—
réim limistéar nó ligean.
+–
Is breá an buinneán talúna atá aige — geadán breá as a chéile; réim nó streoille fhada; limistéar fada
Is aibhéil an buinneán cladaigh atá faoi fhéin aige, agus gan mac an éin lena bhacadh — réim chladaigh
      
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Buinneán breá talúna í an stróic sin.  Nach bhfuil a cloigeann thiar ag síneadh le tórainn Sh.?
Ar ndóigh má tá a chloigeann thuas ar thórainn T. na nU., níl a fhios cén buinneán criathraigh atá ann!  Ach dheamhan mórán maitheasa cuid maith dhi — easca bhog bháite.
Is diabhaltaí an buinneán portaigh atá osclaithe aige thuas ansiúd.
buinneán in iontrálacha eile (6)
                    →
                    airde 2
                  
                  
                    Tá chuile bhuinneán de na meaingeals sin airde mo chloiginn — tá siad chomh hard liom fhéin an áit ar rith siad
                    
                    →
                    iontach 
                  
                  
                    Is iontach fada a d'fhás na meaingeals sin.  Tá siad ina mbuinneáin ó thús bliana — rinne siad loirgne nó cosa móra fada; rith siad
                    
                    →
                    feoigh 
                  
                  
                    Na pabhsaetha a chuir mise ansin amuigh, rinne siad buinneáin i dtosach ach shleabhac siad ansin. Muran cheal uisce é.  Tá siad feoite ar fad anois ar chaoi ar bith
                    Is deas dóighiúil an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi.  Ba dual di sin ar ndóigh.  Bhí a máthair féin amhlaidh
                    
                    →
                    dún 
                  
                  
                    Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rá, agus ná bíodh aon ghuth agat orm.  Tá buinneán an ghutha ar fad dúnta le seachtain ag fliú nó cat mara eicínt