—
réim limistéar nó leigean.
+–
Is breagh an buinneán talmhana atá aige = giodán breagh as a chéile; réim nó streoille fhada; límistéar fada.
Is aidhbhéil a' buinneán cladaigh atá faoi fhéin aige, a's gan mac an éin le na bhacadh = réim chladaigh.
TUILLEADH (3) ▼
Buinneán breagh talmhana í an stróic sin. Nach bhfuil a cloigeann thiar a' síneadh le tórainn Sh.?
(D)ar ndóigh (ndú) má tá a chloigeann thuas ar thórainn T. na n-U. níl fhios cé'n buinneán criathraigh atá ann! Ach dheamhan mórán maitheasa cuid maith dhi — Easca bhog bháithte.
Is diabhaltaidhe an buinneán porta(igh) atá oscluighthe aige thuas annsiúd.
Buinneán in iontrálacha eile (6)
→
airde 2
Tá 'chuile bhuinneán de na "meaingeals" sin aoirde mo chloiginn = tá siad chomh h-ard liom fhéin in áit ar rith siad.
→
iontach
Is iongantach fada a d'fhás na mangols sin. Tá siad in a mbuinneáin ó thús bliana = rinne siad luirgne nó cosa móra fada; "rith" siad.
→
feoigh
Na pabhsaethe a chuir mise annsin amuigh, rinne siad buinneáin idtosach, ach shlabhc siad annsin. Maran cheal uisce é. Tá siad feóite ar fad anois, ar chaoi ar bith
Is deas dóigheamhail an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Ba dual di sin 'ar ndú'. Bhí a máthair féin amhlaidh
→
dún
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rádh, agus ná bíodh aon-ghuth agad orm. Tá buinneán an ghotha ar fad dúinte le seachtain ag "fliú" nó cat mara eicínt