1.
fás uaibhreach nó rite.
+–
Tá na meaingeals (mangolds) atá ansin thíos ina mbuinneáin — tá siad "rite". Dhá bhfásaidís ina mbriongláin fhada arda agus gan biseach ar bith a theacht ar an gcois.
Tá mé scriosta ag an gceapach thornapaí sin i mbliana. Dheamhan thiomanta ceann ar a fuaid nach bhfuil ina bhuinneán.
TUILLEADH (3) ▼
Tá an tsail (.i. ceapach shaileoige) sin ina buinneáin fré chéile i mbliana. Beidh barrógaí uirthi — neart.
Tharraing sé buinneán de mheaingeal, agus thosaigh sé ag rúscadh na bó leis.
Dheamhan tornapa sa tír nach in é an bhail atá orthub i mbliana: ina mbuinneáin. Deir M. Sh. G. gur ar an síol a bhí an marach, ach shílfeá dhá mba ea, gur loiceadh a dhéanfaidís.
+–
Róleasaithe a bhíodar go ndearna siad buinneáin mar sin.
Dheamhan planda ag gabháil liom nár 'rith' agus nach ndearna buinneáin i mbliana.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an talamh ró-airiúil agus leasaigh tú rómhór é. Sin é an fáth a ndearna siad buinneáin.
Mura ndéana siad an cleas a rinne plandaí Mh. Mh. N. — buinneáin a dhéanamh ar fad.
'Sé a bhfuil de thairbhe agam i mbliana ar mo chuid meaingils, na bláithtí, arae rinne siad buinneáin fré chéile. Ach dheamhan mórán maitheasa iontu sin fhéin.
Ní miste le sail báisteach ann nó as. Déanfaidh sí buinneáin dá huireasa.
2.
fear nó bean bhreá, ligthe shínte. Is minic caint ar bhuinneán sna hamhráin.
·
"Bhí Máire Ní Ruadháin ann an buinneán gléigeal, an cailín spéiriúil a bhí againn san áit" (Anach Cuain — Raiftearaí)
"Tá buinneán gléigeal ar bhéal na céibhe agus sháraigh sí Deirdre le breácha agus gnaoi" (Máirín Stanton — Raiftearaí)
+–
Is breá an buinneán de bhean í.
Ní bhfaightheá buinneán fir chomh breá ná chomh slachtmhar leis, dhá gcuirtheá slat ar pharóiste.
TUILLEADH (14) ▼
'Sé a dhéanfas an buinneán fir má mhaireann dó. Tá sé chomh hard lena athair cheana.
Déanfaidh sé sin an-bhuinneán fir. Níl baol ar bith ar a bhiseach a bheith tugtha fós.
Is buinneán breá de bhean í ceart go leor, ach cén ghair atá aici ar a máthair nuair a bhí sí fhéin ina maith.
Is fada a chaith sí ina sodóigín ach sa deireadh, ba bhreá an buinneán de bhean a rinne sí.
Nuair a bhí sé sin ina bhuachaill óg, ní raibh a mhacasamhail de bhuinneán fir sna trí phobal.
Deir siad gur frítheadh drochshúil dó, bhí sé ina bhuinneán chomh breá sin. Ach is cosúil nach raibh sa méid sin ach cainteannaí daoine. Ar aon chor, ba ghearr an seal a thug sé.
Is furasta buinneán breá mná a fháil, ach cén mhaith sin. Ní breáichte a ghníonns brachán ach min, adeir siad.
Má tá tusa ag iarraidh buinneán breá mná, bó bhainne agus scór punt, tá sí ansin thiar ag —.
Is deas an buinneán mná í an té a gheobhadh le bréagadh í.
Tá an spré aici fhéin: 'sé a bhfuil uaithi buinneán breá d'fhear. Má thapaíonn tú do ghnaithe, cá bhfios nach ort a bheadh an t-ádh!
Is breá ligthe an buinneán de chailín óg í, agus sí atá deas bogúrach as a ceannaghaidh.
Ba breá an buinneán mná í Deirdre, adeir siad. Níor chuala tú ariamh fúithi?
Ní raibh ann ach aircín beag ar feadh i bhfad ach rinne sé buinneán ansin d'aon iarraidh — duine a mhéadaigh d'aon iarraidh.
Má tá an cur leis ann anois, is gearr go mbí sé ina an-bhuinneán — rud a mbeadh an-bhiseach faoi
3.
rud ar bith seang, ligthe, maordha.
+–
Is breá an buinneán de bhó, de chapall srl. í.
Cheannaigh sí buinneán breá de bhó, de chapall srl. inniu.
TUILLEADH (13) ▼
Tá an-bhuinneán de choca féir istigh aige.
Is diabhlaí breá an buinneán de chruach choirce í siúd aige.
Deir tú leis an mbuinneán de choca a rinne mé inné a d'iontaigh.
Ní scarfaidh an chruach ar chuma ar bith. Tá sí ina buinneán ard.
An bhfaca tú aon bhuinneán de chrann ariamh i gConamara is breácha ná é sin. Drochsheans, mar is beag na crainnte atá ann.
Níl aon bhuinneán de choca féir ar an mbaile is breácha ná atá ina iothlainn. Is furasta a aithinte an fear maith i gcónaí.
Tá buinneán mór de chrann fuinseoige ag fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór an foscadh dhó é mura bhfuagraíonn sé an iomarca gála.
Bhí buinneán mór de bhó bhreac agam anseo uair — dhíol mé le Máirtín Ó h. í — agus ba í an bhó bhainne ab fhearr í a bhí agam ariamh. Shílfeá gur bainne dhá cheann a bheadh aici chuile uair a dtiocfá dhá bleán.
Bhí buinneán mór de chrann ag fás ag corr na hiothlann aige agus nuair a scoireadh an ghaoth na bileogaí dhe, ba gheall le coill an iothlainn leis an mbrat acub a bhíodh ar an talamh ann.
Tá buinneán de láir ansin thiar ag mac Ch. Ph. agus is áibhéil an (h)ioscar siúil atá aici, bail ó Dhia uirthi!
Is deas sínte an buinneán de chú í sin agat. Chaithfeadh sí a bheith luath agus an ligean atá fúithi.
Tá buinneán breá de bhean, agus buinneán breá de chapall aige, agus nach bhfuil a cheart ansin
Is breá an buinneán de chrann atá sé sin a dhéanamh.
buinneán in iontrálacha eile (6)
→
airde 2
Tá chuile bhuinneán de na meaingeals sin airde mo chloiginn — tá siad chomh hard liom fhéin an áit ar rith siad
→
iontach
Is iontach fada a d'fhás na meaingeals sin. Tá siad ina mbuinneáin ó thús bliana — rinne siad loirgne nó cosa móra fada; rith siad
→
feoigh
Na pabhsaetha a chuir mise ansin amuigh, rinne siad buinneáin i dtosach ach shleabhac siad ansin. Muran cheal uisce é. Tá siad feoite ar fad anois ar chaoi ar bith
Is deas dóighiúil an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. Ba dual di sin ar ndóigh. Bhí a máthair féin amhlaidh
→
dún
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rá, agus ná bíodh aon ghuth agat orm. Tá buinneán an ghutha ar fad dúnta le seachtain ag fliú nó cat mara eicínt