breagh de bhean í ceart go leor, ach cé'n ghoir atá aice ar a máthair, nuair a bhí sí fhéin in a maith.
Is fada a chaith sí in a sudóigín, ach sa deire, ba bhreagh an buinneán de bhean a rinne sí.
Nuair a bhí sé sin in a bhuachaill óg, ní raibh a mhacsamhail de bhuinneán fir is na trí phobal.
Deir siad gur frítheadh droch-shúil dó, bhí sé in a bhuinneán chomh breagh sin. Ach is cosamhail nach raibh sa méid [sin] ach cainnteannaí daoine. Ar aon-chor, ba ghearr a' seal a thug sé.
Is furasta buinneán breagh mná a fhaghail, ach cé'n mhaith sin. 'Ní breaghaichte a ghnío(nn)s brochán ach min' adeir siad.
Má tá tusa ag iarraidh buinneán breagh mná, bó bhainne a's scór punt, tá sí annsin thiar ag —.
Is deas a' buinneán mná í, an té a gheobhfadh le bréagadh í.
Tá'n spré aice fhéin: 'sé 'bhfuil uaithe buinneán breagh d'fhear. Má thapuigheann tú do ghna(ithe), cá bhfios nach ort a bheadh an t-ádh!
Is breagh leigthe an buinneán de chailín óg í, a's sí atá deas bogúrach as a ceannaghaidh.
Ba breagh an buinneán mná í Déirdre adeir siad. Níor chuala tú ariamh fúithe?
Ní raibh ann ach aircín beag, ar feadh i bhfad, ach rinne sé buinneán annsin d'aon-iarraidh = duine a mhéadaigh d'aon-iarraidh.
Má tá an cur leis ann anois, is gearr go mbí sé in' an-bhuinneán = rud a mbeadh an-bhiseach faoi.
3.
rud a' bith seang, leigthe, maordha.
+–
Is breagh an buinneán de bhó, de chapall etc í.
Cheannuigh sí buinneán breagh de bhó, de chapall etc indiu.
TUILLEADH (13) ▼
Tá an-bhuinneán de choca féir istigh aige.
Is diabhluidhe breagh an buinneán de chruach choirce í siúd aige.
Deir tú leis a' mbuinneán de choca a rinne mé indé a d'ionntuigh.
Ní scarfa an chruach ar chuma ar bith. Tá sí ina buinneán árd.
'Bhfaca tú aon-bhuinneán de chrann ariamh igConamara, is breaghcha ná é sin. Droch-sheans, mar is beag na crainnte atá ann.
Níl aon-bhuinneán de choca féir ar a' mbaile is breaghcha ná tá in' iothlainn. Is furast aithinte an fear maith i gcomhnuidhe.
Tá buinneán mór de chrann fuinnseoige a' fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór a' fascadh dhó é, mara bhfuagruigheann sé an iomarca gála.
Bhí buinneán mór de bhó bhreac agam annseo uair — dhíol mé le Máirtín Ó h. í — a's badh í an bhó bhainne a b'fhearr í 'bhí agam ariamh. Shílfeá gur bainne dhá cheann a bheadh aice, 'chuile uair a dtiocfá dhá bleághan.
Bhí buinneán mór de chrann a' fás ag corr na h-iothlann aige, a's nuair a scuireadh an ghaoth na billeogaí dhe, ba gheall le coill an iothlainn, leis a' mbrat aca(b) a bhíodh ar a' talamh ann.
Tá buinneán de láir annsin thiar ag mac Ch. Ph., agus is áidhbhéil an (h)ioscar siubhail atá aice, bail ó Dhia uirre!
Is deas sínte an buinneán de chú í sin agad. Chaithfeadh sí a bheith luath, a's an leigean atá fúithe.
Tá buinneán breagh de bhean, a's buinneán breagh de chapall aige, a's nach bhfuil a cheart annsin
Is breagh an buinneán de chrann atá sé sin a dhéanamh.
Buinneán in iontrálacha eile (6)
→
airde 2
Tá 'chuile bhuinneán de na "meaingeals" sin aoirde mo chloiginn = tá siad chomh h-ard liom fhéin in áit ar rith siad.
→
iontach
Is iongantach fada a d'fhás na mangols sin. Tá siad in a mbuinneáin ó thús bliana = rinne siad luirgne nó cosa móra fada; "rith" siad.
→
feoigh
Na pabhsaethe a chuir mise annsin amuigh, rinne siad buinneáin idtosach, ach shlabhc siad annsin. Maran cheal uisce é. Tá siad feóite ar fad anois, ar chaoi ar bith
Is deas dóigheamhail an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Ba dual di sin 'ar ndú'. Bhí a máthair féin amhlaidh
→
dún
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rádh, agus ná bíodh aon-ghuth agad orm. Tá buinneán an ghotha ar fad dúinte le seachtain ag "fliú" nó cat mara eicínt